Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #2110269

    In Airteagal 3(2) UNCRC agus in Airteagal 24(1) den Chairt, tagraítear freisin don cheart atá ag leanaí chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail.

    Article 3(2) UNCRC and Article 24(1) of the Charter furthermore evoke the right of children to such protection and care as is necessary for their well-being.

    Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2110268

    Le hAirteagal 3(1) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989 (UNCRC) agus le hAirteagal 24(2) den Chairt, foráiltear nach mór leas an linbh a bheith ina phríomhthosaíocht i ngach gníomhaíocht a bhaineann le leanaí a dhéanann údaráis phoiblí nó a dhéanann institiúidí príobháideacha.

    Article 3(1) of the 1989 United Nations Convention on the Rights of the Child (UNCRC) and Article 24(2) of the Charter provide that, in all actions relating to children, whether taken by public authorities or private institutions, the child’s best interests must be a primary consideration.

    Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2110271

    Is sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus cearta bunúsacha iad mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, go háirithe ar chearta leanaí a bheith cosanta ar gach cineál foréigin, mí-úsáide agus faillí, drochíde nó teacht i dtír, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach, dá bhforáiltear le UNCRC agus leis an gCairt.

    Sexual abuse and sexual exploitation of children constitute serious violations of human and fundamental rights, in particular of the rights of children to be protected from all forms of violence, abuse and neglect, maltreatment or exploitation, including sexual abuse, as provided for by the UNCRC and by the Charter.

    Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2202401

    I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (a léirmhíníodh tuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC a mhéid a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach), ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail.

    In addition to those rights, it is important to highlight that children have specific rights as enshrined in Article 24 of the EU Charter and in the United Nations Convention on the Rights of the Child (further elaborated in the UNCRC General Comment No. 25 as regards the digital environment), both of which require consideration of the children’s vulnerabilities and provision of such protection and care as necessary for their well-being.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS

  5. #2691349

    Ina theannta sin, tá ionstraimí eile ann lena ndírítear ar shainghrúpaí daoine a bhfuil a saoirse bainte díobh, go háirithe: ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, Rialacha na Náisiún Aontaithe chun ógánaigh a bhfuil a saoirse bainte díobh a chosaint agus Rialacha na Náisiún Aontaithe maidir le mná atá ina bpríosúnaigh a chóireáil agus bearta neamhchoimeádta do mhná atá ina gciontóirí (Rialacha Bangkok); coinbhinsiún Náisiúnta na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC); chomh maith, ar leibhéal Chomhairle na hEorpa, Moladh CM/Rec(2008)11 maidir leis na Rialacha Eorpacha le haghaidh ógchiontóirí faoi réir smachtbhannaí nó bearta; agus an Moladh CM/Rec(2018)5 maidir le leanaí le tuismitheoirí i bpríosún; Moladh CM/Rec (2012)12 maidir le príosúnaigh choigríche; chomh maith, ar leibhéal idirnáisiúnta neamhrialtasach, leis na Prionsabail maidir le cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine i ndáil le gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne (Prionsabail Yogyakarta), arna bhforbairt ag Coimisiún Idirnáisiúnta na nDlíodóirí agus an tSeirbhís Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

    In addition other instruments exist that target specific groups of persons deprived of liberty, in particular: at the United Nations level, the United Nations Rules for the protection of juveniles deprived of their liberty and the United Nations Rules for the treatment of women prisoners and non-custodial measures for women offenders (Bangkok Rules); the United National Convention on the Rights of the Child (UNCRC); as well as, at the Council of Europe level, Recommendation CM/Rec(2008)11 on the European Rules for juvenile offenders subject to sanctions or measures; and the Recommendation CM/Rec(2018)5 concerning children with imprisoned parents; Recommendation CM/Rec (2012)12 concerning foreign prisoners; as well as, at an international non-governmental level, the Principles on the application of international human rights law in relation to sexual orientation and gender identity (Yogyakarta Principles), developed by the International Commission of Jurists and the International Service for Human Rights.

    Moladh (AE) 2023/681 ón gCoimisiún an 8. Nollaig 2022 maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach agus maidir le coinníollacha coinneála ábhartha