#2128098
Leis na cláir sin, ba cheart rannchuidiú tuilleadh le hard-infheictheacht an chúnaimh san Aontas agus sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, ba cheart, leis an gcúnamh faoin Rialachán seo, feabhas a chur ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus rialachas eacnamaíoch na dtairbhithe, lánpháirtíocht eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais a chothú, lena n-áirítear comhar custaim, trádáil oscailte agus chóir lena dtugtar buntaca do chlár oibre maidir leis an bhfás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bheartais um fhorbairt agus comhtháthú réigiúnach, beartais um an talmhaíocht agus um fhorbairt tuaithe, beartais shóisialta agus fostaíochta, lena n-áirítear soghluaisteacht saothair, agus forbairt an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití, a chur chun feidhme, agus borradh a chur faoin taighde agus an nuálaíocht, i gcomhthéacs an tionscnaimh shuaitheanta ó 2018 dar teideal “Digital Agenda for the Western Balkans” [Clár Oibre Digiteach do na Balcáin Thiar].
Those programmes should further contribute to the high visibility of assistance in the Union and in the beneficiaries listed in Annex I. Assistance under this Regulation should also enhance beneficiaries’ economic and social development and economic governance, foster economic integration with the Union single market, including customs cooperation, promote open and fair trade that underpins a smart, sustainable and inclusive growth agenda, including through the implementation of regional development and cohesion policies, agriculture and rural development policies, social and employment policies, including labour mobility, the development of the digital economy and society, and boost research and innovation, also in the context of the 2018 flagship initiative Digital Agenda for the Western Balkans.