Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1788632

    Leis an aistriú chuig úsáid iomlán a bhaint as córais leictreonacha le haghaidh idirghníomhaíochtaí idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus idir údaráis chustaim, beidh na simplithe dá bhforáiltear sa Chód in ann teacht i bhfeidhm ina n-iomláine, agus, dá bharr sin, tiocfaidh feabhas ar mhalartú faisnéise idir gníomhaithe, clárófar teacht, iompar agus imeacht earraí ar bhonn níos éifeachtaí, beidh imréiteach custam láraithe agus rialuithe custaim comhchuibhithe ar fud chríoch custaim an Aontais, rud a laghdóidh costais riaracháin, rómhaorlathas, earráidí agus calaois i ndearbhuithe custaim agus i saor-roghnú an phointe allmhairithe.

    The shift to a complete use of electronic systems for interactions between economic operators and customs authorities, and between customs authorities, will enable the simplifications provided for in the Code to take full effect, resulting in improved exchange of information between actors, more effective registration of the arrival, transit and exit of goods, centralised customs clearance, and harmonised customs controls throughout the customs territory of the Union, thereby reducing administrative costs, red tape, errors and fraud in customs declarations, and import point shopping.

    Rialachán (AE) 2019/632 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

  2. #2088195

    Cuirfidh sé feabhas ar an gcoibhéis i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ar fud na mBallstát, agus sa tslí sin rannchuideofar le cosc a chur ar atreorú sreafaí earraí chuig na pointí is laige sa chóras rialaithe custaim, dá ngairtear “saor-roghnú an phointe Allmhairithe” go minic.

    It will improve equivalence in the performance of customs controls across the Member States and thereby contribute to preventing the diversion of flows of goods towards the weakest points in the customs control system, often referred to as ‘import point shopping’.

    Rialachán (AE) 2021/1077ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha,an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim