Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

29 toradh in 4 dhoiciméad

  1. #574079

    Is sócmhainn neamhairgeadais é órbhuillean nach bhfuil sealbhaithe mar chúlsócmhainn agus áirítear é in ór neamhairgeadaíochta.

    Gold bullion not held as reserve assets is a non-financial asset and is included in non-monetary gold.

    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  2. #577068

    Baineann gach ceann de na léasanna sin le sócmhainn neamhairgeadais a úsáid:

    Each of these leases relates to the use of a non-financial asset:

    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  3. #2981831

    sócmhainn airgeadais agus sócmhainn neamhairgeadais;

    a financial asset and a non-financial asset;

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2987214

    sócmhainn nó dliteanas neamhspleách (e.g. ionstraim airgeadais nó sócmhainn neamhairgeadais); nó

    a stand-alone asset or liability (eg a financial instrument or a non-financial asset); or

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2979511

    Más é a leanann ina dhiaidh sin as fálú ar idirbheart réamhaisnéise go n-aithnítear sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais, nó má thagann idirbheart réamhaisnéise le haghaidh sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais chun bheith ina cheangaltas daingean a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe cóirluacha i bhfeidhm lena aghaidh, glacfaidh an t-eintiteas (a) nó (b) thíos:

    If a hedge of a forecast transaction subsequently results in the recognition of a non-financial asset or a non-financial liability, or a forecast transaction for a non-financial asset or non-financial liability becomes a firm commitment for which fair value hedge accounting is applied, then the entity shall adopt (a) or (b) below:

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #2983874

    más é a leanann ina dhiaidh sin as fálú ar idirbheart réamhaisnéise go n-aithnítear sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais, nó má thagann idirbheart réamhaisnéise le haghaidh sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais chun bheith ina cheangaltas daingean a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe luacha chóir i bhfeidhm lena aghaidh, bainfidh an t-eintiteas an méid sin de chúlchiste fálaithe an tsreafa airgid agus cuirfidh san áireamh é go díreach sa chostas tosaigh nó i suim ghlanluacha eile na sócmhainne nó an dliteanais.

    if a hedged forecast transaction subsequently results in the recognition of a non-financial asset or non-financial liability, or a hedged forecast transaction for a non-financial asset or a non-financial liability becomes a firm commitment for which fair value hedge accounting is applied, the entity shall remove that amount from the cash flow hedge reserve and include it directly in the initial cost or other carrying amount of the asset or the liability.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2983893

    más é a leanann ina dhiaidh sin as an mír fhálaithe go n-aithnítear sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais, nó ceangaltas daingean le haghaidh sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe luacha chóir i bhfeidhm lena aghaidh, bainfidh an t-eintiteas an méid ón ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna agus cuirfidh san áireamh é go díreach sa chostas tosaigh nó i suim ghlanluacha eile na sócmhainne nó an dliteanais.

    if the hedged item subsequently results in the recognition of a non-financial asset or a non-financial liability, or a firm commitment for a non-financial asset or a non-financial liability for which fair value hedge accounting is applied, the entity shall remove the amount from the separate component of equity and include it directly in the initial cost or other carrying amount of the asset or the liability.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2317499

    Tuairisc ar an bhfíoras nach ionann an úsáid is airde agus an úsáid is fearr a bhaintear as sócmhainn neamhairgeadais agus an úsáid a bhaintear as faoi láthair

    Description of fact that highest and best use of non-financial asset differs from current use

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/352 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonrú 2021 ar an tacsanomaíocht a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála i dtaca leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach aonair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2318252

    Tuairisc ar an gcúis go bhfuil sócmhainn neamhairgeadais á húsáid ar bhealach atá éagsúil ón úsáid is airde agus ón úsáid is fearr a d’fhéadfaí a bhaint aisti

    Description of reason why non-financial asset is being used in manner different from highest and best use

  10. #2593416

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2553 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonrú 2022 ar an tacsanomaíocht le haghaidh na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  11. #2594164

  12. #2977260

    Cuimsítear freisin leis an sainmhíniú ar ionstraim airgeadais conradh as a n-eascraíonn sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais i dteannta sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais.

    The definition of a financial instrument also encompasses a contract that gives rise to a non-financial asset or non-financial liability in addition to a financial asset or financial liability.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #2979709

    Dá réir sin, mír fhálaithe atá i sócmhainn neamhairgeadais nó i ndliteanas neamhairgeadais ina hiomláine nó ina iomláine amháin, nó le haghaidh riosca malairte eachtraí amháin.

    Thus, a non-financial asset or non-financial liability is a hedged item only in its entirety or for foreign exchange risk.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  14. #2987259

    31 Is leis an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais a bhunaítear an bonn luachála chun luach cóir na sócmhainne a thomhas, mar a leanas:

    31 The highest and best use of a non-financial asset establishes the valuation premise used to measure the fair value of the asset, as follows:

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  15. #2987512

    Úsáid á baint ag rannpháirtithe sa mhargadh as sócmhainn neamhairgeadais lena n-uasmhéadófaí luach na sócmhainne nó an ghrúpa sócmhainní agus dliteanas (e.g. gnólacht) ar laistigh de a d’úsáidfí an tsócmhainn.

    The use of a non-financial asset by market participants that would maximise the value of the asset or the group of assets and liabilities (eg a business) within which the asset would be used.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  16. #2987564

    maidir le sócmhainn neamhairgeadais, an bonn luachála is iomchuí don tomhas (i gcomhréir lena úsáid is airde agus is fearr).

    for a non-financial asset, the valuation premise that is appropriate for the measurement (consistently with its highest and best use).

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  17. #2992106

    D’fhéadfadh an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais luach uasta a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh trína húsáid ar bhonn neamhspleách.

    The highest and best use of a non-financial asset might provide maximum value to market participants on a stand-alone basis.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  18. #579591

    Má aicmítear an t-aonad urrúsaithe mar idirghabhálaí airgeadais eile (S.125), tuairisceofar an t-urrúsú mar dhíolachán sócmhainní dá bhrí sin: gan aon tionchar díreach aige ar fhiachas an rialtais, agus tionchar aige ar easnamh rialtais má bhaineann na sreafaí urrúsaithe le sócmhainn neamhairgeadais.

    If the securitisation unit is classified as other financial intermediary (S.125), then the securitisation will be reported as a sale of assets, with no direct impact on government debt, and with an impact on government deficit if the flows are securitised on a non-financial asset.

    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  19. #2317501

    An tuairisc ar an bhfíoras, maidir le húsáid a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais lena n-uasmhéadófaí luach na sócmhainne nó an ghrúpa sócmhainní agus dliteanas (gnólacht, mar shampla) a mbainfí úsáid as an tsócmhainn laistigh de, go mbeadh an úsáid sin difriúil leis an úsáid a bhaintear as faoi láthair.

    The description of the fact that the use of a non-financial asset that would maximise the value of the asset or the group of assets and liabilities (for example, a business) within which the asset would be used differs from its current use.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/352 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonrú 2021 ar an tacsanomaíocht a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála i dtaca leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach aonair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  20. #2318253

    An tuairisc ar an gcúis go bhfuil sócmhainn neamhairgeadais á húsáid ar bhealach atá éagsúil ón úsáid lena n-uasmhéadófaí luach na sócmhainne nó an ghrúpa sócmhainní agus dliteanas (gnólacht, mar shampla) a mbainfí úsáid as an tsócmhainn laistigh de.

    The description of the reason why a non-financial asset is being used in a manner that is different from the use that would maximise the value of the asset or the group of assets and liabilities (for example, a business) within which the asset would be used.

  21. #2593418

    An tuairisc ar an bhfíoras, maidir le húsáid a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais lena n-uasmhéadófaí luach na sócmhainne nó an ghrúpa sócmhainní agus dliteanas (gnólacht, mar shampla) a mbainfí úsáid as an tsócmhainn laistigh de, go mbeadh an úsáid sin difriúil leis an úsáid a bhaintear as faoi láthair.

    The description of the fact that the use of a non-financial asset that would maximise the value of the asset or the group of assets and liabilities (for example, a business) within which the asset would be used differs from its current use.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2553 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonrú 2022 ar an tacsanomaíocht le haghaidh na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  22. #2594165

    An tuairisc ar an gcúis go bhfuil sócmhainn neamhairgeadais á húsáid ar bhealach atá éagsúil ón úsáid lena n-uasmhéadófaí luach na sócmhainne nó an ghrúpa sócmhainní agus dliteanas (gnólacht, mar shampla) a mbainfí úsáid as an tsócmhainn laistigh de.

    The description of the reason why a non-financial asset is being used in a manner that is different from the use that would maximise the value of the asset or the group of assets and liabilities (for example, a business) within which the asset would be used.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2553 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonrú 2022 ar an tacsanomaíocht le haghaidh na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #2979448

    Más sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais í an mhír fhálaithe, ainmneofar mar mhír fhálaithe í (a) le haghaidh rioscaí malairte eachtraí, nó (b) ina hiomláine le haghaidh na rioscaí uile, mar gheall ar a dheacra atá sé an chuid iomchuí de na sreafaí airgid nó na hathruithe ar luach cóir atá inchurtha i leith rioscaí sonracha nach rioscaí malairte eachtraí iad a leithlisiú agus a thomhas.

    If the hedged item is a non-financial asset or non-financial liability, it shall be designated as a hedged item (a) for foreign currency risks, or (b) in its entirety for all risks, because of the difficulty of isolating and measuring the appropriate portion of the cash flows or fair value changes attributable to specific risks other than foreign currency risks.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #2981985

    B43 Chun a shuíomh iomaíoch a chosaint, nó ar chúiseanna eile, féadfaidh an faighteoir a bheartú gan úsáid ghníomhach a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais a fuarthas, nó féadfaidh sé a bheartú gan an tsócmhainn a úsáid de réir na húsáide is mó agus is fearr atá aici.

    B43 To protect its competitive position, or for other reasons, the acquirer may intend not to use an acquired non-financial asset actively, or it may not intend to use the asset according to its highest and best use.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  25. #2987254

    Glactar leis gurb í an úsáid is airde agus is fearr atá san úsáid reatha a bhaineann eintiteas as sócmhainn neamhairgeadais, ach amháin má thugann fachtóirí margaidh nó fachtóirí eile le tuiscint go ndéanfaí luach na sócmhainne a uasmhéadú dá mbainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh úsáid eile aisti.

    However, an entity’s current use of a non-financial asset is presumed to be its highest and best use unless market or other factors suggest that a different use by market participants would maximise the value of the asset.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  26. #2987255

    30 Chun a shuíomh iomaíoch a chosaint, nó ar chúiseanna eile, féadfaidh eintiteas a bheartú gan úsáid ghníomhach a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais a fuarthas, nó féadfaidh sé a bheartú gan an tsócmhainn a úsáid de réir na húsáide is airde agus is fearr atá aici.

    30 To protect its competitive position, or for other reasons, an entity may intend not to use an acquired non-financial asset actively or it may intend not to use the asset according to its highest and best use.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  27. #2987260

    D’fhéadfadh an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais luach uasta a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh trína húsáid i gcomhcheangal le sócmhainní eile mar ghrúpa (mar a shuiteáiltear nó mar a chumraítear ar bhealach eile le húsáid) nó i gcomhcheangal le sócmhainní agus dliteanais eile (e.g. gnólacht).

    The highest and best use of a non-financial asset might provide maximum value to market participants through its use in combination with other assets as a group (as installed or otherwise configured for use) or in combination with other assets and liabilities (eg a business).

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  28. #2987263

    Toimhdí faoin úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais, beidh siad comhsheasmhach le haghaidh na sócmhainní uile (dá bhfuil an úsáid is airde agus is fearr ábhartha) sa ghrúpa sócmhainní nó sa ghrúpa sócmhainní agus dliteanais ar laistigh díobh a d’úsáidfí an tsócmhainn.

    Assumptions about the highest and best use of a non-financial asset shall be consistent for all the assets (for which highest and best use is relevant) of the group of assets or the group of assets and liabilities within which the asset would be used.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #2987479

    maidir le tomhais cóirluacha athfhillteacha agus neamh-athfhillteacha, má tá an úsáid is airde agus is fearr a bhaintear as sócmhainn neamhairgeadais difriúil ón úsáid reatha a mbaintear aisti, nochtfaidh eintiteas an méid sin agus an chúis leis an tsócmhainn neamhairgeadais a bheith á húsáid ar bhealach atá éagsúil leis an úsáid is airde agus is fearr a bhaint aisti.

    for recurring and non-recurring fair value measurements, if the highest and best use of a non-financial asset differs from its current use, an entity shall disclose that fact and why the non-financial asset is being used in a manner that differs from its highest and best use.