#2677975
Faoi réir na ndifríochtaí idir reachtaíocht an Aontais agus na forálacha sa Chéad Eagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta — An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta, lena mbunaítear na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint Comhshaoil le haghaidh CORSIA (SARPanna CORSIA), agus ar tugadh fógra ina leith do ICAO tar éis Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle a ghlacadh, agus faoi réir an bhealaigh ina leasaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle reachtaíocht an Aontais, tá sé beartaithe ag an Aontas CORSIA a chur chun feidhme trí Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Subject to the differences between Union legislation and the provisions in the First Edition of Annex 16, Volume IV, to the Convention on International Civil Aviation – Carbon Offsetting and Reduction Scheme for International Aviation, establishing the International Standards and Recommended Practices on Environmental Protection for CORSIA (CORSIA SARPs), and which were notified to ICAO following the adoption of Council Decision (EU) 2018/2027, and subject to the manner in which the European Parliament and the Council amend Union legislation, the Union intends to implement CORSIA through Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council.