#586535
Mar mhalairt ar an gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó ar an gCur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin a úsáid chun luach na risíochta lánchoigeartaithe a ríomh (E*) a thig ó mháisitir-chomhaontú glanluachála incháilithe a chur i bhfeidhm ag cuimsiú idirbheart athcheannaigh nó idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbheart caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh seachas idirbhearta díorthach, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil, cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid ina gcuirtear san áireamh éifeachtaí comhghaolaithe idir na suímh urrúis atá faoi réir an mháistir-chomhaontaithe glanluachála mar aon le leachtacht na n-ionstraimí lena mbaineann.
Subject to permission of competent authorities, institutions may, as an alternative to using the Supervisory Volatility Adjustments Approach or the Own Estimates Approach in calculating the fully adjusted exposure value (E*) resulting from the application of an eligible master netting agreement covering repurchase transactions, securities or commodities lending or borrowing transactions, or other capital market driven transactions other than derivative transactions, use an internal models approach which takes into account correlation effects between security positions subject to the master netting agreement as well as the liquidity of the instruments concerned.