#752781
Is cuid dhílis de dhlíchóras an Aontais iad forálacha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, ar comhaontuithe iad arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, go háirithe an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil atá i gceangal mar Iarscríbhinn 1C a ghabhann le Comhaontú an 15 Aibreán 1994 lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, Conradh WIPO um Chóipcheart an 20 Nollaig 1996, agus Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim an 20 Nollaig 1996, arna leasú.
The provisions of international agreements in the area of copyright and related rights concluded by the Union in particular the Agreement on Trade-Related Aspects of Intellectual Property Rights annexed as Annex 1C to the Agreement establishing the World Trade Organization of 15 April 1994, the WIPO Copyright Treaty of 20 December 1996, and the WIPO Performances and Phonograms Treaty of 20 December 1996, as amended, form an integral part of the Union legal order.