#562043
Déanfar an socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a aistarraingt go sealadach, maidir le gach táirge nó maidir le táirgí áirithe de thionscnamh tíre is tairbhí de GSP+, más rud é, sa chleachtas, nach n-urramaíonn an tír sin a gealltanais cheangailteacha amhail dá dtagraítear i bpointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 9(1), nó go bhfuil forchoimeádas leagtha amach ag an tír is tairbhí de GSP+ atá toirmiscthe le haon cheann de na coinbhinsiúin ábhartha nó nach mbeadh comhoiriúnach le haidhm agus cuspóir an choinbhinsiúin sin de réir mar a shuitear amhlaidh i bpointe (c) d’Airteagal 9(1).
The special incentive arrangement for sustainable development and good governance shall be withdrawn temporarily, in respect of all or of certain products originating in a GSP+ beneficiary country, where in practice that country does not respect its binding undertakings as referred to in points (d), (e) and (f) of Article 9(1), or the GSP+ beneficiary country has formulated a reservation which is prohibited by any of the relevant conventions or which is incompatible with the object and purpose of that convention as established in point (c) of Article 9(1).