#1809865
Chun a áirithiú go mbeidh daoine aonair agus fostaithe in ann tairbhe a bhaint as margadh inmheánach atá cothrom agus éifeachtach, ba cheart don Údarás tacú leis na Ballstáit maidir le deiseanna a chur chun cinn do shoghluaisteacht an lucht saothair nó seirbhísí a sholáthar agus daoine a earcú áit ar bith laistigh den Aontas, lena n-áirítear deiseanna maidir le rochtain ar sheirbhísí soghluaisteachta trasteorann, amhail meaitseáil trasteorann a dhéanamh idir poist, tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí agus scéimeanna soghluaisteachta amhail “Do chéad phost EURES” nó “ErasmusPRO”.
To ensure that individuals and employers are able to reap the benefits of a fair and effective internal market, the Authority should support Member States in promoting opportunities for labour mobility or the provision of services and recruitment anywhere within the Union, including opportunities for access to cross-border mobility services, such as the cross-border matching of jobs, traineeships and apprenticeships and mobility schemes such as ‘Your first EURES job’ or ErasmusPRO.