Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1704630

    ciallaíonn "caingean phrobháide" aon imeacht arna thionscnamh le toghairm thionscnaimh agus ina mbeifear ag iarraidh go ndeonófar nó go n-aisghairfear probháid, nó litreacha riaracháin, nó faoiseamh dá samhail;

    "probate action" means any proceeding commenced by originating summons and seeking the grant or recall of probate, or letters of administration, or similar relief;

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  2. #253185

    Más rud é, in aon chaingean seachas caingean phrobháide, nach seirbheálfaidh an gearánaí fógra trialach laistigh de dheich lá tar éis an Chosaint a sheachadadh, féadfaidh an cosantóir, in ionad fógra trialach a sheirbheáil de réir na Rialach roimhe seo, a iarraidh ar an gCúirt an chaingean a dhíbhe d'uireasa í a thabhairt ar aghaidh, agus ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Breitheamh a ordú an chaingean a dhíbhe dá réir sin, agus féadfaidh sé cibé ordú eile is cóir leis a dhéanamh, agus ar cibé téarmaí is cóir leis.

    If the plaintiff, in any action other than a probate action, does not within ten days after the delivery of the Defence serve notice of trial, the defendant may, in lieu of serving notice of trial in accordance with the preceding Rule, apply to the Court to dismiss the action for want of prosecution, and on the hearing of such application the judge may order the action to be dismissed accordingly, and may make such other order, and on such terms, as to him may seem just.

    I.R. Uimh 510 de 2001: Na Rialacha Cúirte Cuarda

  3. #1700226

    Faoi réir fhorálacha na nAchtanna agus na Rialacha seo, i ngach caingean phrobháide leanfaidh na rialacha i dtaobh páirtithe agus i dtaobh forghairmeacha chun imeachtaí a thabhairt faoi aird a bhí in úsáid sa Chúirt Phrobháide díreach roimh an 1 Eanáir, 1878, de bheith i bhfeidhm.

    Subject to the provisions of the Acts and these Rules, in all probate actions the rules as to parties and as to citations to see proceedings in use in the Court of Probate immediately before 1st January, 1878, shall continue to be in force.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  4. #1700717

    Mar aon leis an dá chóip d'iomlán na bpléadálacha, déanfaidh an páirtí a mbeidh caingean phrobháide á taifeadadh aige le haghaidh trialach liosta a sheachadadh ar an oifigeach cuí, le hainmneacha agus dátaí gach caveat, rabhaidh, forghairme agus láithris a bheidh taiscthe, comhdaithe, eisithe nó taifeadta anuas go dtí dáta an tseachadta sin, maille le cóip den ordú ag socrú am agus mhodh na trialach.

    The party entering a probate action for trial shall, together with the two copies of the whole pleadings, deliver to the proper officer a list with names and dates of all caveats, warnings, citations and appearances lodged, filed, issued or entered down to the date of such delivery and a copy of the order fixing the time and mode of trial.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna