Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

market

impact

report

69 toradh in 57 doiciméad

  1. #1668787

    Ina thuarascáil dhébhliantúil, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, a mheasúnú an bhfuil aon tionchar ag FATB ar éabhlóid na bpleananna taraife atá ar fáil ar na margaí miondíola.

    In its biennial reports, the Commission should, in particular, assess whether RLAH has any impact on the evolution of tariff plans available on the retail markets.

    Rialachán (AE) 2017/920 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le margaí fánaíochta mórdhíolaTéacs atá ábhartha maidir le LEE.

  2. #2351319

    Sna tuarascálacha sin, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, a mheasúnú an bhfuil aon tionchar ag FATB ar éabhlóid na bpleananna taraife atá ar fáil ar na margaí miondíola.

    In those reports, the Commission should, in particular, assess whether RLAH has any impact on the evolution of tariff plans available on the retail markets.

    Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2867782

    Déanfar táirgeadh barr eile a thuairisciú ar an leibhéal cobhsaí bogthaise margaidh caighdeánaí sa tír i gcás ina mbíonn tionchar ag bogthaise ar an margú, san fhoirm a úsáidtear go príomha le haghaidh trádála.

    Production of other crops shall be reported in the stable standard market humidity level in the country, where humidity impacts marketing, in the form mainly used for trade.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh ar tháirgeadh barr (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #1630220

    Tuarascáil maidir le Tionchar Ilstóras Grósaeireachta ar na Margaí Grósaeireachta agus Miondíola agus an Éifeacht a bhíonn aige ar Thomhaltóirí, ar Mhiondíoltóirí Grósaeireachta Beaga agus ar Sholáthraithe Grósaeireachta Beaga.

    REPORT ON THE IMPACT OF GROCERY MULTIPLES ON THE GROCERY AND RETAIL MARKETS AND ITS EFFECT ON CONSUMERS, SMALL GROCERY RETAILERS AND SMALL GROCERY SUPPLIERS.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  5. #1681824

    Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus an tionchar atá aici ar an gcomhshaol agus maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.”;

    By 31 December 2018, the Commission shall draw up a report on the implementation of this Directive and its impact on the environment and the functioning of the internal market.’;

    Treoir (AE) 2018/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, Treoir 2006/66/CE maidir le cadhnraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus Treoir 2012/19/AE maidir le trealamh dramhaíola leictreach agus leictreonach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #1799756

    Faoin 30 Meán Fómhair 2019, tabharfaidh ÚBE tuarascáil faoin tionchar atá ar institiúidí an Aontais ag caighdeáin idirnáisiúnta chun ceanglais cistí dílse a ríomh i gcás priacal margaidh.

    By 30 September 2019, EBA shall report on the impact, on institutions in the Union, of international standards to calculate the own funds requirements for market risk.

    Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  7. #2351323

    Ba cheart, thairis sin, go ndéanfaí measúnú i dtuarascálacha an Choimisiúin ar an tionchar atá ag imscaradh agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí nua, agus freisin ag paindéimí agus ag tubaistí nádúrtha, ar an margadh fánaíochta.

    Furthermore, the Commission’s reports should assess what impact the roll-out and implementation of new technologies, as well as pandemics and natural disasters, have on the roaming market.

    Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2484557

    Dá bhrí sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a sholáthar sna tuarascálacha tréimhsiúla a cheanglaítear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le tionchair na gcúig infheistíocht déag is tábhachtaí de chuid an táirge airgeadais.

    Financial market participants should therefore provide in the periodic reports required by Article 11 of Regulation (EU) 2019/2088 information on the impacts of the fifteen top investments of the financial product.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #3022945

    Déanfar measúnú sa tuarascáil ar thionchar na ndíolúintí arna ndeonú faoi Airteagal 5 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh eitlíochta.

    The report shall assess the impact on the functioning of the aviation internal market of the exemptions granted under Article 5.

    Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation)

  10. #590513

    Faoin 31 Nollaig 2015, tabharfaidh ÚBE tuarascáil don Choimisiún, bunaithe ar na hítímí a mbeidh tuairisc le déanamh orthu i gcomhréir le Cuid a Sé, Teideal III, á rá an mbeadh sé oiriúnach, agus conas a bheadh se oiriúnach, a áirithiú go n-úsáidfidh institiúidí foinsí cobhsaithe cistithe, lena n-áirítear an measúnú ar thionchar ar phróifíl ghnó agus ar phróifíl priacal institiúidí a bhunaítear san Aontas nó ar mhargaí airgeadais nó ar an ngeilleagar agus iasachtú bainc, ar measúnú é ina gcuirfear fócas faoi leith ar iasachtaí a thabhairt do FBManna agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla agus múnlaí maoinithe faoi bhealach agus iasachtú morgáiste comhoiriúnaithe ó thaobh maoinithe de agus faoin dóigh a mbeadh sé oiriúnach é sin a dhéanamh.

    By 31 December 2015, EBA shall report to the Commission, on the basis of the items to be reported in accordance with Part Six, Title III, on whether and how it would be appropriate to ensure that institutions use stable sources of funding, including an assessment of the impact on the business and risk profile of institutions established in the Union or on financial markets or the economy and bank lending, with a particular focus on lending to SMEs and on trade financing, including lending under official export credit insurance schemes and pass through financing models, including match funded mortgage lending.

    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  11. #2339238

    I bhfianaise na gné trasteorann a bhaineann le sonraí margaidh a láimhseáil, na cáilíochta sonraí agus an ghá atá ann barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun tionchar díobhálach na ndibhéirseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar cháilíocht sonraí agus ar chúram soláthraithe tuairiscithe sonraí araon a sheachaint, aistríodh, le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cumhachtaí údaraithe agus maoirseachta i dtaca le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (“DRSPanna”) san Aontas chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”).

    Given the cross-border dimension of market data handling, data quality and the necessity to achieve economies of scale, and to avoid the adverse impact of potential divergences on both data quality and the task of data reporting providers, Regulation (EU) 2019/2175 of the European Parliament and of the Council transferred authorisation and supervision powers with regard to the activities of data reporting services providers (‘DRSPs’) in the Union to the European Securities and Markets Authority (‘ESMA’).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a shonrú le haghaidh mhaolú an phrionsabail gurb é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a dhéanfaidh maoirseacht ar shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus ar shásraí tuairiscithe formheasta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  12. #2361812

    I bhfianaise na gné trasteorann a bhaineann le sonraí margaidh a láimhseáil, na cáilíochta sonraí agus an ghá atá ann barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun tionchar díobhálach na ndibhéirseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar cháilíocht sonraí agus ar chúram soláthraithe tuairiscithe sonraí araon a sheachaint, aistríodh, le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cumhachtaí údaraithe agus maoirseachta i dtaca le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (“DRSPanna”) san Aontas chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”).

    Given the cross-border dimension of market data handling, data quality and the necessity to achieve economies of scale, and to avoid the adverse impact of potential divergences on both data quality and the task of data reporting providers, Regulation (EU) 2019/2175 of the European Parliament and of the Council transferred authorisation and supervision powers with regard to the activities of data reporting services providers (‘DRSPs’) in the Union to the European Securities and Markets Authority (‘ESMA’).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú le haghaidh fheidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #2441234

    Sna conclúidí uaithi an 5 Nollaig 2019 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá faisnéis iontaofa, inchomparáide agus ábhartha maidir le rioscaí inbhuanaitheachta, deiseanna agus tionchair, agus d”iarr sí ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chaighdeán tuairiscithe neamhairgeadais Eorpach a fhorbairt.

    In its conclusions of 5 December 2019 on the deepening of the Capital Markets Union, the Council stressed the importance of reliable, comparable and relevant information on sustainability risks, opportunities and impacts, and called on the Commission to consider the development of a European non-financial reporting standard.

    Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  14. #2459581

    I bhfianaise na gné trasteorann a bhaineann le sonraí margaidh a láimhseáil, na cáilíochta sonraí agus an ghá atá ann barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun tionchar díobhálach na ndibhéirseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar cháilíocht sonraí agus ar chúram soláthraithe tuairiscithe sonraí araon a sheachaint, aistríodh, le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cumhachtaí údaraithe agus maoirseachta i dtaca le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (“DRSPanna”) san Aontas chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”).

    Given the cross-border dimension of market data handling, data quality and the necessity to achieve economies of scale, and to avoid the adverse impact of potential divergences on both data quality and the task of data reporting providers, Regulation (EU) 2019/2175 of the European Parliament and of the Council transferred authorisation and supervision powers with regard to the activities of data reporting services providers (‘DRSPs’) in the Union to the European Securities and Markets Authority (‘ESMA’).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a bhaineann le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí

  15. #2484495

    Chun a áirithiú gur féidir le hinfheisteoirí deiridh comparáid a dhéanamh ar an gcaoi ar bhreithnigh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na drochthionchair phríomha le himeacht ama, ba cheart do na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais comparáid stairiúil a sholáthar bliain ar bhliain ar a dtuarascálacha ar feadh na gcúig thréimhse thagartha roimhe sin ar a laghad, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

    To ensure that end investors can compare how financial market participants have considered the principal adverse impacts over time, financial market participants should provide a historical year-by-year comparison of their reports for at least the five previous reference periods, where available.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  16. #2764574

    Leis an gcuid seo de na ceanglais um thuairisciú cumhdaítear an riosca margaidh agus creidmheasa a eascraíonn as leibhéal nó luaineacht margadhphrasanna ionstraimí airgeadais, a imríonn tionchar ar luach sócmhainní agus dliteanas an ghnóthais nó an ghrúpa.

    This part of the reporting requirements covers the market and credit risk arising from the level or volatility of market prices of financial instruments, which have an impact upon the value of assets and liabilities of the undertaking or the group.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na teimpléid le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais chun an fhaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh orthu a chur faoi bhráid a n-údarás maoirseachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  17. #3022640

    Ba cheart forálacha a bheith sa Rialachán seo maidir le tuarascálacha tréimhsiúla a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le forbairt na margaí eitlíochta agus breoslaí, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus a thionchar ar mhargadh aeriompair an Aontais, maidir leis an nascacht go hoileáin agus go críocha iargúlta agus maidir le hiomaíochas aeriompróirí an Aontais agus na mol aerfoirt le hais a n-iomaitheoirí i dtíortha comharsanachta, maidir le héifeachtacht na bpríomhghnéithe atá sa Rialachán seo amhail sciartha íosta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus leibhéal na bhfíneálacha nó na bhforbairtí beartais maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    This Regulation should include provisions for periodic reports to the European Parliament and to the Council on the evolution of the aviation and fuels markets, on the implementation of this Regulation and its impact on the Union air transport market, on connectivity for islands and remote territories and on the competitiveness of Union air carriers and airport hubs in comparison with their competitors in neighbouring countries, the effectiveness of key features of this Regulation such as the minimum shares of SAF, the level of fines or policy developments on SAF uptake at international level.

    Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation)

  18. #3040270

    Dá bhrí sin, ba cheart na doiciméid nochta dá dtagraítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear an bhileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha, tuarascáil ar leithdháileadh agus tuarascáil tionchair, plean CapEx, i gcás inarb infheidhme, agus teimpléid roghnacha nochta do bhannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, chomh maith leis na hathbhreithnithe a dhéanann athbhreithneoirí seachtracha a bheith ar fáil go poiblí agus go saor.

    Therefore, the disclosure documents referred to in this Regulation, including the European Green Bond factsheet, allocation report and impact report, the CapEx plan, where applicable, and optional disclosure templates for bonds marketed as environmentally sustainable and for sustainability-linked bonds, as well as the reviews carried out by external reviewers, should be publicly and freely available.

    Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht

  19. #3151815

    Sna tuarascálacha measúnaithe ar éifeachtaí a foilsíodh an 1 Márta 2023 i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2578, rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) agus ACER anailís ar roinnt táscairí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar MCM ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm.

    In their effects assessment reports published on 1 March 2023 in accordance with Article 8 of Regulation (EU) 2022/2578, the European Securities and Markets Authority (‘ESMA’) and ACER analysed a number of indicators to assess the impact of the MCM since the entry into force of that Regulation.

    Rialachán (AE) 2023/2920 ón gComhairle an 21 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2578 a mhéid a bhaineann le fadú a thréimhse cur i bhfeidhm

  20. #303602

    1. Faoin 7 Nollaig 2012, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú ar an tslí a bhfuiltear ag brath ar rátálacha creidmheasa sa Chomhphobal, an tionchar ar an leibhéal comhchruinnithe sa mhargadh rátála creidmheasa, an costas agus an sochar atá le tionchar an Rialacháin agus oiriúnacht an luach saothair ón eintiteas rátáilte don ghníomhaireacht rátála creidmheasa (n-íocann an t-eisitheoir) agus tíolacfaidh sé tuarascáil faoi do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    1. By 7 December 2012, the Commission shall make an assessment of the application of this Regulation, including an assessment of the reliance on credit ratings in the Community, the impact on the level of concentration in the credit rating market, the cost and benefit of impacts of the Regulation and of the appropriateness of the remuneration of the credit rating agency by the rated entity (issuer-pays model), and submit a report thereon to the European Parliament and the Council.

    Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

  21. #311420

    Faoin 3 Nollaig 2018, déanfaidh gach Ballstát de na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír tuarascáil a tharchur chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil í ina dtabharfar tuairisc ar an staid i dtaca leis na coinníollacha dá dtagraítear faoi seach sa chéad fhomhír san fhomhír sin agus i dtaca leis na hionchais chun an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, agus aird á tabhairt ar an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an gcaighdeán bonneagair a shásamh, ar thorthaí thástáil an mhargaidh gáis agus ar fhorbairt an mhargaidh gáis agus ar thionscadail bhonneagar gáis sa réigiúin.

    By 3 December 2018, each of the Member States referred to in the first subparagraph shall transmit a report to the Commission describing the situation with respect to the respective conditions set out in that subparagraph and the prospects for the compliance with the obligation in paragraph 1, taking into account the economic impact of meeting the infrastructure standard, the results of the market testing and the gas market development and gas infrastructure projects in the region.

    Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/67/CE ón gComhairle

  22. #506386

    Cuirfear san áireamh leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 gur gá do thomhaltóirí a bheith ar an eolas, an bhféadfar léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta a sholáthar agus anailís ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le tabhairt isteach na mbeart sin, lena n-áirítear an tionchar dlíthiúil ar an margadh inmheánach agus an tionchar ar thrádáil idirnáisiúnta.

    The reports referred to in paragraphs 5 and 6 shall take into account the need for the consumer to be informed, the feasibility of providing the mandatory indication of the country of origin or place of provenance and an analysis of the costs and benefits of the introduction of such measures, including the legal impact on the internal market and the impact on international trade.

    Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  23. #514239

    I bhfianaise staid an mhargaidh faoi láthair agus an gá atá le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, ba cheart measúnú a dhéanamh ar éifeacht na bhforálacha sin sa tuarascáil a dhéanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 87 de Threoir 2007/64/CE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, lena mbeidh togra dá athbhreithniú, más iomchuí, tráth nach déanaí ná 1 Samhain 2012.

    In the light of the prevailing market situation and of the necessity to ensure a high level of consumer protection, the impact of those provisions should be assessed in the report that, in accordance with Article 87 of Directive 2007/64/EC, the Commission shall, no later than 1 November 2012, present to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the ECB accompanied, where appropriate, by a proposal for its revision.

    Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  24. #567193

    I bhfianaise aidhmeanna an Rialacháin seo agus an tionchair a fhéadfaidh a bheith aige ar shlándáil na saoránach agus ar an margadh inmheánach, ba cheart don Choimisiún, agus feidhm á baint as an idirphlé leanúnach sa Bhuanchoiste um Réamhtheachtaithe, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lena ndéantar scrúdú ar aon fhadhb a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus ar a inmhianaithe agus a indéanta atá sé a raon feidhme a leathnú, i ndáil le húsáideoirí gairmiúla a chumhdach agus i ndáil le forálacha a chur isteach sna forálacha maidir le tuairisciú idirbhearta amhrasacha, maidir le substaintí a ghabháil ar iarraidh nó a ghoid, ar substaintí iad, cé nach bhfuil siad faoi réir bearta leis an Rialachán seo, atá sainaitheanta mar shubstaintí a úsáideadh chun pléascáin a mhonarú go haindleathach (réamhtheachtaithe pléascán neamhsceidealta).

    Given the aims of this Regulation and the impact that it may have on the security of citizens and on the internal market, the Commission should, drawing on the continuous discussions in the Standing Committee on Precursors, present a report to the European Parliament and to the Council examining any problems arising from the implementation of this Regulation, the desirability and feasibility of extending its scope, both as regards covering professional users and as regards including in the provisions on the reporting of suspicious transactions, disappearances and thefts of substances which, although not subject to measures under this Regulation, are identified as having been used for the illicit manufacture of explosives (non-scheduled explosives precursors).

    Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  25. #656387

    Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann de thoradh ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, agus beidh siad faoi réir Thuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéanfar meastóireacht, go háirithe, ar riachtanais an tomhaltóra, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí lena n-áirítear an tionchar ar an margadh inmheánach agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh.

    Such delegated acts shall be strictly limited to demonstrated needs resulting from evolving consumer demand, technical progress or the need for product innovation, and shall be subject to a Commission report to the European Parliament and to the Council evaluating, in particular, the needs of the consumer, the costs and administrative burdens for operators, including the impact on the internal market and on international trade, and the benefits offered to producers and to the end consumer.

    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle ( IO L 347, 20.12.2013 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Eagrán Speisialta Gaeilge)

  26. #663900

    Tabharfaidh sé tuarascáil faoina chuid torthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach dhá bhliain, agus déanfaidh sé scrúdú go háirithe le fíorú an mbeidh aon tionchar diúltach ag na cártaí sealadacha tiománaí ar mhargadh an tsaothair agus le fíorú nach n-eisítear na cártaí sealadacha tiománaí do thiománaithe ainmnithe mar ghnáthchleachtas níos mó ná uair amháin.

    It shall report its findings every two years to the European Parliament and to the Council, and shall examine in particular whether temporary driver cards produce any negative impact on the labour market, and whether temporary cards are issued to named drivers ordinarily on more than one occasion.

    Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  27. #676520

    Chun nochtadh an mhargaidh do thuairisciú nach bhfuil úsáideach a sheachaint agus chun cost-éifeachtúlacht an bhirt dá fhoráiltear a choimeád, is dealraitheach gur gá tionchar rialála an dualgais sin a theorannú d’oibreoirí Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnta leis go mbeadh tionchar suntasach acu ar phraghas na lamháltas astaíochtaí, ar tháirgí ceantáilte bunaithe air sin, nó ar ionstraimí airgeadais díorthaigh gaolmhara agus ar thairiscintí sna ceantanna de bhun Rialachán (AE) Uimh.   1031/2010,de bhua a méid agus ngníomhaíochtaí, agus do na hoibreoirí sin amháin.

    In order to avoid exposing the market to reporting that is not useful and to maintain cost-efficiency of the measure foreseen, it appears necessary to limit the regulatory impact of that requirement to only those EU ETS operators which, by virtue of their size and activity, can reasonably be expected to be able to have a significant effect on the price of emission allowances, of auctioned products based thereon, or of derivative financial instruments relating thereto and for bidding in the auctions pursuant to Regulation (EU) No   1031/2010.

    Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  28. #694745

    Díreofar sa tuarascáil freisin ar thuairisciú aon idirbheart ábhartha nach n-áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar aon fhorbairtí suntasacha i gcleachtais sa mhargadh, agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal trédhearcachta oibríochtaí maoinithe urrús.

    It shall also focus on the reporting of any relevant transactions not included in the scope of this Regulation, taking into account any significant developments in market practices, as well as on the possible impact on the level of transparency of securities financing operations.

    Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  29. #754884

    Sa bhreis air sin, ba cheart a chur san áireamh san athbhreithniú an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [12], tionchar an Rialacháin seo ar na margaí maoinithe gearrthéarmacha, agus na hathruithe rialála ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    In addition, the review should take into account the report referred to in Article 509(3) of Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council [12], the impact of this Regulation on short-term financing markets, and regulatory developments at international level.

    Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (Téacs atá ábhartha maidir le LEE )

  30. #755983

    Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun maidir le custaiméirí a chumasú chun táirgí níos éifeachtúla a roghnú, lena gcuirfear san áireamh an tionchar ar ghnó, an t-ídiú fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa, gníomhaíochtaí faireachais margaidh, agus an costas a bhaineann leis an mbunachar sonraí a bhunú agus a choimeád ar bun.

    That report shall assess how effectively this Regulation and the delegated and implementing acts adopted pursuant thereto have allowed customers to choose more efficient products, taking into account its impacts on business, energy consumption, greenhouse gas emissions, market surveillance activities, and the cost to establish and maintain the database.

    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE )

  31. #1657902

    Cuirfear san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tionchar úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) ar mhargaí cothromais Eorpacha, agus ar an sásra caidhpeála méide faoi Airteagal 5, ag tagairt go háirithe do na nithe seo a leanas:

    The report referred to in paragraph 1 shall include the impact on European equity markets of the use of the waiver under Article 4(1)(a) and (b)(i) and the volume cap mechanism under Article 5, with particular reference to:

    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  32. #1657920

    Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar Airteagal 35 agus Airteagal 36 den Rialachán seo ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 35(5) agus ar ionaid trádála a bhfuil dlúthbhaint acu leis na CCPanna sin agus i dtaobh an sínfear an socrú idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 35(5), agus measúnú á dhéanamh ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí chun iomaíocht agus an réimse rogha a bheidh ar fáil do rannpháirtithe an mhargaidh a fheabhsú i gcoinne éifeacht dhíréireach fhéideartha na bhforálacha sin ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe agus na sriantachtaí ar rannpháirtithe an mhargaidh áitiúil chun rochtain a fháil ar CCPanna domhanda agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh.

    By 3 July 2019, the Commission shall, after consulting ESMA, submit a report to the European Parliament and to the Council on the impact of Article 35 and 36 of this Regulation on newly established and authorised CCPs as referred to in Article 35(5) and trading venues connected to those CCPs by close links and whether the transitional arrangement provided for in Article 35(5) shall be extended, weighing the possible benefits to consumers of improving competition and the degree of choice available to market participants against the possible disproportionate effect of those provisions on newly established and authorised CCPs and the constraints of local market participants in accessing global CCPs and the smooth functioning of the market.

    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  33. #1660617

    Faoin 31 Nollaig 2018, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina gcuirfear béim ar leith ar fhaireachán a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann d'fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

    By 31 December 2018, and every three years thereafter, the Commission shall publish a report on the application of this Regulation, with a special emphasis on monitoring the potential impact on the smooth functioning of the internal market.

    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

  34. #1774917

    Bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus ar na comhairliúcháin laistigh den choiste teagmhála arna bhunú in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE, déanfaidh an Coimisiún, faoin 10 Aibreán 2021, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le húsáid na sásraí ceadúnaithe sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san Aontas, an tionchar atá acu ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí iad den eagraíocht a dheonaíonn na ceadúnais nó ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad nó atá ina gcónaí i mBallstát eile, a n-éifeachtúlacht a mhéid a bhaineann le scaipeadh inneachar cultúrtha a éascú, agus an tionchar atá acu ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear soláthar seirbhísí agus iomaíochas trasteorann.

    Based on the information received pursuant to paragraph 5 of this Article and on the discussions within the contact committee established in Article 12(3) of Directive 2001/29/EC, the Commission shall, by 10 April 2021, submit to the European Parliament and to the Council a report on the use in the Union of the licensing mechanisms referred to in paragraph 1 of this Article, their impact on licensing and rightholders, including rightholders who are not members of the organisation granting the licences or who are nationals of, or resident in, another Member State, their effectiveness in facilitating the dissemination of cultural content, and their impact on the internal market, including the cross-border provision of services and competition.

    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  35. #1778677

    Ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis fáil a bheith ar chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla den chéad uair, déanfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis rialála faireachán ar na forbairtí is mó ar na conarthaí sin, agus foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil maidir leis sin, lena n-áirítear tairiscintí margaidh agus an tionchar ar bhillí na dtomhaltóirí agus, go sonrach, leibhéal na luaineachta praghsanna.

    For at least a ten-year period after dynamic electricity price contracts become available, Member States or their regulatory authorities shall monitor, and shall publish an annual report on the main developments of such contracts, including market offers and the impact on consumers' bills, and specifically the level of price volatility.

    Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  36. #1795665

    Agus athbhreithnithe deiridh ar chreat BLT a rinne CBMB, agus torthaí thionchar na n-athbhreithnithe sin ar institiúidí san Aontas agus ar chineálacha cur chuige BLT atá leagtha amach cheana féin sa Rialachán seo i ndáil le ceanglais tuairiscithe, á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2020 maidir leis an tslí ina bhféadfaí creat BLT a chur chun feidhme san Aontas chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a bhunú.

    Taking into account the final revisions to the FRTB framework performed by the BCBS, the results of the impact of those revisions on institutions in the Union and on the FRTB approaches already set out in this Regulation for reporting requirements, the Commission should submit, where appropriate, a legislative proposal to the European Parliament and to the Council by 30 June 2020 on how the FRTB framework should be implemented in the Union to establish the own funds requirements for market risk.

    Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  37. #1808131

    Déanfar measúnú sa tuarascáil sin i dtaobh an bhfuil cuspóirí an Rialacháin seo bainte amach, go háirithe maidir le líon na dtáirgí neamhchomhlíontacha ar mhargadh an Aontais a laghdú, forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú laistigh den Aontas a áirithiú, feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis inniúla agus na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a neartú, agus an tionchar ar lucht gnó agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh.

    The report shall assess whether this Regulation achieved its objective, in particular with regard to reducing the number of non-compliant products on the Union market, ensuring effective and efficient enforcement of Union harmonisation legislation within the Union, improving cooperation between competent authorities and strengthening the controls on products entering the Union market, while taking into account the impact on business and in particular on SMEs.

    Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  38. #1826341

    Go háirithe, déanfar measúnú sa chéad tuarascáil ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh agus arna gcur i bhfeidhm de bhun Airteagal 32, agus fianaise ábhartha á cur san áireamh maidir le tionchar na bhforálacha sin a mhéid a bhaineann le héifeachtaí trasteorann, calaois, seachaint, imghabháil nó mí-úsáid, agus maidir le tionchar ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ar an tsláinte phoiblí.

    In particular, the first report shall assess the application and impact of national provisions adopted and applied pursuant to Article 32, taking into account relevant evidence of impact of these provisions as regards cross-border effects, fraud, avoidance, evasion or abuse, impact on smooth functioning of internal market and public health.

    Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (athmhúnlú)

  39. #1839948

    Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann de thoradh ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, agus beidh siad faoi réir Thuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéanfar meastóireacht, go háirithe, ar riachtanais an tomhaltóra, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí lena n-áirítear an tionchar ar an margadh inmheánach agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh.

    Such delegated acts shall be strictly limited to demonstrated needs resulting from evolving consumer demand, technical progress or the need for product innovation, and shall be subject to a Commission report to the European Parliament and to the Council evaluating, in particular, the needs of the consumer, the costs and administrative burdens for operators, including the impact on the internal market and on international trade, and the benefits offered to producers and to the end consumer.

    NoDG-2013-02013R1308_EN-GA-DWN

  40. #1887606

    Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun maidir le húsáideoirí deiridh a chumasú chun boinn ar mó a bhfeidhmíocht a roghnú, lena gcuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun ar ghnóthais, ídiú fuinnimh, sábháilteacht, astaíochtaí gás ceaptha teasa, feasacht tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh.

    That report shall assess how effectively this Regulation and the delegated acts adopted pursuant thereto have led end-users to choose higher‐performing tyres, taking into account the impact of this Regulation and the delegated acts adopted pursuant thereto on business, fuel consumption, safety, greenhouse gas emissions, consumer awareness and market surveillance activities.

    Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  41. #2011598

    Leis an tuarascáil sin, ba cheart measúnú cuí a dhéanamh, go háirithe, ar thosca inbhuanaitheachta a thabhairt isteach, ar cheanglais maidir le nochtadh comhréireach agus dícheall cuí a chur chun feidhme, ar inneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise maidir le drochthionchair chomhshaoil agus shóisialta agus drochthionchair a bhaineann le rialachas, agus ar aon tionchair ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ar chobhsaíocht airgeadais agus ar uas-scálú ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais agus ar acmhainneacht iasachtaithe bainc.

    That report should duly assess, in particular, the introduction of sustainability factors, the implementation of proportionate disclosure and due diligence requirements, the content, methodologies and presentation of information in relation to environmental, social and governance-related adverse impacts, and any potential effects on financial stability and on the scaling up of the Union securitisation market and of bank lending capacity.

    Rialachán (AE) 2021/557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19

  42. #2012012

    Tugadh ar aird i dtuarascáil deiridh an Fhóraim Ardleibhéil um Aontas na Margaí Caipitil go bhféadfadh sé go mbeadh drochthionchar ag Cur Chuige Caighdeánaithe róchoimeádach le haghaidh Priacal Creidmheasa Contrapháirtí (SA-CCR) ar a infhaighte agus a chostasaí atá fáluithe airgeadais d’úsáideoirí deiridh.

    The Final report of the High Level Forum on the Capital Markets Union noted that an overly conservative Standardised Approach for Counterparty Credit Risk (SA-CCR) might have a detrimental impact on the availability and cost of financial hedges to end-users.

    Rialachán (AE) 2021/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar an gcreat urrúsaithe chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  43. #2155234

    Ar an dara dul síos, san anailís faoi Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, tá sé ríthábhachtach measúnú a dhéanamh, ar a laghad, ar rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách seachas sin, nó má fhaigheann siad maoiniú eile Stáit a chuireann isteach ar fhórsaí an mhargaidh agus, dá bhrí sin, a bhfuil tionchar aige ar a bpraghsanna nó a gcostais tuairiscithe.

    Secondly, in the analysis under Article 2(6a)(b) of the basic Regulation, it is crucial to assess whether producers have, at least potentially, access to financing granted by institutions which implement public policy objectives or otherwise do not act independently, or if they receive other State funding which interferes with market forces and thus has an impact on their reported prices or costs.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  44. #2228083

    I gcás ina roghnaíonn Ballstát modheolaíocht bunaithe ar mheáchan a chur i bhfeidhm, ba cheart dó freisin sonraí faoi mheáchan iomlán táirgí plaisteacha aon úsáide atá déanta go páirteach as plaisteach a cuireadh ar an margadh a thuairisciú, mar go gcuireann an fhaisnéis sin le hinchomparáideacht sonraí agus gur féidir forléargas níos leithne a fháil ar thionchar an cheanglais maidir le tomhaltas a laghdú a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/904.

    Where a Member State chooses to apply the weight-based methodology, it should also report data on the total weight of single-use plastic products partly made of plastic that have been placed on the market, as such information contributes to data comparability and makes it possible to obtain a broader overview of the impact of the consumption reduction requirement set out in Directive (EU) 2019/904.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/162 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú ar an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun an laghdú sin a bhaint amach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  45. #2440570

    Faoin 28 Nollaig 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar na féidearthachta trealamh raidió a fháil gan aon ghléas luchtúcháin agus gan cháblaí, go háirithe maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí, an laghdú ar dhramhaíl chomhshaoil, athruithe iompraíochta agus forbairt chleachtais an mhargaidh.

    By 28 December 2026, the Commission shall submit to the European Parliament and the Council a report on the impact of the possibility to acquire radio equipment without any charging device and without cables, particularly with regard to consumer convenience, the reduction of environmental waste, behavioural changes and the development of market practices.

    Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  46. #2484697

    Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a thug tuairisc ar na drochthionchair ar thosca inbhuanaitheachta ar feadh tréimhse roimh an tréimhse a bhfuil faisnéis le nochtadh lena haghaidh i gcomhréir le hAirteagal 6, soláthróidh siad sa roinn “Tuairisc ar dhrochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I comparáid stairiúil ar an tréimhse ar a dtuairiscítear leis an tréimhse ar ar tuairiscíodh roimhe sin agus, ina dhiaidh sin, le gach tréimhse ar ar tuairiscíodh roimhe sin suas leis na cúig thréimhse dheireanacha roimhe sin.

    Financial market participants that have described the adverse impacts on sustainability factors for a period preceding the period for which information is to be disclosed in accordance with Article 6 shall provide in the section ‘Description of principal adverse impacts on sustainability factors’ in Table 1 of Annex I a historical comparison of the period reported on with the previous period reported on and, subsequently, with every previous period reported on up to the last five previous periods.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  47. #2524922

    Chun é a chur ar chumas údarás inniúil na hoird teagmhas a tharlaíonn sa mhargadh agus na caidrimh idir na díorthaigh thuairiscithe a thuiscint, is fíor-riachtanach é modh a sholáthar chun na díorthaigh ábhartha uile a bhfuil tionchar ag an teagmhas saolré céanna orthu a nascadh.

    In order to enable competent authorities to understand the sequences of events occurring in the market and the relations between the reported derivatives, it is essential to provide a method to link all relevant derivatives impacted by the same lifecycle event.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1855 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íos-mhionsonraí na sonraí atá le tuairisciú do stórtha trádála agus maidir leis an gcineál tuarascálacha atá le húsáid (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  48. #2606202

    an ndéantar difear, ar bhonn tuarascála ó ESMA ar thionchar ghníomhachtú MCM ag ESMA agus ar bhonn comhairle ar bith ó BCE arna iarraidh ag an gCoimisiún chun na críche sin, do chobhsaíocht agus d’fheidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach fuinnimh, go háirithe; i gcás ina dtagann méadú suntasach ar ghlaonna ar chorrlaigh nó laghdú suntasach in idirbhearta dhíorthaigh TTF laistigh den Aontas in aon mhí amháin, i gcomparáid leis an mí chéanna den bhliain roimhe sin nó le hathrú suntasach ar idirbhearta dhíorthaigh TTF chuig ionaid trádála lasmuigh den Aontas.

    affects, on the basis of ESMA’s report on the impact of the activation of the MCM by ESMA and any advice of the ECB requested by the Commission for that purpose, the stability and orderly functioning of energy derivative markets, in particular; where it leads to a significant increase of margin calls or a significant decrease in TTF derivatives transactions within the Union in one month, compared to the same month of the previous year or to a significant shift of TTF-derivative transactions to trading venues outside the Union;

    Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh den Aontas agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard

  49. #2730479

    2 bhliain tar éis an cumas iomlán oibríochtúil a bhaint amach, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil mhargaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, maidir le tionchar an Chláir ar thionscal réamhtheachtach agus iartheachtach satailítí tráchtála an Aontais d’fhonn an tionchar is lú is féidir a áirithiú ar iomaíochas agus d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar na dreasachtaí chun nuálaíocht a dhéanamh.

    Two years after the full operational capability, and every two years thereafter, the Agency shall issue a market report, after consulting relevant stakeholders, on the impact of the Programme on the Union commercial satellite upstream and downstream industry with a view to ensuring the minimum possible impact on competition and the maintenance of incentives to innovate.

    Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027

  50. #2818402

    Ba cheart a shainaithint sa tuarascáil sin na príomhchritéir a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm le haghaidh measúnú riosca agus a dtionchar ar an margadh inmheánach agus ar leibhéal comhionann cosanta do thomhaltóirí, agus é mar aidhm na Ballstáit agus an Coimisiúin a chur ar a gcumas na cineálacha cur chuige agus na critéir le haghaidh measúnú riosca a chomhchuibhiú.

    That report should identify the main criteria applied by the Member States for risk assessment and their impact on the internal market and on an equal level of consumer protection, with the aim of enabling Member States and the Commission to harmonise the approaches and criteria for risk assessment.

    Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)