#2202077
Thairis sin, tá dlúthbhaint ag cur chun cinn na nuálaíochta atá dírithe ar an intleacht shaorga leis an nGníomh um Rialachas Sonraí, an Treoir maidir le Sonraí Oscailte agus tionscnaimh eile faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le sonraí, faoina mbunófar sásraí agus seirbhísí iontaofa i ndáil le sonraí a athúsáid, a chomhroinnt agus a chomhthiomsú, rud atá fíor-riachtanach chun samhlacha intleachta saorga a fhorbairt atá bunaithe ar shonraí agus atá ar ardcháilíocht.
Furthermore, the promotion of AI-driven innovation is closely linked to the Data Governance Act, the Open Data Directive and other initiatives under the EU strategy for data, which will establish trusted mechanisms and services for the re-use, sharing and pooling of data that are essential for the development of data-driven AI models of high quality.