Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #674370

    bearta laistigh den chríoch a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus na bearta tionlacain is gá maidir le slándáil doiciméad, bainistiú céannachta agus idir-inoibritheacht trealaimh theicniúil a fuarthas;

    measures within the territory relating to the management of external borders and the necessary flanking measures on document security, identity management and the interoperability of acquired technical equipment;

    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE

  2. #679547

    Níl sé d’aidhm ag an Rialachán seo idirghabháil a dhéanamh maidir le córais bainistithe ríomh-shainaitheantais agus bonneagar gaolmhar atá bunaithe i mBallstáit.

    This Regulation does not aim to intervene with regard to electronic identity management systems and related infrastructures established in Member States.

    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE

  3. #3048792

    á thabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht cineálacha nua múscailte feasachta a thabhairt isteach don fhoireann tar éis teilea-oibriú mórscála agus fadtéarmach na mblianta roimhe seo; á thabhairt dá haire gur eagraigh an Ghníomhaireacht an 18ú cruinniú bliantúil de Líonra na nOifigeach Slándála in 2021, agus plé á dhéanamh aici ar ábhair a bhaineann leis an uirlis nua bainistíochta céannachta, le TF agus le himpleachtaí slándála TF na Straitéise Ceimiceán don Inbhuanaitheacht;

    Notes that following previous years’ large-scale and long-term teleworking, the Agency has put efforts into introducing new kinds of awareness raising for the staff; notes that in 2021 the Agency organised the 18th Security Officers Network annual meeting, discussing matters related to the new identity management tool, IT and IT-security implications of the Chemicals Strategy for Sustainability;

    Rún (AE) 2023/1872 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2021

  4. #3048730

    Ag tabhairt dá haire gur lean cibearchoirpigh agus haiceálaithe cúise ar aghaidh ag ionsaí an Lárionaid in 2021, agus, mar fhreagairt air sin, gur chuir an Lárionad bearta cibearshlándála breise chun feidhme, amhail Microsoft Defender, uirlisí fóiréinseacha le haghaidh anailís dhomhain, córas bainistíochta slándála faisnéise agus bainistiú na rochtana pribhléidí/na céannachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas cibearshlándála cruthaithe ag an Lárionad agus go bhfuil méadú tagtha freisin ar a fhoireann slándála TF agus ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh an t-ionad i mbun údarás slándála a bhunú; á iarraidh ar an Lárionad cloí leis na moltaí a rinne an Chúirt i dtuarascáil speisialta uaithi maidir le Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais (EUIBAnna), ina n-iarrann an Chúirt ar EUIBAnna creat bainistíochta riosca maidir le slándáil TF a bheith acu lena gcumhdófar a mbonneagar TF ina iomláine agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh, agus oiliúint chórasach feasachta a sholáthar do gach ball foirne, lena n-áirítear an bhainistíocht; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an beartas cibearshlándála a glacadh le déanaí lena gcumhdaítear gach gné a bhaineann le riachtanais agus mianta gnó, le scileanna agus feasacht daoine agus le slándáil theicniúil; á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    Notes that, in 2021, the Centre continued to be attacked by cybercriminals and hacktivists, and that in response the Centre implemented additional cyber-security measures, such as Microsoft Defender, forensic tools for deep analysis, an information security management system and privilege access/identity management; notes that the Centre has created a cybersecurity policy and also increased its IT security staffing and notes, furthermore, that the Centre was in the process of setting up a security authority; calls on the Centre to follow the recommendations made by the Court in its special report on Cybersecurity of EU institutions, bodies and agencies (EUIBAs), in which the Court asks EUIBAs to have an IT security risk management framework covering the entirety of their IT infrastructure and carry out regular risk assessments, and to provide systematic awareness training for all staff, including management; in this context welcomes the recently adopted cybersecurity policy covering all aspects from business needs and wants, to people skills and awareness and to technical security; calls on the Centre to report to the discharge authority on any developments in that regard;

    Rún (AE) 2023/1869 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021