Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

25 toradh in 8 ndoiciméad

  1. #618334

    Uasteorainn na n-acmhainní dílse a urramú

    Respect of own resources ceiling

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  2. #618512

    Uasteorainn na n-acmhainní dílse mar chéatadán de OIN

    Own Resources Ceiling as a percentage of GNI

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  3. #618349

    ríomhfaidh sé an corrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom;

    calculation of the margin available under the own-resources ceiling set in accordance with Decision 2007/436/EC, Euratom;

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  4. #2223190

    Iomlán na n-acmhainní dílse mar chéatadán de OIN: (157700699712) / (14874288200000) = 1,06 %; uasteorainn na n-acmhainní dílse mar chéatadán de OIN: 1,40 %.

    Total own resources as percentage of GNI: (157700699712) / (14874288200000) = 1,06 %; own resources ceiling as percentage of GNI: 1,40 %.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  5. #3163843

    Is é uasteorainn na n-acmhainní dílse an t-uasmhéid acmhainní is féidir leis an gCoimisiún a iarraidh ar na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh in aon bhliain ar leith.

    The own resources ceiling is the maximum amount of resources that the Commission can ask Member States to contribute in a given year.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  6. #3163853

    Foráiltear le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 go dtiocfaidh méadú 0.6 pointe céatadáin de OIN an Aontais ar uasteorainn na n-acmhainní dílse ar bhonn sealadach.

    Decision (EU, Euratom) 2020/2053 provides for a temporary increase of the own resources ceiling by 0,6 percentage points of EU GNI.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  7. #3163855

    Rachaidh an méadú sin ar uasteorainn na n-acmhainní dílse in éag nuair a bheidh gach ciste aisíoctha agus nuair nach ann a thuilleadh do na dliteanais uile a bhaineann le NextGenerationEU.

    This increase in the own resources ceiling will expire when all funds have been repaid and all liabilities associated with NextGenerationEU have ceased to exist.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  8. #618335

    I ndáil le gach ceann de na blianta a chumhdaítear le CAI, ní eascróidh ráta glaoite isteach d'acmhainní dílse lena rachfar thar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom, as na leithreasaí iomlána do na híocaíochtaí a éilítear, tar éis an choigeartaithe bhliantúil agus tar éis aon choigeartuithe agus athbhreithnithe eile, chomh maith le cur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3 d'Airteagal 3, a chur san áireamh.

    For each of the years covered by the MFF, the total appropriations for payments required, after annual adjustment and taking account of any other adjustments and revisions as well as the application of paragraphs 2 and 3 of Article 3, shall not be such as to produce a call-in rate for own resources that exceeds the own resources ceiling set in accordance with Decision 2007/436/EC, Euratom.

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  9. #618336

    I gcás inar gá, déanfar na huasteorainneacha a leagfar síos i CAI a ísliú trí athbhreithniú lena áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom.

    Where necessary, the ceilings set in the MFF shall be lowered by way of revision in order to ensure compliance with the own-resources ceiling set in accordance with Decision 2007/436/EC, Euratom.

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  10. #618418

    Gan dochar d'Airteagal 4(2), d'Airteagal 18 go hAirteagal 22 agus d'Airteagal 25, má thagann imthosca gan choinne chun cinn, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar CAI i gcomhlíonadh uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom.

    Without prejudice to Article 4(2), Articles 18 to 22 and Article 25, in the event of unforeseen circumstances, the MFF may be revised in compliance with the own-resources ceiling set in accordance with Decision 2007/436/EC, Euratom.

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  11. #618483

    Más gá go slógfaí na ráthaíochtaí a tugadh faoi bhuiséad ghinearálta an Aontais do na hiasachtaí a tugadh faoin tSaoráid Comhardaithe Íocaíochta nó faoin Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh.332/2002 ón gComhairle(2)agus i Rialachán (AE) Uimh 407/2010 ón gComhairle(3), faoi seach, ba cheart an méid atá riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochta CAI, agus uasteorainn na n-acmhainní dílse á hurramú ag an am céanna.

    If it is necessary to mobilise the guarantees given under the general budget of the Union for the loans provided under the Balance of Payment Facility or the European Financial Stabilisation Mechanism set out in Council Regulation (EC) No 332/2002(2)and in Council Regulation (EU) No 407/2010(3), respectively, the necessary amount should be mobilised over and above the ceilings of the commitments and payments appropriations of the MFF, while respecting the own-resources ceiling.

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

  12. #1877822

    Tá gá le corrlach leordhóthanach idir na híocaíochtaí agus uasteorainn na n-acmhainní dílse chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann - i gcás ar bith - a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh, fiú le linn cúlú eacnamaíoch.

    A sufficient margin between the payments and the own resources ceiling is necessary to ensure that the Union is able – under any circumstances – to fulfil its financial obligations, even in times of economic downturn.

    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom

  13. #1877826

    Chun méid na n-acmhainní airgeadais a chuirtear ar fail don Aontas a choimeád gan athrú, is iomchuí uasteorainn na n-acmhainní dílse a choigeartú do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas arna sloinneadh mar chéatadán de OIN i gcás leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhfuil athruithe suntasacha ar leibhéal OIN mar thoradh orthu.

    In order to keep the amount of financial resources put at the disposal of the Union unchanged, it is appropriate to adjust the own resources ceiling for appropriations for payments and for appropriations for commitments expressed as a percentage of GNI, in the event of amendments to Regulation (EU) No 549/2013 of the European Parliament and of the Council which result in significant changes in the level of GNI.

    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom

  14. #1877836

    An cumhachtú a thugtar don Choimisiún cistí a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil thar ceann an Aontais chun bearta lena dtugtar aghaidh ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 a mhaoiniú agus chun na críche sin amháin, baineann sí go dlúth leis an méadú a tháinig ar uasteorainn na n-acmhainní dílse dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus, i ndeireadh na dála, le feidhmiú chóras acmhainní dílse an Aontais.

    The empowerment of the Commission to borrow funds on capital markets on behalf of the Union for the sole and exclusive purpose of financing measures to address the consequences of the COVID-19 crisis is closely related to the increase in the own resources ceilings foreseen in this Decision and, ultimately, to the functioning of the system of own resources of the Union.

    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom

  15. #1877950

    Beidh uasmhéid iomlán bliantúil na n-acmhainní airgid a fhéadfar a ghlao ar Bhallstát faoi mhír 5 teoranta, i ngach imthoisc, dá sciar coibhneasta bunaithe ar OIN sa mhéadú urghnách sealadach ar uasteorainn na n-acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 6.

    The maximum total annual amount of cash resources that may be called from a Member State under paragraph 5 shall in all circumstances be limited to its GNI-based relative share in the extraordinary and temporary increase in the own resources ceiling as referred to in Article 6.

    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom

  16. #1886767

    I gcomhréir le ról comhlántach na ráthaíochtaí sin, agus gan dochar dá gcineál neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh, meastar go mbainfidh an Coimisiún leas as an gcorrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe íocaíochta a mhéid a mheasfaidh an Coimisiún sin a bheith inbhuanaithe, ag féachaint inter alia do theagmhasacha iomlána an Aontais, lena n-áirítear faoin tsaoráid um chomhardú na híocaíochta arna bunú ag Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle sula nglaofaidh sé isteach na ráthaíochtaí sin arna dtabhairt ag na Ballstáit.

    In line with the complementary role of such guarantees, and without prejudice to their irrevocable, unconditional and on-demand nature, the Commission is expected, before calling on the guarantees provided by Member States, to draw on the margin available under the own‐resources ceiling for payment appropriations to the extent that it is deemed sustainable by the Commission, having regard, inter alia, to the total contingent liabilities of the Union, including under the balance of payments facility established by Council Regulation (EC) No 332/2002.

    Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19

  17. #1886846

    Sula nglaofaidh sé ar na ráthaíochtaí arna dtabhairt ag na Ballstáit, meastar go mbainfidh an Coimisiún, de réir a lánrogha féin agus a fhreagracht mar an institiúid sin de chuid an Aontais ar a chuirtear de chúram buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE, go mbainfidh sé leas as an gcorrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe íocaíochta a mhéid a mheasfaidh an Coimisiún sin a bheith inbhuanaithe, ag féachaint, inter alia, do dhliteanais theagmhála iomlána an Aontais, lena n-áirítear faoin tsaoráid um chomhardú na híocaíochta arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002, agus d'inbhuanaitheacht bhuiséad ghinearálta an Aontais.

    Before calling on guarantees provided by the Member States, the Commission, at its sole discretion and responsibility as the Union institution entrusted with the implementation of the general budget of the Union in accordance with Article 317 TFEU, is expected to examine the scope for drawing on the margin available under the own-resources ceiling for payment appropriations to the extent that it is deemed sustainable by the Commission, having regard, inter alia, to the total contingent liabilities of the Union, including under the balance of payments facility established by Regulation (EC) No 332/2002, and the sustainability of the general budget of the Union.

    Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19

  18. #2211869

    Maidir le méid iomlán na n-acmhainní dílse a leithdháiltear don Aontas chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach, ní sháróidh sé 1,40 % de shuim OIN na mBallstát uile (uasteorainn na n-acmhainní dílse).

    The total amount of own resources allocated to the Union to cover annual appropriations for payments shall not exceed 1,40 % of the sum of all the Member States’ GNIs (own resources ceiling).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  19. #2582540

    Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar don oibleagáid uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle a urramú.

    That possibility should be without prejudice to the obligation to respect the own resources ceiling laid down in Article 3(1) of Council Decision (EU, Euratom) 2020/2053.

    Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

  20. #2663913

    Maidir le méid iomlán na n-acmhainní dílse a leithdháiltear don Aontas chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach, ní sháróidh sé 1,40 % de shuim OIN na mBallstát uile (uasteorainn na n-acmhainní dílse).

    The total amount of own resources allocated to the Union to cover annual appropriations for payments shall not exceed 1,40 % of the sum of all the Member States’ GNIs (own resources ceiling).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  21. #2673385

    Chun an maoiniú le haghaidh Rialachán (AE) 2020/2094 a sholáthar, mhol an Coimisiún leasú ar Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 lenar údaraíodh don Aontas EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018 a fháil ar iasacht go sealadach agus go heisceachtúil, chun uasteorainn na n-acmhainní dílse a mhéadú chun freastal ar na dliteanais agus ar na dliteanais theagmhasacha le haghaidh iasachtaí do na Ballstáit.

    To provide the financing for Regulation (EU) 2020/2094, the Commission proposed an amendment to Decision (EU, Euratom) 2020/2053 which has authorised the Union to borrow temporarily and exceptionally an amount of EUR 750 billion in 2018 prices, to increase the own resources ceiling to accommodate the liabilities and contingent liabilities for loans to the Member States.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  22. #3047193

    Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú ar neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais ar dhliteanais theagmhasacha, ó EUR 131,9 billiún in 2020 go EUR 277,9 billiún in 2021; á aithint gurbh iad an dá chúis ba mhó a bhí leis an ardú substainteach sin ná tabhairt isteach NGEU agus méadú ar an méid iasachtaí a tugadh faoi ionstraim SURE; á chur in iúl go dtuigeann sí go maolaítear an riosca do bhuiséad an Aontais ó dhliteanais theagmhasacha trí uasteorainn na n-acmhainní dílse agus frithráthaíochtaí na mBallstát le haghaidh iasachtaí SURE a mhéadú;

    Notes with concern the increase in the Union budget’s total exposure to contingent liabilities from EUR 131,9 billion in 2020 to EUR 277,9 billion in 2021; acknowledges that the two main reasons for this substantial rise were the introduction of the NGEU and the increase in the amount of loans provided under the SURE instrument; understands that the risk to the Union budget from contingent liabilities is mitigated by the increase in the own resources ceiling and the counter-guarantees of Member States of SURE loans;

    Rún (AE) 2023/1825 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

  23. #3152361

    Maidir le méid iomlán na n-acmhainní dílse a leithdháiltear don Aontas chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach, ní sháróidh sé 1,40 % de shuim OIN na mBallstát uile (uasteorainn na n-acmhainní dílse).

    The total amount of own resources allocated to the Union to cover annual appropriations for payments shall not exceed 1,40 % of the sum of all the Member States’ GNIs (own resources ceiling).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  24. #3162373

    Chun an maoiniú le haghaidh Rialachán (AE) 2020/2094 a sholáthar, mhol an Coimisiún leasú ar Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 lenar údaraíodh don Aontas EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018 a fháil ar iasacht go sealadach agus go heisceachtúil, chun uasteorainn na n-acmhainní dílse a mhéadú chun freastal ar na dliteanais agus ar na dliteanais theagmhasacha le haghaidh iasachtaí do na Ballstáit.

    To provide the financing for Regulation (EU) 2020/2094, the Commission proposed an amendment to Decision (EU, Euratom) 2020/2053 which has authorised the Union to borrow temporarily and exceptionally an amount of EUR 750 billion in 2018 prices, to increase the own resources ceiling to accommodate the liabilities and contingent liabilities for loans to the Member States.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  25. #3163845

    Is é an lamháil atá ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse an difríocht idir an uasteorainn sin agus na cistí a theastaíonn ón Aontas chun na speansais dá bhforáiltear i mbuiséad an Aontais a chumhdach in aon bhliain ar leith.

    The available headroom under the own resources ceiling is the difference between this ceiling and the funds that the Union actually needs to cover the expenses foreseen by the Union budget in a given year.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024