(a) léireoidh siad an úrscothacht agus na cleachtais is fearr i réimse na n-aeradróm agus cuirfidh siad caighdeáin agus cleachtaismholta ICAO atá infheidhme san áireamh;
(a) reflect the state of the art and the best practices in the field of aerodromes and take into account the applicable ICAO Standards and Recommended Practices;
#2234778
De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá Comhairle ICAO chun caighdeáin agus cleachtaismholta (SARPanna) idirnáisiúnta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Pursuant to Article 54 of the Chicago Convention, the ICAO Council is to adopt international standards and recommended practices (‘SARPs’) and designate them as Annexes to the Chicago Convention.
#3177486
De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO Caighdeáin agus CleachtaisMholta (‘SARPanna’) idirnáisiúnta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Pursuant to Article 54 of the Chicago Convention, the ICAO Council may adopt international Standards and Recommended Practices (‘SARPs’), and designate them as Annexes to the Chicago Convention.
#308027
(9) Ba cheart táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, aeradróim agus a dtrealamh, oibreoirí atá bainteach le haeriompar tráchtála agus le hoibriú aeradróm, córais agus soláthraithe BAT/SAL, chomh maith le píolótaí agus rialtóirí aerthráchta, agus pearsana, táirgí agus eagraíochtaí atá bainteach lena n-oiliúint agus lena gcur faoi mheasúnú liachta, a bheith deimhnithe nó ceadúnaithe a luaithe a shuífear go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagfaidh an Comhphobal síos i gcomhréir le caighdeáin agus cleachtaismholta a socraíodh le Coinbhinsiún Chicago.
(9) Aeronautical products, parts and appliances, aerodromes and their equipment, operators involved in commercial air transport and in the operation of aerodromes, ATM/ANS systems and providers, as well as pilots and air traffic controllers, and persons, products and organisations involved in their training and medical assessment, should be certified or licensed once they have been found to comply with essential requirements to be laid down by the Community in line with Standards and Recommended Practices set by the Chicago Convention.
#1674737
I bhfianaise an rúin a glacadh ag an 39ú Tionól de chuid ICAO i mí Dheireadh Fómhair 2016 maidir le beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur i bhfeidhm ó 2021 amach chun astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta os cionn leibhéil 2020 a fhritháireamh, tá sé beartaithe ag ICAO Caighdeáin agus CleachtaisMholta (“SARPs”), lena gcomhlánfar an rún sin, a ghlacadh mar aon leis an gcóras domhanda a chur chun feidhme in 2018.
In light of the resolution adopted at the ICAO's 39th Assembly in October 2016 on the implementation of a global market-based measure from 2021 to offset international aviation emissions above 2020 levels, the adoption of Standards and Recommended Practices (‘SARPs’) by the ICAO to complement that resolution and to implement the global system is planned for 2018.
#1977726
De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO caighdeáin idirnáisiúnta (“na caighdeáin”) agus cleachtaismholta maidir le heitlíocht a ghlacadh agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago (“Iarscríbhinní ICAO”), go háirithe a mhéid a bhaineann le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta.
Pursuant to Article 54 of the Chicago Convention, the ICAO Council may adopt international standards (‘standards’) and recommended practices for aviation and designate them as Annexes to the Chicago Convention (‘ICAO Annexes’), in particular as regards civil aviation safety.
#2802434
ionstraimí ábhartha ICAO, lena n-áirítear caighdeáin agus cleachtaismholta, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh gach gné de bhascaed beart ICAO a chur chun feidhme chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach a glacadh ag an 41ú Comhthionól ICAO a bhaint amach;
the relevant ICAO instruments, including standards and recommended practices, as well as the progress in the implementation of all elements of the ICAO basket of measures towards the achievement of the long-term global aspirational goal adopted at ICAO’s 41st Assembly;
#2964704
Is é an aidhm atá leis na socruithe aghaidh a thabhairt ar ghnéithe teicniúla, riaracháin agus airgeadais ar nós ceanglas dul i gcomhairle le EUSPA maidir le sonraíochtaí mionsonraithe a fhorbairt; an mhaoirseacht a dhéanfaidh EASA ar dhearbhuithe maidir le comhlíontacht dearaidh chóras EGNOS; agus malartú sonraí idir an dá ghníomhaireacht maidir le Caighdeáin agus CleachtaisMholta (SARPS) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a chomhlíonadh.
Those arrangements are to address technical, administrative, and financial aspects such as a requirement to consult EUSPA as regards the development of detailed specifications; the oversight by EASA of the declarations of design compliance of the EGNOS system; and the exchange of data between both agencies regarding the relevant International Civil Aviation Organization (ICAO) Standards and Recommended Practices (SARPS) compliance.
#1674818
Faoin 1 Eanáir 2019, agus go rialta ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le ICAO chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme, beart atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas: (i) na hionstraimí ábhartha de chuid ICAO, lena n-áirítear Caighdeáin agus CleachtaisMholta; (ii) moltaí ICAO arna bhformheas ag an gComhairle agus atá ábhartha maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda; (iii) bunú cláir dhomhanda; (iv) bearta intíre a ghlac tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme nuair a chuirfear i bhfeidhm é i leith astaíochtaí ó 2021 amach; (v) na himpleachtaí a bheadh ag forchoimeádais tríú tíortha; agus (vi) aon fhorbairtí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ionstraimí ábhartha eile is infheidhme.
Before 1 January 2019 and regularly thereafter, the Commission shall report to the European Parliament and to the Council on progress in the ICAO negotiations to implement the global market-based measure to be applied to emissions from 2021, in particular with regard to: (i) the relevant ICAO instruments, including Standards and Recommended Practices; (ii) ICAO Council-approved recommendations relevant to the global market-based measure; (iii) the establishment of a global registry; (iv) domestic measures taken by third countries to implement the global market-based measure to be applied to emissions from 2021; (v) the implications of reservations by third countries; and (vi) other relevant international developments and applicable instruments.