Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #601893

    Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe urraim do dhínit an duine, an ceart chun na beatha, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, an ceart chun tearmainn agus chun cosanta i gcás ina dtarlaíonn aistriú nó díbirt, non-refoulement, an neamh-idirdhealú agus cearta an linbh.

    This Regulation respects the fundamental rights and observes the principles recognised by Articles 2 and 6 of the Treaty on European Union (TEU) and by the Charter of Fundamental Rights of the European Union, in particular respect for human dignity, the right to life, the prohibition of torture and inhuman or degrading treatment or punishment, the prohibition of trafficking in human beings, the right to liberty and security, the right to the protection of personal data, the right of access to documents, the right to asylum and to protection against removal and expulsion, non-refoulement, non-discrimination and the rights of the child.

    Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

  2. #1759312

    Tá cuspóirí an togra comhsheasmhach leis na cearta bunúsacha faoi mar atá siad leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 2 (an ceart chun na beatha) agus Airteagal 31 (an ceart chun dálaí oibre atá ceart agus cóir a bheith aige/aici ina léirítear meas ar shláinte, sábháilteacht agus dínit an duine).

    The objectives of the proposal are consistent with the fundamental rights as set out in the EU Charter of Fundamental Rights, in particular Article 2 (Right to life) and Article 31 (Right to fair and just working conditions which respect his/her health, safety and dignity).

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2004/37/CE ar chosaint oibrithe ó na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  3. #1779824

    Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun na beatha agus an ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa dá bhforáiltear in Airteagail 2 agus 31 de faoi seach.

    This Directive respects fundamental rights and observes the principles recognised in the Charter of Fundamental Rights of the European Union, in particular the right to life and the right to fair and just working conditions provided for, respectively, in Articles 2 and 31 thereof.

    Treoir (AE) 2019/983 Ó Pharlaimint na hEorpa Agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  4. #1819116

    Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagail 2 agus 6 CAE agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe urraim do dhínit an duine, an ceart chun na beatha, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, an ceart chun tearmainn agus chun cosanta i gcás ina dtarlaíonn aistriú nó díbirt, non-refoulement, an neamh-idirdhealú agus cearta an linbh.

    This Regulation respects the fundamental rights and observes the principles recognised by Articles 2 and 6 TEU and by the Charter of Fundamental Rights of the European Union (‘the Charter’), in particular respect for human dignity, the right to life, the prohibition of torture and inhuman or degrading treatment or punishment, the prohibition of trafficking in human beings, the right to liberty and security, the right to the protection of personal data, the right of access to documents, the right to asylum and to protection against removal and expulsion, non-refoulement, non-discrimination and the rights of the child.

    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624

  5. #2565488

    Tá an t-athrú aeráide ina bhagairt maidir le leas iomlán a bhaint as raon de chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun na beatha, chun uisce agus chun sláintíochta, chun bia, sláinte agus tithíochta, chun féinchinntiúcháin, cultúir agus forbartha.

    Climate change threatens the effective enjoyment of a range of human rights including those to life, water and sanitation, food, health, housing, self-determination, culture and development.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2299 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an struchtúr, an fhormáid, na sonraí teicniúla agus an próiseas le haghaidh na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn