Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1862441

    ciallaíonn “rátáil chreidmheasa gan iarraidh” agus “rátáil cheannasach gan iarraidh”, faoi seach, rátáil chreidmheasa nó rátáil cheannasach arna sannadh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa seachas arna iarraidh sin;

    ‘unsolicited credit rating’ and ‘unsolicited sovereign rating’ mean, respectively, a credit rating or a sovereign rating assigned by a credit rating agency other than upon request;

    Téacs comhdhlúite: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  2. #1863341

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe 1 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I má eisíonn sí rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar gan tuarascáil mhionsonraithe taighde a chur isteach i gcomhthráth ina mínítear na boinn tuisceana, na paraiméadair, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí agus aon fhaisnéis eile a chuirtear san áireamh agus an rátáil cheannasach sin á cinneadh nó an tuar rátála sin á chinneadh nó mura ndéanann sí an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí agus a áirithiú go bhfuil sí soiléir agus éasca le tuiscint.

    The credit rating agency infringes point 1 of Part III of Section D of Annex I by issuing a sovereign rating or a related rating outlook without simultaneously providing a detailed research report explaining all the assumptions, parameters, limits and uncertainties and any other information taken into account in determining that sovereign rating or rating outlook or by not making that report publicly available, clear and easily comprehensible.

    Téacs comhdhlúite: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  3. #2229637

    Lean rátáil cheannasach na Gréige de bheith ag feabhsú in 2021 d’ainneoin na paindéime, lenar laghdaíodh an bhearna don ghrád infheistíochta.

    Greece’s sovereign credit rating has continued to improve in 2021 despite the pandemic, further narrowing the gap to investment grade.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/216 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 maidir le faireachas feabhsaithe a fhadú don Ghréig (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 865) (Is ag an téacs sa Ghréigis a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)

  4. #1863208

    I gcás ina n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar, beidh ag gabháil leis an rátáil nó leis an tuar rátála tuarascáil mhionsonraithe taighde ina míneofar na boinn tuisceana, na paraiméadair, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí agus aon fhaisnéis eile a chuirfear san áireamh agus an rátáil sin á cinneadh nó an tuar sin á chinneadh.

    Where a credit rating agency issues a sovereign rating or a related rating outlook, it shall simultaneously provide a detailed research report explaining all the assumptions, parameters, limits and uncertainties and any other information taken into account in determining that sovereign rating or rating outlook.

    Téacs comhdhlúite: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  5. #1863210

    Áireofar i dtuarascáil taighde a bheidh ar fáil go poiblí agus a ghabhann le hathrú ar an rátáil cheannasach a bhí ann roimhe sin nó leis an tuar rátála gaolmhar, ar a laghad, na nithe seo a leanas:

    A publicly available research report accompanying a change compared to the previous sovereign rating or related rating outlook shall include at least the following:

    Téacs comhdhlúite: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  6. #1863219

    Gan dochar do phointe 5 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear i gcomhréir leis an bpointe sin go bhfuil míniú le tabhairt ina preaseisiúintí nó ina tuarascálacha ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, nuair a bhíonn rátáil chreidmheasa á fógairt aici, ar na príomhthosca is bonn don rátáil chreidmheasa agus cé go bhféadfadh sé go bhfónfadh beartais náisiúnta mar thoisc is bonn do rátáil cheannasach, ní bheidh moltaí beartais, réamhthuair nó treoirlínte d’eintitis rátála, lena n-áirítear Stáit nó údaráis réigiúnacha nó áitiúil Stát, ina gcuid de rátálacha cheannasacha nó de thuartha rátála.

    Without prejudice to point 5 of Part I of Section D of Annex I, in accordance with which, when announcing a credit rating, a credit rating agency is to explain in its press releases or reports the key elements underlying the credit rating and although national policies may serve as an element underlying a sovereign rating, policy recommendations, prescriptions or guidelines to rated entities, including States or regional or local authorities of States, shall not be part of sovereign ratings or rating outlooks.

    Téacs comhdhlúite: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  7. #1863337

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 3 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, má fhoilsíonn sí rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar le linn uaireanta gnó na margaí rialáilte nó laistigh d’uair an chloig sula n-osclaíonn margaí den sórt sin.

    The credit rating agency infringes Article 10(2), in conjunction with point 3 of Part III of Section D of Annex I, by publishing a sovereign rating or a related rating outlook during business hours of regulated markets or less than one hour before their opening.

    Téacs comhdhlúite: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  8. #1863338

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 4 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, má dhéanann sí moltaí beartais, réamhthuair beartais nó treoirlínte beartais d’eintitis rátáilte, lena n-áirítear Stáit nó údaráis réigiúnacha nó áitiúla Stát, a áireamh mar chuid de rátáil cheannasach nó de thuartha rátála.

    The credit rating agency infringes Article 10(2), in conjunction with point 4 of Part III of Section D of Annex I, by including policy recommendations, prescriptions or guidelines to rated entities, including States or regional or local authorities of States, as part of a sovereign rating or a related rating outlook.

    Téacs comhdhlúite: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  9. #1863342

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe 2 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I mura n-eisíonn sí tuarascáil taighde a bhfuil fáil go poiblí uirthi a bhíonn ag gabháil le hathrú a rinneadh i gcomparáid le rátáil cheannasach roimhe sin nó le tuar rátála gaolmhar nó mura ndéanann sí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2(a) go (d) de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, ar a laghad, a áireamh sa tuarascáil sin.

    The credit rating agency infringes point 2 of Part III of Section D of Annex I by not issuing a publicly available research report accompanying a change compared to the previous sovereign rating or related rating outlook or by not including in that report at least the information referred to in point 2(a) to (d) of Part III of Section D of Annex I.