#1817467
Chun Treoir 2009/81/CE a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, eacnamaíocha agus rialála, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid tairsí a leasú le haghaidh conarthaí d’fhonn iad a chur i gcomhréir leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun na tagairtí don Stór Focal Coiteann don Soláthar Poiblí (ainmníocht CPV) a leasú, agus chun uimhreacha tagartha áirithe in ainmníocht CPV agus na nósanna imeachta tagartha i bhfógraí a ghabhann le ceannteidil áirithe in ainmníocht CPV a leasú.
In order to adapt Directive 2009/81/EC to rapid technical, economic and regulatory developments, the power to adopt acts in accordance with Article 290 TFEU should be delegated to the Commission to amend the threshold amounts for contracts in order to align them to those laid down in Directive 2014/25/EU of the European Parliament and of the Council, to amend the references to the Common Procurement Vocabulary (CPV nomenclature) and to amend certain reference numbers in the CPV nomenclature and the procedures for reference in notices to certain headings in the CPV nomenclature.