#3048418
ag tabhairt dá haire, agus í buíoch dá réir, gur chuir an Lárionad a chlár oibre i bhfeidhm go hiomlán in 2021; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Lárionad gur chuir sé dlús lena chuid oibre faisnéise scileanna i gcomhthéacs olltreochtaí trí chabhrú le geallsealbhóirí bearnaí agus bacainní a shainaithint chun faisnéis scileanna a neartú; ag moladh gur seoladh an fhaireachlann ghlas nua chun féachaint ar threochtaí i dtreo geilleagar níos glaise agus níos inbhuanaithe mar aon leis na himpleachtaí a bheadh aige do ghairmoideachas agus do ghairm oiliúint (VET), gur foilsíodh tuarascáil chun bacainní ar shoghluaisteacht fhadtéarmach printíseach a shainaithint, gur seoladh taighde maidir le micridhintiúir leis na torthaí curtha i láthair i mí na Samhna 2021 i gcomhdháil dhomhanda le 240 rannpháirtí ó 40 tír, go dtacaíonn an Lárionad le tionscnamh an Choimisiúin maidir le cuntais foghlama aonair agus gur seoladh tairseach gréasáin nua i bhfómhar na bliana 2021 ag a bhfuil cumais amharcléirithe sonraí níos láidre agus gnéithe níos nuálaí ag baint leis agus níos dírithe ar spriocghrúpa;
Notes with appreciation that the Centre fully implemented its work programme in 2021; takes note of the fact that the Centre reported that it stepped up its skills intelligence work in the context of megatrends by helping stakeholders to identify gaps and obstacles for strengthening skills intelligence; commends the launch of the new green observatory to explore trends towards a greener and more sustainable economy as well as its implications for vocational education and training (VET), the publication of a report to identify obstacles to long-term apprentice mobility, the launch of a research on microcredentials, the findings of which were presented in November 2021 at a world-spanning conference with 240 participants from 40 countries, the Centre’s support to the Commission’s initiative on individual learning accounts, and the launch in autumn 2021 of a new web-portal with stronger data visualisation capabilities and more innovative and target-group focused features;