Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh i ndoiciméad amháin

  1. #2835582

    Ar bhonn na faisnéise a sholáthair AAC/RDC agus an fhógra ó ICAO maidir le dhá SSC, tá forchoimeádais a bhfuil bonn cirt leo ag an gCoimisiún maidir le cumas AAC/RDC a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí na n-aeriompróirí atá deimhnithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha.

    On the basis of the information provided by AAC/RDC and the notification of two SSC by ICAO, the Commission has justified reservations about AAC/RDC's capacity to ensure that operations by air carriers certified in the Democratic Republic of the Congo are conducted in accordance with the relevant international safety standards.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2835576

    Arna iarraidh sin do Autorité de l’Aviation Civile Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (AAC/RDC), tionóladh cruinniú teicniúil an 19 Aibreán 2023.

    Upon request from the Autorité de l’Aviation Civile of the Democratic Republic of the Congo (‘AAC/RDC’) a technical meeting took place on 19 April 2023.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2835585

    An 8 Bealtaine 2023 sholáthair AAC/RDC fianaise don Choimisiún nach bhfuil AOC bailí ag an aeriompróir MWANT JET a thuilleadh.

    On 8 May 2023, AAC/RDC provided the Commission with evidence that the air carrier MWANT JET no longer holds a valid AOC.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2835577

    Le linn an chruinnithe theicniúil sin, rinne AAC/RDC cur i láthair cuimsitheach maidir lena eagraíocht agus lena fheidhmeanna mar aon leis na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar an maoirseacht sábháilteachta i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

    During that technical meeting AAC/RDC provided a comprehensive presentation of its organisation and functions, and the measures taken to improve the safety oversight in the Democratic Republic of the Congo.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2835578

    Ina theannta sin, chuir AAC/RDC an Coimisiún ar an eolas maidir le réamhthorthaí chuairt Chlár Iniúchta Uilíoch ICAO maidir le Maoirseacht Sábháilteachta (USOAP) a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2022 agus i mí Feabhra 2023.

    AAC/RDC also informed the Commission about the preliminary results of the ICAO’s Universal Safety Oversight Audit Programme (‘USOAP’) visit which was conducted in September 2022 and in February 2023.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #2835579

    Ba léir ón gcruinniú gur gá fós do AAC/RDC tuilleadh soiléirithe agus fianaise a sholáthar don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí agus bearta áirithe a rinneadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le deimhniú na n-aeriompróirí atá ag gabháil don aeriompar tráchtála agus le hathnuachan bhailíocht na AOCanna.

    The meeting showed that AAC/RDC still needs to provide the Commission with further clarifications and evidence regarding certain actions and measures taken, in particular as regards the certification of air carriers engaged in commercial air transport and the renewal of the validity of AOCs.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2835580

    Le linn an chruinnithe theicniúil sin, chuir AAC/RDC an Coimisiún ar an eolas gur deimhníodh na haeriompróirí AB BUSINESS, AIR KASAI, GOMA EXPRESS, agus TRACEP CONGO AVIATION ón uair dheireanach a thug sé scéala don Choimisiún an 6 agus an 13 Bealtaine 2020.

    During that technical meeting, AAC/RDC informed the Commission that the air carriers AB BUSINESS, AIR KASAI, GOMA EXPRESS, and TRACEP CONGO AVIATION have been certified since the last update it provided to the Commission on 6 and 13 May 2020.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2835583

    I ngeall air sin, tionólfar tuilleadh cruinnithe teicniúla chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn AAC/RDC maidir lena áirithiú go gcomhlíonann a chóras maoirseachta sábháilteachta eitlíochta na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha.

    As a consequence, further technical meetings will take place to monitor the progress of AAC/RDC in ensuring that its aviation safety oversight system complies with the relevant international safety standards.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1111 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann leis an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2835584

    Ós rud é nach bhfuil léirithe ag AAC/RDC go bhfuil cumas leordhóthanach aige na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, ní ráthaítear le heisiúint AOC do na haeriompróirí AB BUSINESS, AIR KASAI, GOMA EXPRESS, agus TRACEP CONGO AVIATION comhlíonadh leordhóthanach na gcaighdeán sin, agus dá bhrí sin ba cheart na haeriompróirí sin a chur le hIarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

    Since AAC/RDC has not demonstrated a sufficient ability to implement and enforce the relevant international safety standards, the issuance of an AOC to the air carriers AB BUSINESS, AIR KASAI, GOMA EXPRESS, and TRACEP CONGO AVIATION does not guarantee sufficient compliance with such standards, and therefore these air carriers should be added in Annex A to Regulation (EC) No 474/2006.