Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #2304933

    Oibreoidh an tSúdáin Theas chun a plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) iarratas a dhéanamh ar an nGrúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice in aghaidh sciúradh airgid (Esaamlg), agus teagmháil a dhéanamh leo, maidir le ballraíocht, agus gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh Esaamlg nó comhlacht measúnaithe eile meastóireacht fhrithpháirteach uirthi; (2) athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Ionstraim AML/CFT (2012), le tacaíocht ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, chun Caighdeáin FATF a chomhlíonadh; (3) údarás nó údaráis a ainmniú a bheidh i gceannas ar mheasúnuithe riosca a chomhordú ar an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta; (4) teacht chun bheith ina páirtí i gCoinbhinsiún Vín 1988, i gCoinbhinsiún Palermo 2000 agus sa Choinbhinsiún um Maoiniú Sceimhlitheoireachta, 1999, agus iad a chur i bhfeidhm; (5) ba cheart d’údaráis inniúla a bheith struchtúrtha agus cumasaithe go hiomchuí chun cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme maidir le maoirseacht AML/CFT ar institiúidí airgeadais; (6) creat dlíthiúil cuimsitheach a fhorbairt chun cruinneas na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi dhaoine dlítheanacha a bhailiú agus a fhíorú; (7) AFA lánfheidhmiúil agus neamhspleách a chur chun gnímh; (8) an creat dlíthiúil institiúideach a bhunú agus a chur chun feidhme chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme i gcomhréir le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le sceimhlitheoireacht agus maoiniú leata; agus (9) tús a chur le cur chun feidhme maoirseachta/faireacháin rioscabhunaithe spriocdhírithe ar Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha atá i mbaol maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

    South Sudan will work to implement its action plan, including by: (1) applying and engaging with the Eastern & Southern Africa Anti-Money Laundering Group (ESAAMLG) for membership and committing to undergo a mutual evaluation by ESAAMLG or other assessment body; (2) conducting a comprehensive review of the AML/CFT Act (2012), with the support of international partners, including technical assistance, to comply with the FATF Standards; (3) designating an authority/authorities in charge of coordinating the national ML/TF risks assessments; (4) becoming a party to and implementing the 1988 Vienna Convention, the 2000 Palermo Convention, and the 1999 Terrorist Financing Convention; (5) competent authorities should be suitably structured and capacitated to implement a risk-based approach to AML/CFT supervision for financial institutions; (6) developing a comprehensive legal framework to collect and verify the accuracy of beneficial ownership information for legal persons; (7) operationalising a fully functioning and independent FIU; (8) establishing and implementing the legal and institutional framework to implement targeted financial sanctions in compliance with United Nations Security Council Resolutions on terrorism and proliferation financing; and (9) commencing implementation of targeted risk-based supervision/monitoring of NPOs at risk of TF abuse.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2722212

    I mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne an Tansáin gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le ESAAMLG chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In October 2022, Tanzania made a high-level political commitment to work with the FATF and ESAAMLG to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2722207

    I mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne Mósaimbíc gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ESAAMLG) chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In October 2022, Mozambique made a high-level political commitment to work with the FATF and the Eastern and Southern Africa AML Group (ESAAMLG) to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2722225

    Ba cheart don tSiombáib leanúint de bheith ag obair le ESAAMLG chun a córas AML/CFT a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil a maoirseacht ar eagraíochtaí neamhbhrabúis rioscabhunaithe agus i gcomhréir le Caighdeáin FATF.

    Zimbabwe should continue to work with ESAAMLG to improve further its AML/CFT system, including by ensuring its oversight of NPOs is risk-based and in line with the FATF Standards.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2849724

    I mí Feabhra 2023, rinne an Afraic Theas gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ESAAMLG), arb é a comhlacht réigiúnach de chineál FATF é, chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In February 2023, South Africa made a high-level political commitment to work with the FATF and the Eastern and Southern Africa AML Group (ESAAMLG), which is its FSRB, to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1219 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)