#2179536
Ina theannta sin, luadh sa ghearán go ndearna Roinn Tráchtála Stáit Aontaithe Mheiriceá imscrúdú ar dhá chuideachta Shíneacha (CS Wind agus Titan Wind), lenar sainaithníodh na beartais phoiblí seo a leanas ar a laghad a théann chun tairbhe don earnáil táirgeachta go díreach: Beartas um Iasachtú don Tionscal Fuinnimh In-athnuaite, Creidmheasanna Ceannaitheora Onnmhairiúcháin, An Clár “Dhá Bhliain Saor ó Cháin Ioncaim, Trí Bliana ar Leathcháin Ioncaim” le haghaidh Fiontair ina bhfuil Infheistíocht Eachtrach, Sochair Cánach Ioncaim d’Fhiontair ina bhfuil Infheistíocht Eachtrach Bunaithe ar Shuíomh Geografach, Clár Taighde agus Forbartha um an Dlí maidir le Cáin Ioncaim Fiontair, Lacáistí Taraife ar Allmhairí agus Díolúintí ó CBL le haghaidh Úsáid Trealaimh a Allmhairithe, Soláthar Cruach Teo-Rollta, Soláthar Leictreachais ar Íocaíocht Neamh-Leordhóthanach, Cistí Tacaíochta arna Soláthar ag Coimisiún Riaracháin Chrios Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta Lianyungang (“LETDZ”) chun Bonneagar Tionscadail a Thógáil, an Dámhachtain as Dea-Fheidhmíocht san Íoc Cánach, Dámhachtain ar Chathair Taicang chun Tacú le Liostú Poiblí Fiontar, Dámhachtainí ar Chathair Taicang chun Forbairt Geilleagair Thionsclaíoch a Chur Chun Cinn don Tréimhse Trí Bliana ó 2010 go 2012, Cistí Speisialta le haghaidh Forbairt Eolaíochta agus Teicneolaíochta, agus an Dámhachtain ar Titan Baotou as Tionscadail Tógála den Scoth sa Chrios Forbartha Tionsclaíche um Ardteicneolaíocht agus Nuatheicneolaíocht maidir le Miotail Tearc-Chré.
Additionally, the complaint mentioned the investigation of the US Department of Commerce into two Chinese Companies (CS Wind and Titan Wind), which identified at least the following public policies in direct benefit of the production sector: Policy Lending to the Renewable Energy Industry, Export Buyer’s Credits, Two Free, Three Half Program for Foreign Invested Enterprises, Income Tax Benefits for Foreign Invested Enterprises Based on Geographic Location, Enterprise Income Tax Law, Research and Development Program, Import Tariff and VAT Exemptions for Use of Imported Equipment, Provision of Hot-Rolled Steel, Provision of Electricity for LTAR, Support Funds for Construction of Project Infrastructure Provided by Administration Commission of Lianyungang Economic and Technological Development Zone (‘LETDZ’), the Award for Good Performance in Paying Taxes, Award for Taicang City to Support Public Listing of Enterprises, Awards for Taicang City to Promote Development of Industrial Economy for the Three-year Period of 2010 to 2012, Special Funds for Development of Science and Technology, and the Award to Titan Baotou for Rare Earth High and New Technology Industrial Development Zone for Excellent Construction Projects.