Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1703720

    Féadfar aon iarratas idirbhreitheach a dhéanamh chun na Cúirte in imeachtaí i leith iarratais ar athbhreithniú breithiúnach. Sa riail seo folaíonn "iarratas idirbhreitheach" iarratas ar ordú faoi Ordú 31, nó Ordú 39, riail 1, nó ar ordú chun na himeachtaí a dhíbhe le toiliú na bpáirtithe.

    Any interlocutory application may be made to the Court in proceedings on an application for judicial review. In this rule "interlocutory application" includes an application for an order under Order 31, or Order 39, rule 1, or for an order dismissing the proceedings by consent of the parties.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  2. #252913

    Tráth ar bith sula bhfaighidh an gearánaí Cosaint an chosantóra nó, tar éis dó í a fháil, sula dtionscnóidh sé aon imeacht eile sa chaingean (ach amháin aon iarratas idirbhreitheach), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, scor go hiomlán dá chaingean i gcoinne gach duine nó aon duine de na cosantóirí, nó aon chuid nó aon chodanna den chúis ghearáin a bheidh líomhnaithe aige a tharraingt siar, agus air sin íocfaidh sé costais an chosantóra sin i leith na caingne nó, mura scoirfear go hiomlán den chaingean, na costais a bheidh tagtha den ábhar a bheidh tarraingthe siar amhlaidh.

    The plaintiff may, at any time before the receipt of the defendant's Defence, or after the receipt thereof, before taking any other proceeding in the action (save any interlocutory application), by notice in writing wholly discontinue his action against all or any of the defendants, or withdraw any part or parts of his alleged cause of complaint, and thereupon he shall pay such defendant's costs of the action, or, if the action be not wholly discontinued, the costs occasioned by the matter so withdrawn.

    I.R. Uimh 510 de 2001: Na Rialacha Cúirte Cuarda

  3. #254469

    (b) Sula ndéanfar aon iarratas idirbhreitheach ar fhollasú nó ar fhaisnéis de bhun alt 12(25) d'Acht 1995 nó alt 17(25) d'Acht 1996, déanfar an fhaisnéis a bheidh á lorg a iarraidh i scríbhinn go saorálach 14 lá ar a laghad sula n-eiseofar an foriarratas ar an bhfaoiseamh lena mbaineann agus, ar mhainneachtain iarraidh den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh an foriarratas a chur ar atráth nó an foriarratas a scriosadh amach nó cibé ordú, lena n-áirítear ordú maidir le costais, a dhéanamh a fheictear don Chúirt a bheith cuí.

    (b) Prior to any interlocutory application for discovery or for information pursuant to section 12(25) of the 1995 Act or section 17(25) of the 1996 Act being made, the information being sought shall be requested in writing voluntarily at least 14 days prior to the issuing of the motion for the relief concerned and upon failure to make such a request, the judge may adjourn the motion or strike out the motion or make such other order, including an order as to costs, as to the Court may appear appropriate.

    I.R. Uimh 510 de 2001: Na Rialacha Cúirte Cuarda

  4. #485725

    189.—(1) Ar gach iarratas idirbhreitheach in aon imeachtaí dlí lena mbaineann an Chaibidil seo a thabhairt chun críche, déanfaidh an chúirt lena mbaineann orduithe maidir le costais i leith an iarratais agus, tar éis aighneachtaí a fháil ó na páirtithe maidir le leibhéil na gcostas sin, déanfaidh an chúirt na costais sin a thomhas.

    189.—(1) At the conclusion of each interlocutory application in any legal proceedings to which this Chapter applies, the court concerned shall make orders as to costs in respect of the application and, having received submissions from the parties as to the levels of those costs, the court shall measure those costs.

    AN tACHT FÁN nGNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA UM BAINISTÍOCHT SÓCMHAINNÍ 2009

  5. #1402273

    —I gcás ina ndéanfaidh duine a bheidh ciontaithe ag armchúirt achomharc chun na Cúirte, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh nó aon bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh chun na críche sin, aon iarratas idirbhreitheach i ndáil leis an achomharc a éisteacht agus a chinneadh.

    —Where a person convicted by a court-martial appeals to the Court, any interlocutory application in relation to the appeal may be heard and determined, by the Chief Justice or by any judge of the Supreme Court nominated by the Chief Justice for that purpose.

    Uimhir 19 de 1983: AN tACHT UM ACHOMHAIRC ARMCHÚIRTEANNA, 1983

  6. #1700505

    Tráth ar bith sula bhfaighidh an gearánaí cosaint an chosantóra nó, tar éis í a fháil, sula dtionscnóidh sé aon imeacht eile sa chaingean (ach amháin aon iarratas idirbhreitheach), féadfaidh sé, le fógra i scríbhinn i bhFoirm Uimh. 20 i bhFoscríbhinn C, scor go hiomlán dá chaingean i gcoinne gach duine nó aon duine de na cosantóirí, nó aon chuid nó codanna den chúis ghearáin a mbeidh líomhnaithe aige í a bheith aige a tharraingt siar, agus air sin íocfaidh sé costais an chosantóra sin i leith na caingne nó, mura mbeidh scortha go hiomlán den chaingean, na costais a bheidh tagtha den ábhar a bheidh tarraingthe siar amhlaidh.

    The plaintiff may, at any time before receipt of the defendant's defence, or after the receipt thereof before taking any other proceeding in the action (save any interlocutory application), by notice in writing in the Form No. 20 in Appendix C, wholly discontinue his action against all or any of the defendants or withdraw any part or parts of his alleged cause of complaint, and thereupon he shall pay such defendant's costs of the action, or, if the action be not wholly discontinued, the costs occasioned by the matter so withdrawn.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  7. #1701119

    Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, is le foriarratas a dhéanfar gach iarratas idirbhreitheach chun na Cúirte, maille le gach iarratas a údaraítear leis na Rialacha seo a dhéanamh chun na Cúirte.

    All interlocutory applications to the Court and all applications authorised by these Rules to be made to the Court shall be made by motion, save as otherwise provided by these Rules.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  8. #1703751

    ciallaíonn "Cúirt" "Cúirt Achomhairc Choiriúil," agus folóidh sé, i ndáil le haon iarratas idirbhreitheach, an PríomhBhreitheamh nó aon Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh chun an t-iarratas sin a éisteacht agus a chinneadh;

    "Court" means "Court of Criminal Appeal," and shall, in relation to any interlocutory application, include the Chief Justice or any Judge of the Supreme Court nominated by the Chief Justice to hear and determine such application;

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  9. #1703868

    Beidh achomharcóir a bheidh i gcoimeád i dteideal, más mian leis sin, bheith i láthair i bpearsa nuair a bheidh a achomharc nó a iarratas ar chead achomhairc á éisteacht agus, faoi réir toiliú a fháil ón gCúirt roimh ré, nuair a bheidh gach iarratas idirbhreitheach i ndáil leis sin á éisteacht.

    An appellant who is in custody shall be entitled, if he so desires, to be present in person at the hearing of his appeal or application for leave to appeal and subject to the prior consent of the Court being obtained of all interlocutory applications in relation thereto.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna