#181945
San Ordú seo folaíonn "buidéal" aon chartán, coimeádán nó gabhdán dúnta eile ina ndíoltar bainne; ciallaíonn "bainne buidéalaithe" bainne leachtach in aon ghabhdán dúnta ina bhfuil ar a laghad leathphionta i dtomhas reachtúil nó ar a laghad 284 mhillilíotar i dtomhas méadrach ach gan bheith níos mó ná cárt i dtom as reachtúil nó gan bheith níos mó ná 1.136 líotar i dtomhas méadrach, ach ní fholaíonn sé bainne deighilte, bainne bearrtha, bláthach, bainne comhdhlúite ná uachtar, ciallaíonn "Ceantar Bhaile Átha Cliath" an limistéar arb é atá ann Contaebhuirg Bhaile Átha Cliath, Contae Riaracháin Bhaile Átha Cliath, agus ceantar uirbeach Bhré; ciallaíonn Ceantar Chorcaí limistéar laistigh de chiorcal le ga naoi míle ag tosú ag ard oifig an phoist, Sráid Oilbhéar Pluincéad, Corcaigh, i gContae Chorcaí.
In this Order "bottle" includes any carton, container or other closed receptacle in which milk is sold; "bottled milk" means liquid milk in any closed receptacle containing not less than a half-pint in imperial measure or not less than 284 millilitres in metric measure but not more than a quart in imperial measure or not more than 1.136 litres in metric measure, but does not include separated milk, skim milk, butter milk, condensed milk or cream; "the Dublin District" means the area consisting of the county borough of Dublin, the administrative county of Dublin and the urban district of Bray; "the Cork District" means the area enclosed by a circle having a radium of nine miles, commencing at the Head Post Office, Oliver Plunkett Street, Cork, in the county of Cork.