#1314520
(1) Má tharlaíonn maidir le leabhar tagartha go mbeidh úinéir talún (lena n-áirítear talamh a chuimsíonn fothionóntán) nó duine a bheidh i dteideal ceart thar thalamh a theachtadh a dhlitear a bheith sa leabhar tagartha gan tagairt dó sa leabhar sin nó go bhfuil an t-ainm atá sa leabhar sin mar úinéir nó mar dhuine ag a bhfuil an teideal sin mícheart, nó go bhfuil aon talamh, nó ceart thar thalamh, a ndlitear tagairt dó a bheith sa leabhar sin gan tagairt dó sa leabhar sin nó gur tuairisc mhícheart an tuairisc atá tugtha ar aon talamh dá dtagraítear sa leabhar sin, féadfaidh an Bord a iarraidh i scríbhinn ar an Aire an leabhar tagartha a cheartú nó a leasú.
(1) Where as regards a book of reference an owner of land (including land comprising a servient tenement) or a person entitled to enjoy a right over land who should have been included therein is omitted or the name included in such book as an owner or person so entitled is incorrect, or any land, or right over land, which should have been referred to in such book is omitted or any land referred to in such book is incorrectly described, the Board may apply to the Minister in writing to correct or amend the book of reference.