Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh i ndoiciméad amháin

  1. #1701614

    Is é a fheidhmeoidh agus a chomhlíonfaidh na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna a d'fheidhmíodh agus a chomhlíonadh an Marascal Aimiréalachta cibé oifigeach don Ard-Chúirt a bheidh ag fónamh sa Phríomh-Oifig (ar a dtabharfar "an Marascal Aimiréalachta") agus a ordóidh an t-oifigeach ag a mbeidh bainistiú na hoifige sin, ó thráth go chéile, agus déanfar an abairt "Marascal Aimiréalachta" a fhorléiriú dá réir sin.

    The powers, authorities, duties and functions formerly exercised and performed by the Admiralty Marshal shall be exercised and performed by such officer of the High Court serving in the Central Office (to be described as "the Admiralty Marshal") as the officer having the management of that office shall from time to time direct, and the expression "Admiralty Marshal" shall be construed accordingly.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  2. #1701532

    I gcaingne aimiréalachta in rem is é an Marascal Aimiréalachta nó a ionadaithe a sheirbheálfaidh an barántas gabhála, agus déanfar an barántas a chomhdú sa Phríomh-Oifig tar éis é a sheirbheáil.

    In admiralty actions in rem the warrant of arrest shall be served by the Admiralty Marshal or his substitutes, and the warrant shall, after service thereof, be filed in the Central Office.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  3. #1705452

    Iarraimse, X.Y., aturnae thar ceann an , go ndéanfaidh an Marascal Aimiréalachta an [abair cad é an cineál ionstraime é] atá á thaisceadh leis seo a sheirbheáil go cuí.

    I, X.Y., solicitor for the pray that the [state nature of instrument] lodged herewith be duly served by the Admiralty Marshal.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  4. #1701602

    Is é an Marascal Aimiréalachta nó a ionadaithe a fhorghníomhóidh gach coimisiún chun maoin in imeachtaí aimiréalachta a mheas nó a dhíol, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt; agus déanfaidh páirtí, nó a aturnae, a mbeidh coimisiún den sórt sin á thógáil amach aige, gealltanas a chomhdú go n-íocfaidh sé táillí agus caiteachais an Mharascail, má éilítear sin.

    Every commission for the appraisement or sale of property in admiralty proceedings shall, unless the Judge shall otherwise direct, be executed by the Admiralty Marshal or his substitutes; and a party or his solicitor taking out such a commission shall file an undertaking to pay the fees and expenses of the Marshal, if demanded.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  5. #1701603

    Déanfaidh an Marascal Aimiréalachta na fáltais chomhlána as díol aon mhaoine a bheidh díolta aige a íoc isteach sa Chúirt láithreach agus, ar an díol a bheith críochnaithe, déanfaidh sé an cuntas díola, mar aon le deimhnithe mar thaca leis sin, a thabhairt isteach sa Phríomh-Oifig lena fhómhas ag an Máistir.

    The Admiralty Marshal shall forthwith pay into Court the gross proceeds of sale of any property which shall have been sold by him and shall at the conclusion of the sale bring into the Central Office the account of sale with vouchers in support thereof for taxation by the Master.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  6. #1701604

    Féadfar aon duine a mbeidh leas aige i bhfáltais díola a éisteacht os comhair an Mháistir nuair a bheidh an cuntas caiteachas ón Marascal Aimiréalachta á fhómhas, agus éistfear agóid in aghaidh an fhómhais sa tslí chéanna le hagóid in aghaidh an fhómhais ar bhille costas aturnae.

    Any person interested in the proceeds of sale may be heard before the Master on the taxation of the Admiralty Marshal's account of expenses, and an objection to the taxation shall be heard in the same manner as an objection to the taxation of a solicitor's bill of costs.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  7. #1701613

    Déanfar seirbheáil aon ionstraime ag an Marascal Aimiréalachta a fhíorú le deimhniú uaidh. Mura ndéanfar amhlaidh, is le mionnscríbhinn a dhéanfar seirbheáil aon ionstraime a fhíorú.

    The service of any instrument by the Admiralty Marshal shall be verified by his certificate. Otherwise, the service of any instrument shall be verified by an affidavit.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  8. #1705408

    Iarraimse, X.Y., aturnae thar ceann an ghearánaí, go ndéanfaí an barántas a thaisctear leis seo a fhorghníomhú trí ghabháil a dhéanamh ar an árthach atá anois ar fuireach i agus ar an lasta atá anois, nó a bhí le gairid, luchtaithe inti, maille leis an last-táille atá dlite as an lasta sin a iompar, agus geallaim leis seo an Marascal Aimiréalachta a shlánú i leith na muirear agus na gcaiteachas uile a thabhófar ina thaobh sin, nó aon éilimh a dhéanfar air i ndáil leis an ngabháil nó leis an gcoinneáil sin.

    I, X.Y., solicitor for the plaintiff, pray that the warrant lodged herewith be executed by the arrest of the vessel now lying at and of the cargo now or lately laden therein, together with the freight due for the transportation thereof, and hereby undertake to indemnify the Admiralty Marshal in respect of all charges and expenses that may be incurred incidental thereto, or any claim made against him in connection with such arrest or detention.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  9. #1705410

    Iarraimse, X.Y., freisin go gcuirfí treoracha ar aghaidh le teileagraf chuig ionadaí an Mharascail Aimiréalachta i á éileamh an t-árthach sin agus an lasta atá anois, nó a bhí le gairid, luchtaithe inti a ghabháil láithreach, maille leis an last-táille atá dlite as an lasta sin a iompar, in oirchill an barántas a theacht, agus geallaim leis seo an Marascal Aimiréalachta a shlánú i leith na muirear agus na gcaiteachas uile a thabhófar de dhroim na dtreoracha sin.

    I, X.Y., also pray that instructions be forwarded by telegraph to the Admiralty Marshal's substitute at requiring the immediate arrest of the said vessel and of the cargo now or lately laden therein, together with the freight due for the transportation thereof, in anticipation of the arrival of the warrant, and hereby undertake to indemnify the Admiralty Marshal in respect of all charges and expenses that may be incurred in consequence of such instructions.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna