Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1907560

    Sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2016 i ndáil leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (EUGS), dúirt an Chomhairle gurb ionann EUGS agus creat an Aontais don pháirteachas seachtrach aontaithe freagrach le páirtithe eile ar mhaithe le luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn a mhéid a bhaineann leis an tslándáil, an daonlathas, an rathúnas agus ord domhanda riailbhunaithe, lena n-áirítear cearta an duine agus an smacht reachta.

    The Council stated in its conclusions of 17 October 2016 on the Global Strategy on the European Union’s Foreign and Security Policy (EUGS) that the EUGS represents the Union’s framework for united and responsible external engagement in partnership with others, to advance its values and interests in security, democracy, prosperity and a rules-based global order, including human rights and the rule of law.

    Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528

  2. #2071891

    Ba cheart cur chun feidhme na hIonstraime a threorú leis na cúig phrionsabal a bhunaítear leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (Meitheamh 2016) (“an Straitéis Dhomhanda”), a d'fhormhuinigh an Chomhairle sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2016, arb ionann í agus fís an Aontais agus creat le haghaidh caidreamh seachtrach a bheidh aontaithe agus freagrach i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile, chun a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn.

    The implementation of the Instrument should be guided by the five priorities established in the Global Strategy for the European Union’s Foreign and Security Policy (June 2016) (the ‘Global Strategy’) endorsed by the Council in its conclusions of 17 October 2016, which represents the Union’s vision and framework for united and responsible external engagement in partnership with others, to advance its values and interests.

    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2073371

    Chun an creat idirnáisiúnta nua a bhunaítear le Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir leis an bhForbairt a chur chun feidhme, féachtar le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle comhleanúnachas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhéadú agus éifeachtacht na gníomhaíochta sin a áirithiú trína iarrachtaí a dhíriú trí ionstraim chuíchóirithe chun cur chun feidhme bheartais dhifriúla na gníomhaíochta seachtraí a fheabhsú.

    In order to implement the new international framework established by the United Nations 2030 Agenda for Sustainable Development, the Global Strategy for the European Union’s Foreign and Security Policy, and the European Consensus on Development, Regulation (EU) 2021/947 of the European Parliament and of the Council aims to increase the coherence and ensure the effectiveness of the Union’s external action by concentrating its efforts through a streamlined instrument to improve the implementation of the different external action policies.

    Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014

  4. #2421435

    D’fhonn an “Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh” a chur chun feidhme, agus Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón dar teideal “Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint”, agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “An Intleacht Shaorga don Eoraip” á cur san áireamh, tacóidh an tAontas le cur chun feidhme tionscadail “Scód a ligean leis an Nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta”.

    With a view to the implementation of the ‘Global Strategy for the European Union’s Foreign and Security Policy’, and taking into account the Union’s Strategy against illicit firearms, small arms and light weapons and their ammunition entitled ‘Securing Arms, Protecting Citizens’ as well as the Commission’s Communication entitled ‘Artificial Intelligence for Europe’, the Union shall support the implementation of a project ‘Unlocking Innovation: Enabling Technologies and International Security’.

    Cinneadh (CBES) 2022/2320 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir le tacaíocht ón Aontas do chur chun feidhme tionscadail “Scód a ligean leis an Nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta”