Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

12 toradh in 4 dhoiciméad

  1. #1598189

    An Bord Iniúchóireachta

    Audit Board

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  2. #3237137

    An Bord Iniúchóireachta

    Audit Board

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  3. #3237142

    Feidhmeoidh an Bord Iniúchóireachta a fheidhmeanna ar bhealach iomlán oibiachtúil agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis na dea-chleachtais agus na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme.

    The Audit Board shall exercise its functions in complete objectivity and operate in compliance with best applicable international practices and standards.

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  4. #3237144

    Áiritheoidh an Bord Iniúchóireachta go mbeidh idirphlé agus comhar rialta ann le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hÚcráine agus institiúidí eile, de réir mar is ábhartha.

    The Audit Board shall ensure regular dialogue and cooperation with the European Court of Auditors, as well as with the Accounting Chamber of Ukraine and other institutions, as relevant.

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  5. #300978

    7. I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 6, éascóidh an Bord Iniúchóireachta dúnadh críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le haon díospóid laistigh de shé mhí tar éis na míosa ar tarchuireadh an t-ábhar dó.

    7. The Audit Board shall facilitate the final closing of accounts in cases where a settlement cannot be reached within the period set out in paragraph 6, and, upon a reasoned request by one of the parties, shall give its opinion on a dispute within six months following the month in which the matter was referred to it.

    Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme

  6. #300990

    Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagann an Bord Iniúchóireachta síos, fógra a thabhairt don Bhord sin faoi mhéid na n-éileamh a dhéantar, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh creidmheasach) agus faoi mhéid na n-éileamh a fhaightear, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh fiachach).

    To this end, the liaison bodies shall notify the Audit Board, by the deadlines and according to the procedures laid down by the latter, of the amount of the claims introduced, settled or contested (creditor position) and the amount of claims received, settled or contested (debtor position).

  7. #1830327

    I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 6, éascóidh an Bord Iniúchóireachta dúnadh críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le haon díospóid laistigh de shé mhí tar éis na míosa ar tarchuireadh an t-ábhar dó.

    The Audit Board shall facilitate the final closing of accounts in cases where a settlement cannot be reached within the period set out in paragraph 6, and, upon a reasoned request by one of the parties, shall give its opinion on a dispute within six months following the month in which the matter was referred to it.

    NoDG-2009-02009R0987_EN-GA-DWN

  8. #1830334

    Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagann an Bord Iniúchóireachta síos, fógra a thabhairt don Bhord sin faoi mhéid na n-éileamh a dhéantar, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh creidmheasach) agus faoi mhéid na n-éileamh a fhaightear, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh fiachach).

    To this end, the liaison bodies shall notify the Audit Board, by the deadlines and according to the procedures laid down by the latter, of the amount of the claims introduced, settled or contested (creditor position) and the amount of claims received, settled or contested (debtor position).

    NoDG-2009-02009R0987_EN-GA-DWN

  9. #3237145

    Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní iarrfaidh an Bord Iniúchóireachta, a chomhaltaí ná a fhoireann treoir ná ní ghlacfaidh siad treoir ó rialtas na hÚcráine ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht.

    In carrying out their duties, the Audit Board, its members and its staff shall neither seek nor take instructions from the Ukrainian government or any institution, body, office or agency.

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  10. #3237147

    Tabharfaidh an Bord Iniúchóireachta cúnamh don Choimisiún míbhainistiú chistiú an Aontais faoin tSaoráid a chomhrac, go háirithe, calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí arna dtabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.

    The Audit Board shall assist the Commission in fighting mismanagement of Union funding under the Facility and, in particular fraud, corruption, conflicts of interest and irregularities incurred in relation to any amount spent to achieve the objectives of the Facility.

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  11. #3237148

    Chun na críche sin, tuairisceoidh an Bord Iniúchóireachta go tráthrialta don Choimisiún, agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún gan mhoill aon fhaisnéis a fhaigheann sé nó a chuirtear in iúl dó maidir le haon chás sainaitheanta, nó ábhair imní thromchúiseach maidir le míbhainistiú cistiúcháin phoiblí arna thabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.

    For that purpose, the Audit Board shall regularly report to the Commission, and transmit to the Commission without delay any information it obtains or is made aware of, on any identified cases of, or serious concerns in relation to, mismanagement of public funding incurred in relation with any amount spent to achieve the objectives of the Facility.

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  12. #3237150

    Ina theannta sin, glacfaidh an Bord Iniúchóireachta moltaí don Úcráin maidir le gach cás nach ndearna údaráis inniúla na hÚcráine, dar leis, na bearta is gá chun an méid seo a leanas a chosc, a bhrath agus a cheartú: calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí a raibh tionchar acu nó a raibh riosca láidir ann go mbeadh tionchar acu ar bhainistiú fónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, agus maidir le gach cás ina n-aimsíonn sé laigí i ndearadh agus i bhfeidhmiú an chórais rialaithe a chuir údaráis na hÚcráine i bhfeidhm.

    In addition, the Audit Board shall adopt recommendations to Ukraine on all cases where in its views competent Ukrainian authorities have not taken the necessary steps to prevent, detect and correct fraud, corruption, conflicts of interest and irregularities that have affected or seriously risk affecting the sound financial management of the expenditure financed under the Facility and in all cases where it identifies weaknesses affecting the design and functioning of the control system put in place by Ukrainian authorities.

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin