Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

46 toradh in 2 dhoiciméad

  1. #1702188

    Ráiteas gnóthaí.

    Statement of affairs.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  2. #1702189

    Ráiteas gnóthaí a ullmhú

    Preparation of statement of affairs

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  3. #1702191

    Comhdófar an ráiteas gnóthaí, arna fhíorú, sa Phríomh-Oifig.

    The verified statement of affairs shall be filed in the Central Office.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  4. #1702427

    Costais agus caiteachais aon duine a dhéanfaidh ráiteas gnóthaí na cuideachta nó a chomhthoileoidh lena dhéanamh.

    The costs and expenses of any person who makes or concurs in making the company's statement of affairs.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  5. #1702796

    Ráiteas gnóthaí an fhéimhigh.

    The bankrupt's statement of affairs.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  6. #1705779

    Ráiteas gnóthaí

    STATEMENT OF AFFAIRS.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  7. #1705823

    Ráiteas gnóthaí

    Statement of affairs

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  8. #1706271

    Ráiteas gnóthaí ó fhéimheach nó ó fhéichiúnaí comhshocraíochta.

    BANKRUPT'S OR ARRANGING DEBTOR'S STATEMENT OF AFFAIRS.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  9. #1706274

    Ráiteas gnóthaí an sin tráth comhdaithe na hachainí san ábhar seo.

    Statement of the affairs of the said at the time of the filing of the petition in this matter.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  10. #1706436

    Ó easnamh faoi chomhair m'fhiach, ar mo shócmhainní láithreacha, mar a thaispeántar sa ráiteas gnóthaí

    To deficiency of my present assets to meet my debts, as shown in statement of affairs

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  11. #1707444

    Ráiteas gnóthaí, an ítim (Faoi réir íostáille £6.72)

    Statement of affairs per item (Subject to a minimum fee of £6.72)

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  12. #1707454

    Ráiteas gnóthaí féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta a ghrinnscrúdú

    Perusing bankrupt's or arranging debtor's statement of affairs

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  13. #1705990

    Rinne mé imscrúdú ar na fiacha agus na héilimh sin, agus chuir mé i gcomórtas iad le leabhair agus doiciméid na cuideachta sin agus leis an ráiteas gnóthaí (fág ar lár an tagairt don ráiteas gnóthaí má lig an Chúirt ráiteas gnóthaí thar ceal) chun a chinntiú, chomh fada agus is féidir liom, cad iad na fiacha agus na héilimh díobh sin atá dlite go dlíthiúil ón gcuideachta sin; agus tá leagtha amach agam, sa chéad chuid den liosta sin, na fiacha agus na héilimh díobh sin, nó na codanna díobh, is dóigh liom atá dlite go dlíthiúil ón gcuideachta sin, agus is cuí a cheadú gan a thuilleadh fianaise; agus tá leagtha amach agam, sa séú colún den chéad chuid sin den liosta sin, na suimeanna is cuí a cheadú i leith na bhfiach agus na n-éileamh sin; agus creidim go bhfuil na suimeanna sin faoi seach dlite go dlíthiúil agus gur cuí iad a cheadú.

    I have investigated the said debts and claims and compared the same with the books and documents of the said company and the statement of affairs (omit the reference to statement of affairs if the Court has dispensed with a statement of affairs) in order to ascertain, so far as I am able, which of such debts and claims are legally due from the said company; and I have, in the first part of the said list, set out such of the said debts and claims or parts thereof as in my opinion are legally due from the said company and proper to be allowed without further evidence; and I have, in the sixth column of the said first part of the said list, set out the amounts proper to be allowed in respect of such debts and claims; and I believe that such amounts respectively are legally due and proper to be allowed.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  14. #1702199

    Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, seolfaidh an Leachtaitheoir Oifigiúil, a luaithe is indéanta, chuig gach creidiúnaí a bheidh luaite i ráiteas gnóthaí na cuideachta, agus chuig gach duine a dtaispeánfar i leabhair na cuideachta nó ar dhóigh eile gur ranníocóir de chuid na cuideachta é, achoimre ar ráiteas gnóthaí na cuideachta, lena n-áireofar na fáthanna a mbeidh cliste uirthi agus aon tuairimí ina thaobh sin is cuí leis an Leachtaitheoir Oifigiúil a thabhairt.

    Unless the Court shall otherwise order, the Official Liquidator shall, as soon as practicable, send to each creditor mentioned in the company's statement of affairs and to each person appearing from the company's books or otherwise to be a contributory of the company a summary of the company's statement of affairs including the causes of its failure and any observations thereon which the Official Liquidator may think fit to make.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  15. #1702799

    Nuair a bheidh an féimheach i dteideal aon tailte nó tionóntán a bheidh á n-áitiú ag tionóntaí, beidh sa ráiteas gnóthaí (mura mbeidh glacadóir ceaptha ar na tailte sin agus cíosrolla taiscthe aige) cíosrolla ina leagfar amach na hainmniúcháin, na ceannchíosanna (más ann), ainmneacha agus seoltaí na dtionóntaithe, tionacht, laethanta gála, cíosanna bliantúla nó cíosanna eile, agus an méid cíosa a bheidh dlite go dtí an lá gála díreach roimh an bhféimheacht, nó comhdófar an cíosrolla sin, i ndúblach agus arna fhíorú go cuí, san am céanna leis an ráiteas gnóthaí.

    When the bankrupt shall be entitled to any lands or tenements in the occupation of tenants, the statement of affairs (unless a receiver has been appointed over such lands and a rental lodged by him) shall contain a rental setting forth the denominations, head rents (if any), tenants' names and addresses, tenure, gale days, annual or other rents, and the amount of rent due to the gale day next preceding the bankruptcy, or such rental in duplicate duly verified shall be filed at the same time as the statement of affairs.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  16. #1473475

    (c) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ráiteas gnóthaí san fhoirm fhorordaithe a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh den am forordaithe agus cóip de a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil;

    ( c ) unless the Court otherwise directs, within the prescribed time file in the Central Office a statement of affairs in the prescribed form and deliver a copy thereof to the Official Assignee;

    Uimhir 27 de 1988: AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

  17. #1473563

    —Má bhreithnítear comhalta de chomhpháirtíocht ina fhéimheach déanfaidh sé ráiteas gnóthaí ar leith san fhoirm fhorordaithe maidir leis an gcomhpháirtíocht a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil laistigh den am forordaithe.

    —Where a member of a partnership is adjudicated bankrupt he shall deliver to the Official Assignee within the prescribed time a separate statement of affairs in respect of the partnership in the prescribed form.

    Uimhir 27 de 1988: AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

  18. #1702193

    Má bhíonn aon fhadú ar an tréimhse ama chun an ráiteas gnóthaí a chur isteach ag teastáil ó aon duine, ní mór dó an fadú sin a iarraidh ar an gCúirt.

    When any person requires any extension of time for submitting the statement of affairs, he shall apply to the Court for such extension.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  19. #1702198

    Is i bhFoirm Uimh. 13 a bheidh gach ráiteas gnóthaí.

    Every statement of affairs shall be in the Form No. 13.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  20. #1702800

    Má bhíonn glacadóir ceaptha ar na tailte agus cíosrolla taiscthe aige, beidh tagairt sa ráiteas gnóthaí don chíosrolla sin agus do na himeachtaí ina mbeidh sé taiscthe.

    If a receiver has been appointed over the lands and rental lodged by him, the statement of affairs shall contain a reference to such rental and the proceedings wherein the same has been lodged.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  21. #1706270

    Is é dualgas an fhéimhigh é dul i mbun a ráiteas gnóthaí a ullmhú láithreach ionas go bhféadfar é a chomhdú mar atá ordaithe thuas.

    It is the duty of the bankrupt to apply himself at once to the preparation of his statement of affairs in order that the same may be filed as above directed.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  22. #1706391

    Ní mór na liostaí éagsúla atá sa ráiteas gnóthaí a chur i gceangal leis an mionnscríbhinn sin roimhe seo agus a fhormhuiniú mar a leanas:

    The several lists included in the statement of affairs are to be bound up with the foregoing affidavit and indorsed as follows:

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  23. #1706418

    Le difríocht idir méid na bhfiach atá dlite dom anois, ma a thaispeántar i mo ráiteas gnóthaí, agus a luach láithreach-eadhon:

    By difference between the amount of debts now due to me, as shown by my statement of affairs, and the present value of them—viz.:

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  24. #1706442

    Le difríocht idir costphraghas agus luach láithreach sócmhainní láithreacha, mar a thaispeántar i mo ráiteas gnóthaí - eadhon

    By difference between cost price and present value of present assets, as shown in my Gross produce statement of affairs—viz.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  25. #1474173

    (a) ráiteas gnóthaí san fhoirm fhorordaithe, ar a mbeidh formhuinithe cibé togra is féidir leis a dhéanamh chun na fiacha nó na gealltanais atá leagtha amach sa ráiteas sin a íoc nó a chomhréiteach sa todhchaí, agus

    ( a ) a statement of affairs in the prescribed form, which shall have endorsed thereon such proposal as he is able to make for the future payment or compromise of the debts or engagements set out therein, and

    Uimhir 27 de 1988: AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

  26. #1474447

    (f) nach ndéanfaidh sé ráiteas gnóthaí a chomhdú nó a sheachadadh mar a cheanglaítear le halt 19 (c) nó go bhfágfaidh sé aon ní ábhartha ar lár as aon ráiteas a bhaineann lena ghnóthaí, nó

    ( f ) fails to file or deliver a statement of affairs as required by section 19 (c) or makes any material omission in any statement relating to his affairs, or

    Uimhir 27 de 1988: AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

  27. #1702178

    In ordú chun cuideachta a fhoirceannadh, nó chun leachtaitheoir sealadach a cheapadh, beidh fógra ag a bhun á rá go mbeidh de dhualgas ar na daoine a dhlífidh ráiteas gnóthaí na cuideachta a dhéanamh amach, nó a chomhthoileoidh lena dhéanamh amach, freastal os comhair na Cúirte ag cibé tráth agus i cibé áit a cheapfaidh an Chúirt agus gach faisnéis a theastóidh ón gCúirt a thabhairt di.

    An order to wind up a company or for the appointment of a provisional liquidator shall contain at the foot thereof a notice stating that it will be the duty of the persons who are liable to make out or concur in making out the company's statement of affairs to attend before the Court at such time and place as the Court may appoint and to give to the Court all information which the Court may require.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  28. #1702197

    Nuair a bheidh ordú déanta ag an gCúirt chun ceanglais an ailt sin a ligean thar ceal, féadfaidh sí cibé ordacháin iarmhartacha is cuí léi a thabhairt, agus go háirithe féadfaidh sí ordacháin a thabhairt i dtaobh aon fhógraí a sheoladh a cheanglaítear leis an Ordú seo a sheoladh chuig aon duine a bheidh luaite sa ráiteas gnóthaí.

    When the Court has made an order dispensing with the requirements of the said section, it may give such consequential directions as it may see fit and, in particular, may give directions as to the sending of any notices which are by this Order required to be sent to any person mentioned in the statement of affairs.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  29. #1702261

    Cuirfear an fógra do gach creidiúnaí chuig an seoladh a bheidh tugtha ina chruthúnas, nó, mura mbeidh cruthúnas tugtha aige, chuig an seoladh a bheidh tugtha i ráiteas gnóthaí na cuideachta, más ann, nó chuig cibé seoladh eile is eol don duine a mbeidh an cruinniú á ghairm aige.

    The notice to each creditor shall be sent to the address given in his proof, or if he has not proved, to the address given in the statement of affairs of the company, if any, or to such other address as may be known to the person summoning the meeting.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  30. #1702750

    I dteannta fógraíochta, déanfaidh an Sannaí Oifigiúil fógra faoin gcéad suí poiblí chun fiacha a chruthú os comhair an Scrúdaitheora a thabhairt do na creidiúnaithe go léir a bheidh taifeadta i ráiteas gnóthaí an fhéimhigh agus nach mbeidh a bhfiacha cruthaithe acu cheana féin nó cruthúnais nó éilimh taiscthe acu leis an Sannaí Oifigiúil, agus tabharfar an fógra sin, leis an bpost réamhíoctha, deich lá roimh an suí, do na creidiúnaithe ag an seoladh a bheidh leagtha amach sa ráiteas, agus deimhneoidh an Sannaí Oifigiúil dáta postála na bhfógraí sin chuig na seoltaí sin; agus déanfar fógra faoi shuíonna ina dhiaidh sin chun fiacha a chruthú os comhair an Scrúdaitheora a thabhairt de réir mar a ordóidh sé.

    In addition to advertisement, notice of the first public sitting for proof of debts before the Examiner shall be given by the Official Assignee to all the creditors entered in the bankrupt's statement of affairs, who shall not already have proved their debts or lodged proofs or claims with the Official Assignee such notice shall be given by prepaid post ten days prior to the sitting to the creditors at the address set forth in the statement, and the Official Assignee shall certify the date of the posting of such notices to such addresses; and notice of subsequent sittings for proof of debts before the Examiner shall be given as he may direct.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  31. #1702797

    Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfaidh an féimheach, roimh an lá a bheidh socraithe don suí poiblí chun sannaí creidiúnaí a roghnú, nó cibé dáta is déanaí ná sin a ordóidh an Chúirt, a ráiteas gnóthaí san fhoirm fhorordaithe a chomhdú san Oifig, arna fhíorú faoi mhionn, arna chur i leathanaigh go rialta, agus arna shíniú aige ar gach leathanach, agus na colúin agus na spásanna bána go léir arna líonadh isteach go cruinn, agus scrúdóidh an t-oifigeach cuí é chun a fhionnadh an ráiteas iomlán é, agus diúltóidh sé é a choinneáil nó a chomhdú go dtí go dtíolacfar dó é agus é iomlán, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

    Unless the Court otherwise directs, the bankrupt shall before the day fixed for the public sitting for the choice of creditor's assignee or at such later date as may be directed by the Court, file in the Office his statement of affairs in the prescribed form, verified on oath, regularly paged, and signed by him on each page, with all the columns and blanks accurately filled up, and the proper officer shall examine it to ascertain whether it is complete, and shall refuse to retain or file it until presented to him complete, unless the Court shall otherwise direct.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  32. #1702798

    Déanfaidh an féimheach, an tráth céanna, cóip dá ráiteas gnóthaí a thaisceadh agus stampálfaidh an t-oifigeach cuí é ar an gcéad leathanach le stampa na hOifige agus formhuineoidh sé dáta a fhála air, agus air sin tarchuirfidh sé chuig an Sannaí Oifigiúil é.

    The bankrupt shall at the same time lodge a copy of his statement of affairs which the proper officer shall stamp on the first page with the stamp of the Office and shall indorse thereon the date when received, and shall thereupon transmit the same to the Official Assignee.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  33. #1702807

    Déanfar na cruinnithe a ordaítear le halt 149 d'Acht 1857 a thionól os comhair an Bhreithimh agus is suíonna chun fiacha a chruthú a bheidh iontu, agus comhdófar ráiteas gnóthaí an fhéimhigh san fhoirm fhorordaithe deich lá roimh an lá a bheidh socraithe don chéad cheann de na cruinnithe sin.

    The meetings directed by section 149 of the Act of 1857 shall be held before the Judge and shall be sittings for the proof of debts, and the bankrupt's statement of affairs in the prescribed form shall be filed ten days before the day fixed for the first of said meetings.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  34. #1702812

    Tionólfar suí os comhair an Scrúdaitheora chun fiacha creidiúnaithe de chuid an fhéimhigh a chruthú, ar suí é a ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil fógra deich lá roimh ré faoi a chur leis an bpost réamhíoctha chuig gach creidiúnaí a bheidh luaite i ráiteas gnóthaí an fhéimhigh agus nach mbeidh cruthaithe aige cheana féin.

    A sitting shall be held before the Examiner for proof of debts of creditors of the bankrupt, of which sitting ten days previous notice shall be sent by the Official Assignee by prepaid post to every creditor mentioned in the bankrupt's statement of affairs who shall not have already proved.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  35. #1702826

    Is é a bheidh sa chuntas a bheidh le comhdú ag an achainíoch de réir alt 345 d'Acht 1857 deich lá roimh an gcéad suí ráiteas gnóthaí san fhoirm a bheidh forordaithe i gcomhair féimheach, nó chomh gar don fhoirm sin agus a cheadóidh imthosca an cháis, ach ní fholóidh sé ráiteas cuntasaíochta mura n-ordóidh an Chúirt é.

    The account to be filed by the petitioner according to section 345 of the Act of 1857 ten days before the first sitting shall be a statement of affairs in the form prescribed for bankrupts or as near thereto as the circumstances of the case will allow, but shall not include an accounting statement unless ordered by the Court.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  36. #1702828

    Ag an gcéad suí agus dá éis sin, agus cibé acu a chuirfear an suí sin ar atráth nó nach gcuirfear, nuair a ordóidh an Chúirt é, agus i ngach cás tar éis an dara suí faoi alt 346 d'Acht 1857, ceapfar suí os comhair an Scrúdaitheora chun tuilleadh fiach a chruthú, ar suí é a ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil fógra sé lá roimh ré faoi a thabhairt, leis an bpost réamhíoctha, do gach creidiúnaí a bheidh ainmnithe i gcuntas nó i ráiteas gnóthaí an achainígh agus nach mbeidh cruthaithe aige cheana féin, agus deimhneoidh an Sannaí Oifigiúil dáta postála an fhógra sin.

    At and after the first sitting and whether the same be adjourned or not, when the Court shall so direct, and in all cases after the second sitting under section 346 of the Act of 1857, a sitting shall be appointed before the Examiner for further proof of debts, of which six days' previous notice by prepaid post shall be given by the Official Assignee to every creditor named in the petitioner's account or statement of affairs who shall not have already proved, and the Official Assignee shall certify the date of posting thereof.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  37. #1702860

    Le linn cuntas a dheimhniú scrúdóidh an Scrúdaitheoir míreanna an chuntais agus na dearbháin agus na doiciméid a bheidh bainteach leo, fardal an Teachtaire ar an maoin a bheidh urghafa nó a mbeidh seilbh glactha uirthi, agus an ráiteas gnóthaí (más ann).

    At the vouching of an account the Examiner shall examine the items of the account and the vouchers and the documents relating thereto the Messenger's inventory of the property seized or taken possession of, and the statement of affairs (if any).

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  38. #1702893

    Má éilíonn an Sannaí Oifigiúil amhlaidh, socrófar suí os comhair an Scrúdaitheora chun fiacha tosaíochta a fhionnadh, agus cuirfidh an Sannaí Oifigiúil, deich lá glan roimh dháta an tsuí sin, fógra leis an bpost chuig gach duine a bheidh ag éileamh, nó a mbeidh luaite sa ráiteas gnóthaí é a bheith i dteideal, íocaíochta tosaíochta.

    If the Official Assignee shall so require, a sitting before the Examiner shall be fixed for the ascertaining of preferential debts, and the Official Assignee ten clear days before the date of such sitting shall send notice by post to all persons claiming or stated in the statement of affairs to be entitled to a preferential payment.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  39. #1702909

    Air sin socrófar lá chun an t-iarratas ar an deimhniú a éisteacht, agus déanfaidh an féimheach fógra ina thaobh sin a sheirbheáil ar na sannaithe, agus tabharfar leis an bpost é lá is fiche roimh an lá sin do gach creidiúnaí a bheidh taifeadta i ráiteas gnóthaí an fhéimhigh nó a mbeidh fiach cruthaithe nó éilithe aige faoin bhféimheacht.

    Thereupon a day shall be fixed for the hearing of the application for the certificate, and a notice thereof shall be served by the bankrupt on the assignees, and shall be given by post twenty-one days before such day to each creditor entered in the bankrupt's statement of affairs or who has proved or claimed a debt under the bankruptcy.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  40. #1702926

    Déanfaidh an Sannaí Oifigiúil, díreach tar éis ráiteas gnóthaí an fhéimhigh a fháil, é a scrúdú agus rachaidh sé i gcumarsáid go hiomlán le sannaí an chreidiúnaí (más ann) agus leis an aturnae thar ceann na sannaithe, agus leis an bhféimheach, maidir le haon chuid den ráiteas a mheasfaidh sé is gá.

    The Official Assignee, immediately on receiving the statement of affairs of the bankrupt, shall examine the same, and shall communicate fully with the creditor's assignee (if any) and with the solicitor for the assignees, and with the bankrupt, upon any part of the statement as he shall consider necessary.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  41. #1705781

    Mionnaímse, as , agus deirim gur ráiteas fíor comhlán iomlán ar ghnóthaí na cuideachta thuasainmnithe ar an lá sin de , 19 , de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim, atá sa ráiteas gnóthaí atá i gceangal leis seo, ar shínigh mé m'ainm ar gach leathanach de, mar aon leis na liostaí leithleacha atá ag gabháil leis, ar shínigh mé m'ainm ar gach liosta díobh, agus díreach roimh an ordú sin go raibh na gnóthaí seo a leanas á seoladh ag an gcuideachta ag na seoltaí seo a leanas

    I, of make oath and say that the statement of affairs attached hereto, upon each page of which I have signed my name, and the several lists thereunto annexed, upon each of which said lists I have signed my name, are to the best of my knowledge and belief a full true and complete statement of the affairs of the above-named company on the said day of , 19 and that immediately prior to the said order the company carried on the following businesses at the following addresses

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  42. #1706269

    Ní mór ráiteas gnóthaí an fhéimhigh, arna fhíorú faoi mhionn san fhoirm fhorordaithe, a chomhdú in Oifig an Scrúdaitheora, i ndúblach, tráth nach déanaí ná an lá roimh an gcéad suí poiblí atá luaite sa toghairm lastall.

    The statement of affairs to the bankrupt, verified upon oath in the prescribed form is to be filed in the Examiner's Office in duplicate at latest on the day before the first public sitting mentioned in the summons on the other side.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  43. #1706392

    Tá de dhualgas ar an bhféimheach a ráiteas gnóthaí a ullmhú san fhoirm seo agus eolas cruinn a thabhairt sna ráitis is cuí do na colúin leithleacha atá ann dóibh. I dtaobh dátaí agus suimeanna, ní mór cúram ar leith a ghlacadh.

    It is the duty of the bankrupt to prepare his statement of affairs in this form and to be accurate in making the statements for which the several columns are intended. Particular attention is required as to dates and amounts.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  44. #1702808

    Sonrófar go beacht san fhógra san Iris Oifigiúil an tairiscint imshocraíochta a bheidh le déanamh ag na cruinnithe, agus déanfar cóip den fhógra sin a tharchur leis an bpost réamhíoctha, deich lá roimh gach ceann de na cruinnithe, chuig gach creidiúnaí a bheidh ainmnithe i ráiteas gnóthaí an fhéimhigh, nó a mbeidh fiach cruthaithe aige, agus déanfar an tairiscint imshocraíochta a leagan amach, i scríbhinn, freisin, trína formhuiniú ar ráiteas an fhéimhigh: ar an gcoinníoll go ndéanfar gach creidiúnaí i leith shuim £500 agus os a chionn sin agus a mbeidh cónaí air lasmuigh den dlínse a sheirbheáil trí chóip den fhógra faoin dara ceann de na cruinnithe sin a tharchur leis an bpost réamhíoctha in am trátha chun a chur ar a chumas vótáil ag an gcruinniú sin.

    The notice in Iris Oifigiúil shall specify the precise offer of composition to be made at the meetings, and a copy of such notice shall be transmitted by prepaid post ten days before each of the meetings to each creditor named in the bankrupt's statement of affairs, or who has proved a debt, and the offer of composition shall also be set forth in writing by indorsement on the bankrupt's statement: provided that every creditor to the amount of £500 and upwards residing out of the jurisdiction shall be served by transmitting a copy of the notice of the second of the said meetings by prepaid post in sufficient time to enable him to vote thereat.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  45. #1702855

    Déanfaidh an Sannaí Oifigiúil, roimh an suí, liosta a ullmhú de na mionnscríbhinní sin go léir a bheidh curtha chuige ar chóir, ina thuairim, iad a ghlacadh mar chruthúnais (ag sonrú bannaí, billí, nótaí nó doiciméid eile a bheidh tugtha ar aird nó ba chóir a thabhairt ar aird) agus de cibé fiacha eile ar chóir, i dtuairim an tSannaí Oifigiúil, iad a admháil gan chruthúnas ar chuntais arna dtabhairt dó nó ar an bhféimheach nó ar an bhféichiúnaí comhshocraíochta a cheistiú nó ar a ráiteas gnóthaí, nó eile (ag sonrú na ndoiciméad a bheidh tugtha ar aird nó ba chóir a thabhairt ar aird amhail mar a luaitear roimhe seo), agus féadfaidh an Chúirt na fiacha sin a admháil dá réir sin gan chruthúnas, mura mbeidh siad á ndíospóid, agus síneoidh sí an liosta sin agus cuirfidh sí é, maille leis na cruthúnais, ar chomhad na n-imeachtaí.

    The Official Assignee shall previous to the sitting prepare a list of all such affidavits sent to him as in his opinion ought to be admitted as proofs (specifying bonds, bills, notes or other documents produced or which ought to be produced) and of all other debts which ought in the opinion of the Official Assignee to be admitted without proof upon accounts furnished to him or upon the examination of the bankrupt or arranging debtor or upon his statement of affairs, or otherwise (specifying the documents produced or which ought to be produced as before mentioned), and the Court may admit such debts accordingly without proof, if undisputed, and shall sign such list and place the same with the proofs on the file of proceedings.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  46. #1702901

    Ag an suí le haghaidh cheistiú deiridh an fhéimhigh cuirfidh an Sannaí Oifigiúil a thuarascáil i dtaobh na féimheachta faoi bhráid na Cúirte, agus léireofar sa tuarascáil sin na fiacha a mbeidh tuairiscithe iad a bheith dlite don eastát, cá mhéad a bheidh faighte an tuairisceán sin a bheith ceart, cá mhéad a bheidh an t-eastát réadaithe ag na sannaithe, cá mhéad a bheidh na dualgais a bheidh forchurtha ar an bhféimheach le reacht comhlíonta aige agus gach faisnéis agus cabhair riachtanach tugtha aige, cá mhéad a bheidh na míreanna ina ráiteas gnóthaí agus ina ráiteas cuntasaíochta (más rud é go mbeidh ceann comhdaithe) deimhnithe agus cibé acu a bheidh, ina thuairim, aon fhaisnéis eile ag teastáil, nó an féidir bheith ag súil léi, ón bhféimheach ar aon ábhar a bhainfidh lena eastát.

    At the sitting for the final examination of the bankrupt the Official Assignee shall submit to the Court his report respecting the bankruptcy, showing the debts returned as due to the estate, how far such return has been found to be correct, how far the estate has been realised by the assignees, how far the bankrupt has performed the duties imposed upon him by statute and afforded all necessary information and assistance, how far the items in his statement of affairs and accounting statement (if filed) have been vouched and whether in his opinion any other information is required or can be expected from the bankrupt on any matter connected with his estate.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna