Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #2992486

    ciallaíonn ‘praghas ad hoc’ an praghas a ghearrann oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe ar an úsáideoir deiridh as athluchtú nó athbhreoslú ar bhonn ad hoc;

    ‘ad hoc price’ means the price charged by the operator of a recharging or refuelling point to an end user for recharging or refuelling on an ad hoc basis;

    Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2992522

    ciallaíonn ‘ríomhfhánaíocht’ malartú sonraí agus íocaíochtaí idir oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus soláthraí seirbhísí soghluaisteachta óna gceannaíonn úsáideoir deiridh seirbhís athluchtaithe nó athbhreoslaithe;

    ‘e-roaming’ means the exchange of data and payments between the operator of a recharging or refuelling point and a mobility service provider from which an end user purchases a recharging or refuelling service;

    Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2992513

    ciallaíonn ‘úsáideoir sonraí’ aon údarás poiblí, údarás bóithre, oibreoir bóithre, oibreoir pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe, eagraíocht taighde nó neamhrialtasach, soláthraí seirbhíse soghluaisteachta, ardán ríomhfhánaíochta, soláthraí léarscáile digití nó aon eintiteas eile ar spéis leis sonraí a úsáid chun faisnéis a sholáthar, seirbhísí a chruthú nó taighde nó anailís a dhéanamh ar bhonneagar breoslaí malartacha;

    ‘data user’ means any public authority, road authority, road operator, recharging and refuelling point operator, research or non-governmental organisation, mobility service provider, e-roaming platform, digital map provider or any other entity interested in using data to provide information, create services or perform research or analysis on alternative fuels infrastructure;

    Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2992536

    ciallaíonn ‘oibreoir pointe athluchtaithe’ an t-eintiteas atá freagrach as pointe athluchtaithe a bhainistiú agus a oibriú agus a sholáthraíonn seirbhís athluchtaithe d'úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann soláthraí seirbhíse soghluaisteachta;

    ‘operator of a recharging point’ means the entity that is responsible for the management and operation of a recharging point and that provides a recharging service to end users, including in the name and on behalf of a mobility service provider;

    Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2992666

    I gcás nach é oibreoir pointe athluchtaithe úinéir an phointe athluchtaithe sin, déanfaidh an t-úinéir, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, pointe athluchtaithe a chur ar fáil don oibreoir ina mbeidh na saintréithe teicniúla chun a chur ar a chumas don oibreoir na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2, 7, 8 agus 10 a chomhlíonadh.

    Where the operator of a recharging point is not the owner of that point, the owner shall make available to the operator, in accordance with the arrangements between them, a recharging point with the technical characteristics which enable the operator to comply with the obligations set out in paragraphs 2, 7, 8 and 10.