#1665450
Le go bhféadfar constaicí teanga a shárú agus, ar an gcaoi sin, cúrsaíocht doiciméad poiblí a éascú tuilleadh idir na Ballstáit, ba cheart foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a bhunú i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais i gcás doiciméid phoiblí a bhaineann le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), agus le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí agus le héagmais taifid choiriúil.
In order to overcome language barriers and thereby further facilitate the circulation of public documents between the Member States, multilingual standard forms should be established in each of the official languages of the institutions of the Union for public documents concerning birth, a person being alive, death, marriage (including capacity to marry and marital status), registered partnership (including capacity to enter into a registered partnership and registered partnership status), domicile and/or residence, and absence of a criminal record.