#1704327
Beidh cumhacht ag an Máistir Fómhais an tréimhse ama i gcomhair aon imeachtaí os a chomhair a theorannú nó a fhadú, agus i gcás ina mbeidh, leis na Rialacha seo nó le haon ordú, tréimhse ama ceaptha i gcomhair aon imeachtaí os comhair Máistir Fómhais nó ag Máistir Fómhais, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, beidh cumhacht ag an Máistir Fómhais sin, ó thráth go chéile, an tréimhse ama a bheidh ceaptha a fhadú ar cibé téarmaí (más ann) a dhlífidh an ceartas sa chás, agus bíodh nach mbeidh an t-iarratas air sin déanta go dtí tar éis dheireadh na tréimhse ama a bheidh ceaptha, ní gá deimhniú nó ordú a dhéanamh chun na críche sin mura n-éileofar é ar aon chúis speisialta.
The Taxing Master shall have power to limit or extend the time for any proceedings before him, and where, by these Rules or any order, a time is appointed for any proceedings before or by a Taxing Master, unless the Court shall otherwise direct, such Taxing Master shall have power from time to time to extend the time appointed upon such terms (if any) as the justice of the case may require, and although the application for the same is not made until after the expiration of the time appointed, it shall not be necessary to make a certificate or order for this purpose unless required for any special reason.