#1114732
—(1) I gcás iascach dílsithe is iascach cora (uiscí taoide) nó iascach cora (fíoruisce) nó iascach damba muilinn a theacht chun bheith ina iascach neamhúsáidte agus an tAire a bheith tar éis an déanmhas lenar seoladh an t-iascach sin a scartáil, féadfaidh an tAire, laistigh de chúig bliana ar a dhéanaí, tar éis an dáta a tháinig an t-iascach sin chun bheith ina iascach neamhúsáidte, é a atógáil ar an láthair chéanna le haghaidh iascaireachta san áit chéanna agus na tomhais chéanna ann agus, i gcás iascach cora (uiscí taoide) nó iascach cora (fíoruisce), an socrú céanna ann le haghaidh saor-bhearna a thaispeántar (má thaispeántar) i dtaifead suirbhéireachta an iascaigh.
—(1) Where a vested fishery which is a weir (tidal waters) fishery or a weir (fresh water) fishery or a mill-dam fishery has become an unused fishery and the Minister has demolished the structure by means of which such fishery was carried on, the Minister may, within five years after the date on which such fishery became an unused fishery, but not later, re-erect it on the same site for fishing in the same place and with the same dimensions and, in the case of a weir (tidal waters) fishery or a weir (fresh water) fishery, the same provision for a free gap (if any) as is shown in the survey record of the fishery.