#3221674
De bharr méaduithe domhanda in astaíochtaí hidreafluaracarbón, chinn na Páirtithe i bPrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin 1987 (‘an Prótacal’) in 2016 faoi Leasú Kigali ar an bPrótacal (‘Leasú Kigali’), a formheasadh thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2017/1541 ón gComhairle, chun céimniú síos hidreafluaracarbón a chur chun feidhme a laghdóidh táirgeacht agus tomhaltas hidreafluaracarbón faoi níos mó ná 80 % sna 30 bliain atá amach romhainn.
Due to global increases in HFC emissions, Parties to the 1987 Montreal Protocol on Substances that Deplete the Ozone Layer (the ‘Protocol’) decided in 2016, under the Kigali Amendment to the Protocol (the ‘Kigali Amendment’), which was approved on behalf of the Union by Council Decision (EU) 2017/1541, to implement an HFC phase-down that is to reduce HFC production and consumption by more than 80 % over the next 30 years.