Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

23 toradh in 18 doiciméad

  1. #2013489

    an líon feithiclí de réir pointe trasnaithe teorann talún;

    per land border crossing point, the number of vehicles;

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 maidir le léirithe staide sa Chóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

  2. #602081

    measúnú comhshaoil ar limistéir ainmnithe sa réimse muirí agus ag an teorainn sheachtrach talún chun gníomhaíochtaí faireacháin agus patrólaithe a bharrfheabhsú;

    environmental assessment of designated areas in the maritime domain and at the external land border in order to optimise monitoring and patrolling activities;

    Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

  3. #697495

    I gcás ina bhfuil sé iomchuí, agus ag brath ar na cúinsí áitiúla, ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh ar lánaí ar leith a chur ar fáil ag pointí trasnaithe teorann farraige agus talún.

    Where it is deemed appropriate and if local circumstances so allow, Member States should consider installing separate lanes at sea and land border crossing points.

    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

  4. #697704

    Féadfaidh na Ballstáit lánaí ar leith a chur ar fáil ag na pointí trasnaithe teorann farraige agus talún agus ag na teorainneacha idir na Ballstáit sin nach gcuireann Airteagal 22 i bhfeidhm ag a gcomhtheorainneacha.

    Member States may provide separate lanes at their sea and land border crossing points and at borders between Member States which do not apply Article 22 at their common borders.

    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

  5. #731306

    tá siad á bhfás agus á dtáirgeadh i réimsí tríú tíortha atá cóngarach lena dteorainn talún le Ballstáit (“criosanna teorann tríú tír”);

    they are grown or produced in areas of third countries in the vicinity of their land border with Member States (‘third country frontier zones’);

    Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle

  6. #1786290

    ciallaíonn “réigiún teorann na hÉireann” contaetha na hÉireann atá taobh leis an teorainn talún idir Éire agus Tuaisceart Éireann;

    border region of Ireland’ means the counties of Ireland adjoining the land border between Ireland and Northern Ireland;

    Rialachán (AE) 2019/501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  7. #1899404

    ciallaíonn “réigiún teorann na hÉireann” contaetha na hÉireann atá gach aon taobh den teorainn talún idir Éire agus Tuaisceart Éireann;

    border region of Ireland’ means the counties of Ireland adjoining the land border between Ireland and Northern Ireland;

    Rialachán (AE) 2020/2224 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach in iompar lasta de bhóthar agus in iompar paisinéirí de bhóthar tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2088527

    Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann talún lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

    Availability at land border crossing points of customs control equipment meeting agreed standards (by type of equipment)

    Rialachán (AE) 2021/1077ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha,an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

  9. #2100536

    Codanna den ghréasán cuimsitheach atá lonnaithe sna Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le Ballstát eile.

    Components of the comprehensive network located in Member States which do not have a land border with another Member State.

    Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #2392000

    Dá thoradh sin, ní roinneann Éire teorainn talún le Ballstát eile a thuilleadh agus tá gréasán iarnróid na hÉireann scoite amach ón gcuid eile de ghréasán iarnróid an Aontais Eorpaigh.

    Consequently, Ireland ceases to share a land border with a fellow Member State and Ireland’s rail network has become isolated from the rest of the European Union’s rail network.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/856 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2022 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Éire de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún ná Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm maidir le carráistí idirmheánacha d’Aicme IÉ-RU 22000 ICDMU – “B2” (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3365) (Is ag na téacsanna sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a bheidh an t – údarás agus acu siúd amháin)

  11. #2803263

    De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo agus d’Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh chomhpháirteach ó dhá Bhallstát, ceann díobh nach bhfuil teorainn talún le Ballstát eile aige agus arb é an Ballstát eile an Ballstát is gaire go geografach don Bhallstát nach bhfuil teorainn talún den sórt sin aige, a fhoráil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme go bhfuil na Ballstáit le meas go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin comhlíonta agus níl siad le haon ghníomh a dhéanamh i gcoinne cuideachtaí loingseoireachta i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030, ó mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí ná longa ro-pax faoi chuimsiú conradh seirbhíse poiblí trasnáisiúnta ná oibleagáid seirbhíse poiblí trasnáisiúnta, a leagtar amach san iarraidh chomhpháirteach, lena nasctar an dá Bhallstát, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin.

    By way of derogation from paragraph 3, first subparagraph, point (c), of this Article and Article 16, the Commission shall, at the joint request of two Member States, one of which having no land border with another Member State and the other Member State being the geographically closest Member State to the Member State without such a land border, provide by means of an implementing act that Member States are to consider the requirements set out in those provisions to be satisfied and that they are to take no action against shipping companies in respect of emissions released until 31 December 2030 from voyages performed by passenger or ro-pax ships in the framework of a transnational public service contract or a transnational public service obligation, set out in the joint request, connecting the two Member States, and from the activities, within a port, of such ships in relation to such voyages.

    Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  12. #3177954

    Dá thoradh sin, ní roinneann Éire teorainn talún le Ballstát eile a thuilleadh agus tá gréasán iarnróid na hÉireann scoite amach ón gcuid eile de ghréasán iarnróid an Aontais Eorpaigh.

    Consequently, Ireland has ceased to share a land border with a fellow Member State and Ireland’s rail network has become separated and isolated from the rest of the European Union’s rail network.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/909 ón gCoimisiún an 19 Márta 2024 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Éirinn de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (STI DSL) a chur i bhfeidhm maidir le carráistí idirmheánacha d’Aicme 22000 ICDMU — B2 ar leis an ngnóthas iarnróid Iarnród Éireann iad (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 1680)

  13. #646502

    Chun críocha an Rialacháin seo, measfar tríú tír nó OCT a bheith i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, sa chás ina bhfuil teorainn talún i bpáirt ag tríú tír nó ag OCT agus ag an mBallstát sin nó sa chás ina bhfuil an tríú tír nó OCT agus an Ballstát araon incháilithe faoi chlár comhpháirteach trasteorann mara nó faoi chlár comhpháirteach trasnáisiúnta mara faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh nó incháilithe faoi chlár eile comhair trasteorann, muirthrasnaithe nó imchuach farraige, lena n-áirítear sa chás ina bhfuil siad deighilte ó chéile ag uiscí idirnáisiúnta.

    For the purposes of this Regulation, a third country or an OCT shall be considered to be neighbouring a Member State, including its outermost regions, where the third country or the OCT and that Member State share a common land border or where both the third country or OCT and the Member State are eligible under a joint maritime cross-border or transnational programme under the European territorial cooperation goal, or are eligible under another cross-border, sea-crossing or sea-basin cooperation programme, including where they are separated by international waters.

    Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

  14. #674480

    cuirfear san áireamh an líne idir na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle(29), ach ní chuirfear san áireamh an teorainn mhuirí lastuaidh den líne sin, cé nach teorainn sheachtrach talún í fad is a leanfaidh Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 10 maidir leis an gCipir a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 d’fheidhm a bheith aige;

    the line between the areas referred to in Article 1 of Council Regulation (EC) No 866/2004(29), but not the maritime border north of that line, shall be taken into account even though it does not constitute an external land border for as long as Article 1 of Protocol No 10 on Cyprus to the 2003 Act of Accession remains applicable;

    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE

  15. #697715

    Ag pointí trasnaithe teorann farraige agus talún, féadfaidh na Ballstát feithiclí a roinnt idir lánaí éagsúla le haghaidh feithiclí éadroma agus troma agus busanna trí na comharthaí a thaispeántar i gcuid C d’Iarscríbhinn III a úsáid.

    At sea and land border crossing points, Member States may separate vehicle traffic into different lanes for light and heavy vehicles and buses by using signs as shown in Part C of Annex III.

    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

  16. #1627427

    Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le córas tráchta teorann áitiúil a bhunú ag teorainneacha talún seachtracha na mBallstát [agus] Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le córas tráchta teorann áitiúil a bhunú ag an teorainn talún sheachtrach shealadach idir Ballstáit mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. COM (2003) 502.

    PROPOSAL FOR A COUNCIL REGULATION ON THE ESTABLISHMENT OF A REGIME OF LOCAL BORDER TRAFFIC AT THE EXTERNAL LAND BORDERS OF THE MEMBER STATES [AND] PROPOSAL FOR A COUNCIL REGULATION ON THE ESTABLISHMENT OF A REGIME OF LOCAL BORDER TRAFFIC AT THE TEMPORARY EXTERNAL LAND BORDER BETWEEN MEMBER STATES TOGETHER WITH EXPLANATORY INFORMATION NOTE. COM (2003) 502.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  17. #1766689

    Le forálacha mionsonraithe bunaítear cosaintí leis an imirce neamhrialta agus na rioscaí slándála a íoslaghdú, go háirithe trí theorainn ceithre mhí a chur le scéimeanna den sórt sin agus a raon feidhme a shrianú go náisiúnaigh na tíre atá in aice leis an bpointe trasnaithe teorann talún nó náisiúnaigh de thír ag a bhfuil nasc díreach farantóireachta leis an bpointe trasnaithe teorann mara.

    Detailed provisions establish safeguards to minimise the irregular migration and security risks, particularly by limiting the duration of such schemes to four months and restricting their scope to nationals of the country adjacent to the land border crossing point or are nationals of a country having direct ferry connection to the sea border crossing point.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

  18. #1766981

    Beidh fad na scéime teoranta do cheithre mhí in aon bhliain féilire, beidh catagóirí na dtairbhithe sainithe go soiléir agus ní áireofar iontu náisiúnaigh tríú tír a chuimsítear sa chatagóir daoine a gceanglaítear réamhchomhairliúchán ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 22 agus daoine nach bhfuil ina gcónaí sa tír atá in aice leis an bpointe trasnaithe teorann talún nó i dtír a bhfuil naisc dhíreacha farantóireachta aici leis an bpointe trasnaithe teorann mara.

    The duration of the scheme shall be limited to four months in any calendar year and the categories of beneficiary shall be clearly defined and exclude third-country nationals falling within the category of persons for whom prior consultation is required in accordance with Article 22 and persons not residing in the country adjacent to the land-border crossing point or in a country having direct ferry connections to the sea-border crossing point.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

  19. #2630655

    Tá CELBET (Foireann Saineolaithe Teorann an Oirthir agus an Oirdheiscirt), ar tionscadal comhair arna mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach é, ag coinneáil súil ar fhorbairtí ag an teorainn mar chuid dá mhisean chun tacaíocht oibríochtúil agus treoir a chur ar fáil do na hoifigigh chustaim, agus tá sé ag déanamh faireachán ar na hurghabhálacha custaim ag na pointí trasnaithe teorann ag teorainn an Aontais (an Pholainn, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Rómáin) leis an Úcráin.

    CELBET (Customs Eastern and South-Eastern Land Border Expert Team) – a collaboration project financed by the European Commission, is following developments at the border as part of its mission to provide operational support and guidance to the customs officers and is monitoring the customs seizures at the border crossing points at the EU border (Poland, Slovakia, Hungary and Romania) with Ukraine.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE i dtaca leis an gCeathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála

  20. #2802618

    Ba cheart an fhéidearthacht sin a theorannú do naisc idir Ballstát nach bhfuil teorainn talún aige le Ballstát eile agus an Ballstát is gaire go geografach, amhail an nasc muirí idir an Chipir agus an Ghréig, nach ann dó le breis agus fiche bliain.

    That possibility should be limited to connections between a Member State without a land border with another Member State and the geographically closest Member State, such as the maritime connection between Cyprus and Greece, which has been absent for over two decades.

    Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  21. #2993196

    Na Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le haon Bhallstát eile, tá siad ag brath go háirithe ar a nasc muirí leis an gcuid eile den Aontas, go háirithe chun an nascacht is gá a choinneáil dá saoránaigh.

    Member States that do not share a land border with any other Member State are particularly dependent on their maritime connection to the rest of the Union, in particular to maintain necessary connectivity for their citizens.

    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  22. #2993395

    Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le haon Bhallstát eile longa paisinéirí a dhéanann muiraistir thrasnáisiúnta faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 maidir le calafoirt cuarda Ballstát eile.

    Member States that do not share a land border with any other Member State may exempt from the application of paragraph 1 passenger ships performing transnational voyages under public service obligations or public service contracts to the ports of call of other Member States.

    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #3050089

    ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht na chéad oifigigh de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh go rathúil chuig na Ballstáit óstacha agus chuig ceithre aerfort de chuid an Aontais; ag admháil go bhfuil príomhghníomhaíochtaí an dara ceann díobh sin dírithe ar thacú leis an gcomhar i réimse shainaithint agus eisiúint doiciméad taistil, comhairleoireacht maidir le filleadh agus eitiltí a chur in áirithint in FAR; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Ghníomhaireacht 19 n-oibríocht chomhpháirteacha (JO) chun feidhme in 2021 le 9 mBallstát óstacha, 23 Bhallstát rannpháirteacha, 32 údarás agus 4 thríú tír a raibh baint acu leis na hoibríochtaí sin; ag tabhairt dá haire mear-idirghabháil teorann na Gníomhaireachta (RBI) chun freagairt do bhrú imirce ag an teorainn sheachtrach talún idir an Liotuáin agus an Bhealarúis agus chun sreafaí inimirce neamhrialta i dtreo na Liotuáine agus an Aontais a rialú, ach ag cur béim ag an am céanna ar na hábhair imní maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear mar a shainaithin an t-oifigeach um chearta bunúsacha (FRO) iad, atá tar éis teacht leis na hoibríochtaí sin; ag tabhairt dá haire for-rochtain oibríochtúil na Gníomhaireachta i ndáil le RBI na Liotuáine, JO Opal Coast ag Muir nIocht agus seoladh JO nua i dtríú tír, eadhon an tSeirbia; ag tabhairt dá haire gur seoladh an chéim phíolótach chun oifigigh idirchaidrimh ó na Ballstáit a imscaradh den chéad uair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an measúnú ar thorthaí na céime píolótaí sin ach a dtabharfar chun críche í;

    Notes that the Agency successfully deployed to the host Member States and to four Union airports the first officers of the European Border and Coast Guard standing; acknowledges that the latter’s main activities focused on supporting cooperation in the area of the identification and issuance of travel documents, return counselling and booking flights in the FAR; notes further that in 2021 the Agency implemented 19 joint operations (JO) with 9 host Member States, 23 participating Member States, 32 authorities and 4 third countries involved therein; notes the Agency’s rapid border intervention (RBI) to respond to migratory pressure at the external land border between Lithuania and Belarus and to control irregular immigration flows towards Lithuania and the Union, but emphasises simultaneously the fundamental rights concerns, including as identified by the fundamental rights officer (FRO), that has come with these operations; notes the Agency’s operational outreach in connection with RBI Lithuania, JO Opal Coast at the English Channel and the launch of the new JO in a third country, namely Serbia; notes the launch of the pilot phase for the first deployments of liaison officers from Member States; calls on the Agency to inform the discharge authority on the assessment of the results of this pilot phase once finalised;

    Rún (AE) 2023/1941 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021