Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

8 dtoradh in 7 ndoiciméad

  1. #1850628

    Fianaise inghlactha

    Admissible evidence

    Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 10/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh d'fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir údaráis riaracháin na mBallstát agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart an dlí a bhaineann le hábhair custaim agus talmhaíochta a áirithiú

  2. #597400

    D’fhonn a áirithiú go gcuirfear san áireamh toradh na n-imscrúduithe a dhéanann foireann na hOifige agus go ndéanfar an ghníomhaíocht leantach riachtanach, ba cheart go mbeadh stádas fianaise inghlactha ag na tuarascálacha in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha.

    To ensure that the findings of investigations conducted by the Office are taken into account and that the requisite follow-up action is taken, the reports should have the status of admissible evidence in administrative or judicial proceedings.

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle

  3. #597607

    Is fianaise inghlactha a bheidh i dtuarascálacha a dhréachtófar ar an mbonn sin in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha sa Bhallstát inar gá iad a úsáid, ar an gcaoi céanna agus faoi na coinníollacha céanna ina ndréachtaíonn cigirí náisiúnta riaracháin tuarascálacha riaracháin.

    Reports drawn up on that basis shall constitute admissible evidence in administrative or judicial proceedings of the Member State in which their use proves necessary, in the same way and under the same conditions as administrative reports drawn up by national administrative inspectors.

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle

  4. #1759867

    Ar deireadh, áirithítear leis an gCaibidil seo go mbeidh fianaise inghlactha beag beann ar an meán ar a bhfuil an fhaisnéis sin stóráilte, chun a áirithiú nach ndéanfaidh saincheisteanna digiteacha difear do na rialacha nós imeachta iomchuí.

    Finally, this Chapter ensures that evidence is admissible irrespective of the medium on which the relevant information is stored, to ensure that the relevant procedural rules are digital proof.

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú

  5. #1898907

    Is ionann tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an Oifig agus fianaise inghlactha in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha ar an dóigh chéanna agus faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le tuarascálacha riaracháin arna ndréachtú ag na cigirí náisiúnta riaracháin.

    Reports drawn up by the Office constitute admissible evidence in administrative or judicial proceedings in the same way and under the same conditions as administrative reports drawn up by national administrative inspectors.

    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a mhéid a bhaineann le comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise

  6. #2263655

    Mar a tugadh ar aird i roinn 4.2, cé gur chuir an Iodáil tuarascálacha éagsúla agus faisnéis maidir le Alitalia isteach a bhí le fáil sular deonaíodh an dá iasacht Stáit, a ullmhaíodh chun críoch nach críocha an mheasúnaithe eacnamaíoch iad sular deonaíodh an dá iasacht Stáit, ní léirítear sna tuarascálacha ná san fhaisnéis sin dóchúlacht na haisíocaíochta fiú, ná ní chomhlíonann siad an caighdeán a leagtar síos le Cúirteanna an Aontais maidir le fianaise inghlactha i dtaobh meastóireacht ex-ante ar bhrabúsacht an dá iasacht Stáit.

    Although, as pointed out in Section 4.2, Italy has submitted various reports and information about Alitalia available before the two State loans were granted, prepared for purposes other than the economic assessment prior to the granting of the two State loans, those reports and information do not even demonstrate the mere likelihood of repayment, nor meet the standard laid down by the Union Courts of acceptable evidence of an ex-ante evaluation of the profitability of the two State loans.

    Cinneadh (AE) 2022/795 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2021 maidir le státchabhair i bhfabhar Alitalia SA.48171 (2018/C) (ex 2018/NN, ex 2017/FC) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 6659) (Is é an leagan Iodáilise an t-aon leagan atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #3032151

    I gcás ina ndéantar an chóireáil ar an láithreán scartála, amhail athúsáid nó athchúrsáil ar an láthair, d’fhéadfadh ráiteas sínithe ó ionadaí de chuid na cuideachta a bheith i gceist le fianaise inghlactha.

    Where the treatment takes place on the demolition site, such as onsite reuse or recycling, acceptable evidence may consist in a signed statement from a representative of the company.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí sonrach maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin

  8. #3138237

    Fianaise inghlactha a bheidh i dtuarascálacha cigireachta agus faireachais arna dtarraingt suas ag cigirí de chuid an Aontais nó ag oifigigh Ballstáit eile nó ag oifigigh an Choimisiúin nó ag údaráis inniúla tríú tír, in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha aon Bhallstáit.

    Inspection and surveillance reports drawn up by Union inspectors or officials of another Member State or Commission officials or competent authorities from a third country shall constitute admissible evidence in administrative or judicial proceedings of any Member State.

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach