#2628510
á mheabhrú gur chuir OLAF imscrúdú ar bun in 2019 faoi líomhaintí maidir le ciapadh, mí-iompar agus brú siar imirceach a raibh baint ag an nGníomhaireacht leo, agus go raibh neamhrialtachtaí ann; ag tabhairt dá haire gur dhún OLAF an chéad chuid dá imscrúdú ar láimhseáil teagmhas um chearta bunúsacha an 15 Feabhra 2022 le moladh araíonachta agus go ndearnadh an toradh a bhí air a thíolacadh d’Fheisirí den Choiste um Rialú Buiséadach agus um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile go páirteach an 28 Feabhra 2022; ag tabhairt dá haire, áfach, nár cuireadh an tuarascáil ar fáil i scríbhinn do na Feisirí go fóill, ná nach bhfuil fianaise eile i scríbhinn curtha ar fáil maidir le torthaí an imscrúdaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtagraíonn an t-imscrúdú sin do líomhaintí i ndáil le dualgais ghairmiúla a fheidhmiú agus neamhchomhlíonadh na rialacha atá i bhfeidhm agus gur cuireadh an tuarascáil chuig bord bainistíochta na Gníomhaireachta faoi nós imeachta seomra léitheoireachta daingean; á iarraidh ar OLAF agus ar an gCoimisiún a chinntiú go roinnfear an tuarascáil imscrúdaithe iomlán leis an údarás um urscaoileadh agus leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile a luaithe is féidir, agus urraim iomlán á tabhairt do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 agus na gceanglas dlíthiúil uile maidir le cosaint sonraí íogaire agus maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann, amhail rochtain ar fhaisnéis maidir leis na líomhaintí, ullmhú a gcosanta, agus am leordhóthanach chun freagairt;
Recalls that OLAF opened an investigation in 2019 over allegations of harassment, misconduct and migrant pushbacks involving the Agency, pinpointing irregularities; notes that OLAF closed the first part of its investigation into the handling of fundamental rights incidents on 15 February 2022 with a disciplinary recommendation and that its outcome was partially presented to the Members of Parliament’s Committees on Budgetary Control and on Civil Liberties, Justice and Home Affairs on 28 February 2022; notes, however, that the report has not yet been provided in writing to the Members, nor has other written evidence of the outcomes of the investigation been provided; notes with concern that this investigation refers to allegations in relation to the exercise of professional duties and non-compliance with the rules in place and that the report has been sent to the Agency’s management board under a secure reading room procedure; calls on OLAF and the Commission to make sure that the full investigation report will be shared with the discharge authority and the Committee on Civil Liberties, Justice and Home Affairs as soon as possible, while fully respecting Regulation (EU, Euratom) 2020/2223 of the European Parliament and of the Council and all legal requirements on the protection of sensitive data and of the rights of the persons concerned, such as access to information on the allegations, preparation of their defence, and sufficient time to react;