Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

33 toradh in 18 doiciméad

  1. #156514

    (m) beidh an tionónta freagrach san ornáidíocht inmheánach uile agus in aon bhriseadh gloine sna fuinneoga agus in aon damáiste do dhaingneáin nó d'fheisteáin an tí agus i gcothabháil chuí fhálta an ghairdín nó na láithreach agus cuirfidh sé faoi deara aon damáiste nó briseadh a shlánú gan mhoill agus i gcás gurb é an t-údarás a dhéanfaidh damáiste nó briseadh den sórt sin a shlánú, íocfaidh sé an costas leis an údarás,

    (m) the tenant shall be responsible for all internal decoration and any breakage of glass in the windows and any damage to the fixtures or fittings of the house and for the proper maintenance of fences of the garden or plot and shall cause to be made good any damage or breakage without delay and where such damage or breakage is made good by the authority, shall pay the cost to the authority,

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  2. #2116243

    Déanfar réamhchúraimí leordhóthanacha in aghaidh doirte nó briste agus éilliú.

    Adequate precautions shall be taken against spillage or breakage and contamination.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1280 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 maidir le bearta i ndáil le dea-chleachtas dáileacháin do shubstaintí gníomhacha a úsáidtear mar ábhair thosaigh i dtáirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2546073

    earraí miotail is cinnte nach féidir a n-úsáid mar earraí miotail de dheasca a mbriste, a ngearrtha ina bpíosaí nó a gcaite nó de dheasca cúiseanna eile.

    metal goods definitely not usable as such because of breakage, cutting-up, wear or other reasons.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

  4. #2988500

    Tagraítear do na cearta sin nár feidhmíodh go minic mar bhriseadh.

    Those unexercised rights are often referred to as breakage.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #3015942

    earraí miotail is cinnte nach féidir a n-úsáid mar earraí miotail de dheasca a mbriste, a ngearrtha ina bpíosaí nó a gcaite nó de dheasca cúiseanna eile.

    metal goods definitely not usable as such because of breakage, cutting-up, wear or other reasons.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2364 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

  6. #2773685

    Meastar neart chúl an tsuíocháin agus a ghaireas glasála a bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 6.2. thíos más rud é, tar éis tástála i gcomhréir le mír 5.7.3. thuas, nár bhris aon chuid den suíochán ná de chúl an tsuíocháin; seachas sin, léireofar gur féidir na ceanglais tástála a leagtar amach i mír 6.2. thíos a chomhlíonadh leis an suíochán gan aon rud a bhriseadh.

    The strength of the seat-back and of its locking devices is deemed to meet the requirements set out in paragraph 6.2. below when, after testing in accordance with paragraph 5.7.3. above, no breakage of the seat or seat-back has occurred; otherwise, it shall be shown that the seat is capable of meeting the test requirements set out in paragraph 6.2. below without breakage.

    Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil leis na suíocháin, a ndaingnithe agus aon cheannbhac [2023/406]

  7. #2988501

    B46 Má tá coinne ag eintiteas le bheith i dteideal méid briste i ndliteanas conartha, aithneoidh an t-eintiteas an méid briste a bhfuil coinne leis mar ioncam i gcomhréir leis an bpatrún ceart arna fheidhmiú ag an gcustaiméir.

    B46 If an entity expects to be entitled to a breakage amount in a contract liability, the entity shall recognise the expected breakage amount as revenue in proportion to the pattern of rights exercised by the customer.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2988502

    Mura bhfuil coinne ag eintiteas le bheith i dteideal méid briste, aithneoidh an t-eintiteas an méid briste a bhfuil coinne leis mar ioncam nuair is beag dóchúlachta atá ann go bhfeidhmeoidh an custaiméir na cearta atá fágtha aige.

    If an entity does not expect to be entitled to a breakage amount, the entity shall recognise the expected breakage amount as revenue when the likelihood of the customer exercising its remaining rights becomes remote.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #154093

    (b) a rinneadh go speisialta chun iompar earraí le modh taistil amháin nó le níos mó ná modh taistil amháin gan an t-ualach a bhriseadh, a éascú,

    ( a ) is of a permanent character, ( b ) is specially designed to facilitate the carriage of goods by one or more than one means of transport without breakage of load,

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  10. #701301

    Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach bhféadfaidh aon éagobhsaíocht, saobhadh, briseadh ná caitheamh tarlú ar dócha go ndéanfaidís díobháil dá sábháilteacht, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

    Appliances shall be so designed and constructed that, when normally used, no instability, distortion, breakage or wear likely to impair their safety may occur.

    Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  11. #910445

    cialluíonn an abairt “gnó árachais ghloine” gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh gloine do bhriseadh;

    the expression "glass insurance business" means the business of effecting contracts of insurance against loss by or incidental to the breakage of glass;

    Uimhir 45 de 1936: ACHT ÁRACHAIS, 1936

  12. #1672489

    Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ba cheart línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus le cinntiú gur féidir leanúint d'oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh.

    Because of the potential for line breakage and tangling, spare tori lines should be carried on board to replace damaged lines and to ensure fishing operations can continue uninterrupted.

    Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

  13. #2007154

    Ní bheidh na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil déanta as ábhar atá tugtha do bhriseadh ina phíosaí géara nó ina n-imill spiacánacha.

    The aerodynamic devices and equipment shall not be constructed of material that is prone to breakage into sharp fragments or jagged edges.

    Rialachán cur chun feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  14. #2113632

    Déanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a láimhseáil agus a stóráil ar bhealach a dhéanfaidh doirteadh, briseadh, éilliú agus meascadh a chosc.

    Veterinary medicinal products shall be handled and stored in such a manner as to prevent spillage, breakage, contamination and mix-ups.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1248 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 maidir le bearta i ndáil le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  15. #2547209

    cuireadh i riocht iad nach féidir a n-úsáid chun na gcríoch bunaidh a bhí leo de dheasca a mbriste, a ngearrtha ina bpíosaí nó próiseas eile nó nach oiriúnach iad chun a ndeisithe ó thaobh na heacnamaíochta de, ná chun a n-athchóirithe ná chun a n-athnuachana go mbeidh siad oiriúnach chun na gcríoch bunaidh a bhí leo;

    have been rendered unusable for their original purposes by breakage, cutting-up or other processes or are economically unsuitable for repair, refurbishment or renovation to render them fit for their original purposes;

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

  16. #2568790

    Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ní mór línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus lena chinntiú gur féidir leanúint d’oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh.

    Because there is the potential for line breakage and tangling, spare tori lines should be carried onboard to replace damaged lines and to ensure fishing operations can continue uninterrupted.

    Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

  17. #2988503

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil coinne ag an eintiteas le bheith i dteideal méid briste, breithneoidh an t-eintiteas na ceanglais i míreanna 56–58 maidir le meastacháin de chomaoin athraitheach a shrianadh.

    To determine whether an entity expects to be entitled to a breakage amount, the entity shall consider the requirements in paragraphs 56–58 on constraining estimates of variable consideration.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  18. #153947

    ciallaíonn "umar inbhainte anuas" umar (seachas umar daing-nithe, umar-choimeádán nó sraith gabhdán) a mbeidh toilleadh de bhreis is 1,000 líotar ann, nach ndearnadh chun earraí a iompar gan ualach a bhriseadh agus nach féidir a láimhseáil de ghnáth ach amháin nuair a bheidh sé folamh;

    "demountable tank" means a tank (other than a fixed tank, a tank-container or a battery of receptacles) which has a capacity of more than 1,000 litres, is not designed for the carriage of goods without breakage of load, and cannot normally be handled except when it is empty;

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  19. #601089

    Laistigh de na huasteorainneacha costais, oifigigh nach mór dóibh a n-áit chónaithe a athrú chun Airteagal 20 de na Rialacháin Foirne a chomhlíonadh ar theacht isteach sa tseirbhís dóibh nó de bharr athraithe ar an áit fostaíochta ina dhiaidh sin agus iad sa tseirbhís agus nár aisíocadh i leith na speansas céanna ó fhoinse eile, beidh siad i dteideal aisíocaíocht na speansas arna dtabhú i ndáil le haistriú an troscáin agus an tsealúchais phearsanta, lena n-áirítear costas árachais in aghaidh gnáthrioscaí (go háirithe briseadh, goid, dóiteán).

    Within the limits of costs ceilings, officials obliged to change their place of residence in order to comply with Article 20 of the Staff Regulations upon entry into service or on a subsequent change of place of employment while in service and who have not been reimbursed in respect of the same expenses from another source, shall be entitled to the reimbursement of expenses incurred in respect of the removal of furniture and personal effects, including the cost of insurance against ordinary risks (notably breakage, theft, fire).

    Rialachán (AE) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

  20. #639233

    Caithfear é a cheapadh agus a mhonarú sa chaoi go n‑íoslaghdaítear titim inghearach an úsáideora, faoi réir coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo, chun cásanna imbhuailte le bacainní a chosc agus nach mbaineann an fórsa coiscthe an luach tairsí amach ina dtarlaíonn gortú fisiceach nó oscailt nó briseadh aon chomhpháirt de TCP atá ina chúis titime ag an úsáideoir.

    It must be designed and manufactured so that, under the foreseeable conditions of use, the vertical drop of the user is minimized to prevent collision with obstacles while the braking force does not attain the threshold value at which physical injury or the opening or breakage of any PPE component which might cause the user to fall can be expected to occur.

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trealamh cosanta pearsanta /* COM/2014/0186 final - 2014/0108 (COD) */

  21. #700337

    Caithfear é a dhearadh agus a mhonarú sa chaoi go n-íoslaghdaítear titim ingearach an úsáideora, faoi dhálaí úsáide intuartha, chun cásanna imbhuailte le bacainní a chosc agus nach mbaineann an fórsa coiscthe an luach tairsí amach ina dtarlaíonn gortú fisiceach nó oscailt nó briseadh aon chomhpháirt de TCP atá ina chúis titime ag an úsáideoir.

    It must be designed and manufactured so that, under the foreseeable conditions of use, the vertical drop of the user is minimised to prevent collision with obstacles while the braking force does not attain the threshold value at which physical injury or the opening or breakage of any PPE component which might cause the user to fall can be expected to occur.

    Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  22. #1073344

    (c) i gcás ardaitheora a déanfar nó a hathdhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, má bhíonn an t-urlár nó an carbad ar crochadh as rópa nó slabhra, beidh ar a laghad dhá rópa nó dhá shlabhra i gceangal ar leithligh leis an urlár nó leis an gcarbad, agus beidh gach rópa nó slabhra ar leithligh díobh gona ghabhálais acmhainneach ar mheáchan iomlán an urláir nó an charbaid agus a ualaigh oibre uasta d'iompar, agus cuirfear ar fáil agus cothabhálfar feisteanna éifeachtúla a fhulaingeos an t-urlár nó an carbad gona ualach oibre uasta i gcás na rópaí nó na slabhraí nó aon cheann dá ngabhálais a bhriseadh.

    ( c ) in the case of a hoist or lift constructed or reconstructed after the passing of this Act, where the platform or cage is suspended by rope or chain, there shall be at least two ropes or chains separately connected with the platform or cage, each rope or chain and its attachments being capable of carrying the whole weight of the platform or cage and its maximum working load, and efficient devices shall be provided and maintained which will support the platform or cage with its maximum working load in the event of a breakage of the ropes or chains or any of their attachments.

    Uimhir 10 de 1955: AN tACHT MONARCHAN, 1955

  23. #1506697

    (d) saghsanna áirithe earraí is de chineál a fhágann go sonrach go bhfuil siad i mbaol a gcaillte, nó i mbaol damáiste, go hiomlán nó go páirteach, go háirithe trí bhriseadh, meirgiú, meathlú, triomú, sileadh, gnáth-dhiomailt, nó gníomhaíocht leamhan nó míolra;

    ( d ) the nature of certain kinds of goods which particularly exposes them to total or partial loss or to damage, especially through breakage, rust, decay, desiccation, leakage, normal wastage, or the action of moth or vermin;

    Uimhir 13 de 1990: AN tACHT UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR, 1990

  24. #2113745

    Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a sholáthraíonn táirgí íocshláinte tréidliachta, sin iad a bheidh freagrach as cosaint a thabhairt do na táirgí íocshláinte tréidliachta sin ar bhriseadh, ar thruailliú agus ar ghoid, agus as a áirithiú go gcoinneofar ar bun na dálaí teochta laistigh de theorainneacha inghlactha le linn an iompair agus déanfaidh siad, nuair is féidir, faireachán ar na dálaí sin.

    The persons referred to in Article 1(2) supplying veterinary medicinal products shall be responsible for protecting those veterinary medicinal products against breakage, adulteration and theft, and for ensuring that temperature conditions are maintained within acceptable limits during transport and shall, whenever possible, monitor such conditions.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1248 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 maidir le bearta i ndáil le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  25. #2548293

    Chun críocha cheannteideal 854911 go dtí 854919, is ionann ‘cealla príomhúla caite, ceallraí príomhúla caite agus taisc-cheallra caite’ agus cealla nach féidir a úsáid amhlaidh mar gheall ar bhriseadh, gearradh, caitheamh nó cúiseanna eile, ná nach féidir a n-athluchtú.

    For the purposes of subheadings 854911 to 854919, ‘spent primary cells, spent primary batteries and spent electric accumulators’ are those which are neither usable as such because of breakage, cutting-up, wear or other reasons, nor capable of being recharged.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

  26. #2772457

    i gcás ina mbristear comhpháirt ar bith seachas na coscáin (mar a shainítear i mír 2.6. thuas) agus na comhpháirteanna dá dtagraítear i mír 5.2.2.10. thíos, nó i gcás ina dteipeann ar an gcóras príomhchoscánaithe ar aon slí eile (mífheidhmiú, ídiú páirteach nó iomlán cúltaca fuinnimh), beidh an chuid sin den chóras príomhchoscánaithe nach dtéann an mhainneachtain i gcion air ábalta an fheithicil a stopadh faoi na dálaí forordaithe maidir le coscánú éigeandála;

    In the event of breakage of any component other than the brakes (as defined in paragraph 2.6. above) and the components referred to in paragraph 5.2.2.10. below, or of any other failure of the service braking system (malfunction, partial or total exhaustion of an energy reserve), that part of the service braking system which is not affected by the failure, shall be able to bring the vehicle to a halt in the conditions prescribed for secondary braking;

    Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe - Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú carranna paisinéirí i ndáil le coscánú [2023/401]

  27. #2772461

    ní mheasfar go mbrisfear páirteanna, amhail an troitheán agus a imthaca, an príomhshorcóir agus a loine nó a loiní, an chomhla rialaithe, an nasc idir an troitheán agus an príomhshorcóir nó an chomhla rialaithe, na sorcóirí coscáin agus a loiní, agus coimeálacha luamháin agus ceam na gcoscán, má bhíonn siad lántoisithe, má bhíonn siad inrochtana go héasca lena gcothabháil, agus má bhíonn gnéithe sábháilteachta ar taispeáint iontu atá comhionann ar a laghad leis na gnéithe a fhorordaítear maidir le comhpháirteanna riachtanacha eile (amhail an nasc stiúrtha) na feithicle.

    Certain parts, such as the pedal and its bearing, the master cylinder and its piston or pistons, the control valve, the linkage between the pedal and the master cylinder or the control valve, the brake cylinders and their pistons, and the lever-and-cam assemblies of brakes, shall not be regarded as liable to breakage if they are amply dimensioned, are readily accessible for maintenance, and exhibit safety features at least equal to those prescribed for other essential components (such as the steering linkage) of the vehicle.

    Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe - Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú carranna paisinéirí i ndáil le coscánú [2023/401]

  28. #2772573

    Nuair nach féidir feidhmíocht an phríomhchoscánaithe a fhorordaítear a bhaint amach a thuilleadh (comhartha rabhaidh dearg), cuirfear teipeanna a eascraíonn as caillteanas leanúnachais leictrigh (e.g. briseadh, dícheangal) in iúl don tiománaí a luaithe a tharlóidh siad, agus comhlíonfar feidhmíocht an choscánaithe éigeandála a fhorordaítear trí rialú an phríomhchoscánaithe a oibriú i gcomhréir le mír 2.2. d'Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo.

    When the prescribed service braking performance can no longer be achieved (red warning signal), failures resulting from a loss of electrical continuity (e.g. breakage, disconnection) shall be signalled to the driver as soon as they occur, and the prescribed secondary braking performance shall be fulfilled by operating the service braking control in accordance with paragraph 2.2. of Annex 3 to this Regulation.

    Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe - Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú carranna paisinéirí i ndáil le coscánú [2023/401]

  29. #2773564

    I gcás suíochán arna soláthar agus ceannbhaic orthu, meastar neart chúl an tsuíocháin agus a ngaireas glasála a bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 6.2. más rud é, tar éis tástála i gcomhréir le hIarscríbhinn 5 thíos, nár bhris aon chuid den suíochán ná de chúl an tsuíocháin: seachas sin, léireofar gur féidir na ceanglais tástála a leagtar amach i mír 6.2. thíos a chomhlíonadh leis an suíochán.

    In the case of seats provided with head restraints, the strength of the seat-back and of its locking devices is deemed to meet the requirements set out in paragraph 6.2. when, after testing in accordance with Annex 5 below, no breakage of the seat or seat-back has occurred: otherwise, it shall be shown that the seat is capable of meeting the test requirements set out in paragraph 6.2. below.

    Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil leis na suíocháin, a ndaingnithe agus aon cheannbhac [2023/406]

  30. #2773645

    I gcás ina ndéantar an ceannbhac agus a dhaingniú a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 5, beidh 890 N san ualach a chuirtear ar an gceannbhac agus coimeádfar an t-ualach sin ann ar feadh íostréimhse 5 shoicind mura mbriseann an suíochán ná an ceannbhac.

    When the head restraint and its anchorage are tested in accordance with Annex 5, the load applied to the head restraint shall reach 890 N and remain at this load for a minimum period of 5 seconds unless any breakage of the seat or head restraint occurs.

    Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil leis na suíocháin, a ndaingnithe agus aon cheannbhac [2023/406]

  31. #2773905

    Méadaigh an t-ualach a shonraítear i mír 2.4. den iarscríbhinn seo ag ráta idir 5 N/soicind agus 200 N/soicind go 890 N ± 5 N agus coinnigh an t-ualach a cuireadh i bhfeidhm ann ar feadh 5 shoicind gan aon chuid den suíochán ná den cheannbhac a bhriseadh.

    Increase the load specified in paragraph 2.4. of this annex at a rate between 5 N/second and 200 N/second to 890 N ± 5 N and maintain the applied load for 5 seconds without any breakage of the seat or head restraint.

    Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil leis na suíocháin, a ndaingnithe agus aon cheannbhac [2023/406]

  32. #3017022

    cuireadh i riocht iad nach féidir a n-úsáid chun na gcríoch bunaidh a bhí leo de dheasca a mbriste, a ngearrtha ina bpíosaí nó próiseas eile nó nach oiriúnach iad chun a ndeisithe ó thaobh na heacnamaíochta de, ná chun a n-athchóirithe ná chun a n-athnuachana go mbeidh siad oiriúnach chun na gcríoch bunaidh a bhí leo; agus

    have been rendered unusable for their original purposes by breakage, cutting-up or other processes or are economically unsuitable for repair, refurbishment or renovation to render them fit for their original purposes; and

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2364 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

  33. #3018023

    Chun críocha cheannteideal 854911 go dtí 854919, is ionann ‘cealla príomhúla caite, ceallraí príomhúla caite agus taisc-cheallra caite’ agus cealla nach féidir a úsáid amhlaidh mar gheall ar bhriseadh, gearradh, caitheamh nó cúiseanna eile, ná nach féidir a n-athluchtú.

    For the purposes of subheadings 854911 to 854919, ‘spent primary cells, spent primary batteries and spent electric accumulators’ are those which are neither usable as such because of breakage, cutting-up, wear or other reasons, nor capable of being recharged.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2364 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim