Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7 dtoradh in 6 dhoiciméad

  1. #2366198

    Freagraíonn na bearta sin don mholadh tírshonrach a bhaineann le tacaíocht fostaíochta agus le margadh an tsaothair le dhá bhliain anuas, moladh atá dírithe ar bheagnach gach Ballstát.

    These measures respond to the country-specific recommendation linked to employment support and labour market in the last two years addressed to almost all Member States.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  2. #647367

    chun tacú le cur chun feidhme molta thír-shonraigh ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus molta ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann,

    to support the implementation of a relevant country-specific recommendation adopted in accordance with Article 121(2) TFEU and of a relevant Council recommendation adopted in accordance with Article 148(4) TFEU, addressed to the Member State concerned;

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

  3. #749417

    líon na mbeart arna gcur chun feidhme, de réir réimse beartais agus Ballstát is tairbhí, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoin gClár agus atá roinnte de réir moltaí tír-shonracha nó gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, le cláir coigeartaithe eacnamaíocha agus le hathchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin;

    the number of measures implemented by policy area and beneficiary Member State as a result of support actions provided under the Programme split by country-specific recommendation or relevant actions related to the implementation of Union law, economic adjustment programmes and the Member State's own-initiative reforms;

    Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

  4. #2082819

    Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil moladh tírshonrach acu maidir le fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta 0,25 % dá acmhainní faoi shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar a laghad a leithdháileadh chun na críche sin i ngeall ar na riachtanais shonracha atá acu sa réimse sin.

    Member States with a country-specific recommendation on capacity building of the social partners or civil society organisations should allocate at least 0,25 % of their resources of the ESF+ strand under shared management for that purpose due to the specific needs they have in that area.

    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

  5. #2083058

    I gcás ina sainaithnítear fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta le moladh tírshonrach ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann méid iomchuí de 0,25 % dá acmhainní shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar a laghad a leithdháileadh chun na críche sin.

    Where capacity building of the social partners and civil society organisations is identified by a relevant country-specific recommendation adopted in accordance with Article 121(2) and Article 148(4) TFEU, the Member State concerned shall allocate an appropriate amount of at least 0,25 % of its resources of the ESF+ strand under shared management for that purpose.

    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

  6. #2086131

    chun tacú le cur chun feidhme moladh tír-shonrach ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus moladh ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann;

    to support the implementation of a relevant country-specific recommendation adopted in accordance with Article 121(2) TFEU and of a relevant Council recommendation adopted in accordance with Article 148(4) TFEU, addressed to the Member State concerned;

    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

  7. #2201912

    Eisíodh moladh tírshonrach do 16 Bhallstát (BG, CY, EE, ES, HU, HR, IT, LT, LV, MT, NL, PL, PT, RO, SI agus SK) in 2020 ar chosaint shóisialta, agus fócas soiléir ar rochtain a fheabhsú le haghaidh oibrithe neamhchaighdeánacha agus daoine féinfhostaithe (CY, EE, ES, IT, LT, NL, PL, PT agus SI) iontu go minic.

    In 2020, 16 Member States (BG, CY, EE, ES, HU, HR, IT, LT, LV, MT, NL, PL, PT, RO, SI and SK) were issued a country specific recommendation (CSR) on social protection, often with a very clear focus on improving access for non-standard workers and self-employed (CY, EE, ES, IT, LT, NL, PL, PT and SI).

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE