Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 6 dhoiciméad

  1. #2626167

    ag tabhairt dá haire go n-áirítear sna socruithe solúbtha oibre atá ar fáil ag CBAE obair pháirtaimseartha, saoire do thuismitheoirí, saoire teaghlaigh, fleisc-am agus teilea-obair; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagothroime fós ann ó úsáideoirí na socruithe oibre sin go chéile i bhfabhar baill foirne ar mná iad; á mholadh go rachadh CBAE i mbun cumarsáid níos déine maidir le hinmharthanacht agus tairbhí na socruithe sin, agus céimeanna a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirtear pionós, ar bhealach ar bith, ar dhul chun cinn gairme na bhfostaithe lena mbaineann mar gheall ar úsáid a bheith á baint acu as na socruithe solúbtha oibre atá ar fáil;

    Notes that the flexible working arrangements available at the CJEU include part-time work, parental leave, family leave, flexitime and telework; observes the imbalance still existing across the users of such working arrangements in favour of female members of staff; recommends that the CJEU engages in more intense communication on the viability and benefits of those arrangements and take steps to ensure that making use of the available flexible working arrangements does not penalise in any way the career progress of the employees concerned;

    Rún (AE) 2022/1700 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

  2. #2774473

    ag tabhairt dá haire gur ullmhaíodh cinneadh nua maidir le teilea-obair agus fleisc-am, a glacadh i mí Aibreáin 2022, i gcomhpháirt le Coiste na Réigiún chun dálaí oibre nua-aimseartha, solúbtha agus torthaíbhunaithe a bhunú don fhoireann; á chur in iúl gur geal léi ullmhú na straitéise agus an phlean gníomhaíochta nua maidir le héagsúlacht agus cuimsiú; ag tacú le rannpháirtíocht oifigeach comhdheiseanna an Choiste a bheith san áireamh sa dá ghníomhaíocht agus tógtha ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na feabhsuithe a tugadh isteach le linn ghéarchéim COVID-19;

    Notes that a new decision on teleworking and flexitime, adopted in April 2022, has been prepared jointly with the Committee of the Regions to establish modern, flexible and output-driven working conditions for staff; welcomes the preparation of the new diversity and inclusion strategy and action plan; supports that both actions included the involvement of the Committee’s equal opportunities officer and built on the lessons learnt and improvements introduced during the COVID-19 crisis;

    Rún (AE) 2023/324 ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

  3. #3047575

    Ag tabhairt dá haire gur glacadh an cinneadh maidir le hobair hibrideach i mí na Samhna 2021 agus go gcuimsítear eatraimh oibre agus fleisc-am sna dálaí oibre; ag tabhairt faoi deara go mbíonn an teilea-obair faoi réir theorainn 10 lá sa mhí;

    Notes the decision on hybrid working that was adopted in November 2021 and that the working conditions include working intervals and flexitime; observes that teleworking is subject to a limit of 10 working days per month;

    Rún (AE) 2023/1830 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí

  4. #2626663

    ag tabhairt dá aire go gcuireann an Maoirseoir roinnt socruithe oibre ar fáil agus go mbaineann an fhoireann ar fad tairbhe as fleisc-am, diomaite d’fhaighteoirí liúntais bainistíochta; ag tabhairt faoi deara gur mná a bhí i bhformhór úsáideoirí socruithe oibre solúbtha roimh phaindéim COVID-19, eadhon teilea-obair (61,6 % in 2019 agus 67,5 % in 2020), córas oibre páirtaimseartha (89 % in 2019 agus 87,5 % in 2020), saoire tuismitheora (87 % in 2019 agus 90 % in 2020) agus creidmheasanna ama (100 % in 2019 agus 2020 araon); ag cur béim ar an míchothromaíocht dhíréireach inscne atá ann i measc na n-úsáideoirí uile agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an Maoirseoir a bheith rannpháirteach i gcumarsáid níos déine maidir le hinmharthanacht agus tairbhí na socruithe sin, i.e. seisiúin faisnéise éigeantacha do nuatheachtaithe, agus a áirithiú nach gcuirfear pionós, ar bhealach ar bith, ar dhul chun cinn gairme na bhfostaithe mar gheall ar úsáid a bheith á baint acu as na socruithe oibre atá ar fáil;

    Notes that the Supervisor offers several working arrangements and that all staff benefit from flexitime, excluding recipients of management allowance; observes that prior to the COVID-19 pandemic, women made up the majority of users of flexible working arrangements, namely teleworking (61,6 % in 2019 and 67,5 % in 2020), part-time working regime (89 % in 2019 and 87,5 % in 2020), parental leave (87 % in 2019 and 90 % in 2020) and time credits (100 % both in 2019 and 2020); stresses the disproportionate gender imbalance across the users and thus, asks the Supervisor to engage in more intense communication on the viability and benefits of these arrangements, i.e. mandatory information sessions for newcomers, and to ensure that making use of the available working arrangements will not penalise in any way the career progress of the employees;

    Rún (AE) 2022/1710 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IX — an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

  5. #3047471

    ag moladh CBAE as bearta sonracha a ghlacadh chun folláine fhisiceach agus mheabhrach na foirne a áirithiú i bhfianaise na gcoinníollacha cianoibre sonracha a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh ar phaindéim COVID-19 in 2021; ag tabhairt faoi deara go n-áirítear leis na socruithe oibre solúbtha atá ar fáil ag CBAE obair pháirtaimseartha, saoire do thuismitheoirí, saoire teaghlaigh, fleisc-am agus teilea-obair, go bhfuil roghanna den sórt sin inrochtana do gach catagóir foirne i gcomhréir le forálacha na Rialachán Foirne, Coinníollacha Fostaíochta na Seirbhíseach Eile agus na cinntí inmheánacha is infheidhme, agus go gcuirfear nuashonruithe ábhartha in iúl go cuí don bhfoireann tríd an inlíon agus trí nuachtlitir inmheánach; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil éagothroime fós ann i measc úsáideoirí na socruithe oibre sin i bhfabhar baill foirne ar mná iad: as 205 duine a rinne iarratas ar shaoire do thuismitheoirí, ba mhná iad 163 acu agus ní raibh ach 42 acu ina bhfear, agus as 98 duine a rinne iarratas ar obair pháirtaimseartha, ba mhná iad 87 acu agus ní raibh ach 11 acu ina bhfear; ag athdhearbhú a hiarrata ar CBAE cumarsáid inmheánach éifeachtach a dhéanamh atá dírithe ar na roghanna a thairgtear do gach ball foirne a shoiléiriú níos fearr;

    Commends the CJEU for taking specific measures in order to ensure the physical and mental well-being of staff, given the specific remote working conditions imposed by the COVID-19 pandemic in 2021; observes that the flexible working arrangements available at the CJEU include part-time work, parental leave, family leave, flexitime and telework, that such options are accessible to all categories of staff in accordance with the provisions of the Staff Regulations, the Conditions of Employment of Other Servants and the applicable internal decisions, and that relevant updates are duly communicated to staff via the intranet and an internal newsletter; highlights, however, the imbalance that still exists across the users of such working arrangements in favour of female members of staff: out of 205 persons applying for parental leave, 163 were women and only 42 were men, and out of 98 persons applying for part-time work, 87 were women and only 11 were men; reiterates its request for the CJEU to engage in an effective internal communication oriented at better clarifying the options offered to all members of staff;

    Rún (AE) 2023/1828 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

  6. #3050107

    ag tabhairt dá haire a airdeallaí agus a réamhghníomhaí atá an Ghníomhaireacht maidir le beartais agus nósanna imeachta sábháilteachta agus sláinte ceirde (OSH); á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur cruthaíodh an mheitheal inmheánach maidir le OSH chun comhordú inmheánach éifeachtach, comhairliúchán inmheánach éifeachtach agus sainaithint na dtosaíochtaí a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le liosta na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a bheartaítear a chur chun feidhme faoi chreat OSH agus maidir lena gcur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta reatha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, fleisc-am agus aisíoc i leith gníomhaíochtaí spóirt, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fholláine a foirne ag an obair agus ar an gcothromaíocht oibre is saoil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh beart a ghlacadh sa réimse sin, trí aithris a dhéanamh freisin ar institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais freisin;

    Notes the Agency’s attention and proactivity with regard to occupational safety and health (OSH) policies and procedures; welcomes in this context the creation of the internal working group on OSH to ensure effective internal coordination, consultation and the identification of priorities; calls on the Agency to inform the discharge authority with regard to the list of actions and measures proposed to be implemented under the OSH framework and their implementation; notes the Agency’s current measures in place, flexitime and the reimbursement of sport activities, aimed at improving its staff’s well-being at work and work-life balance; calls on the Agency to adopt more measures in this area, also by taking example from other Union institutions and bodies;

    Rún (AE) 2023/1941 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021