Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

11 toradh in 8 ndoiciméad

  1. #1788025

    Chun cosc a chur le fás bhearna fíorastaíochtaí an domhain, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir chun cosc a chur le fás bhearna na bhfíorastaíochtaí.

    In order to prevent the real-world emissions gap from growing, the Commission shall, no later than 1 June 2023, assess how fuel and energy consumption data may be used to ensure that the vehicle CO2 emissions and fuel or energy consumption values determined pursuant to Regulation (EC) No 715/2007 remain representative of real-world emissions over time for each manufacturer.

    Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  2. #1816641

    Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2 bhliain agus 5 mhí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun an Rialacháin sin fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

    In order to prevent the real-world emissions gap from growing, the Commission shall, not later than two years and five months following the date of application of the measures referred to in point (b) of Article 5c of Regulation (EC) No 595/2009, assess how fuel and energy consumption data may be used to ensure that the vehicle CO2 emission and energy consumption values determined pursuant to that Regulation remain representative of real-world emissions over time for each manufacturer.

    Rialachán (AE) 2019/1242 Ó Pharlaimint Na hEorpa Agus Ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2749157

    Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le fíorídiú breosla agus fuinnimh arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO 2 agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh na feithicle arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

    In order to prevent the real-world emissions gap from growing, the Commission shall, no later than 1 June 2023, assess how real-world fuel and energy consumption data collected pursuant to Commission Implementing Regulation (EU) 2021/392 may be used to ensure that the vehicle CO 2 emissions and fuel or energy consumption values determined pursuant to Regulation (EC) No 715/2007 remain representative of real-world emissions over time for each manufacturer.

    Rialachán (AE) 2023/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #280582

    D'fhéadfadh sé go mbeadh gá le coigeartuithe d'fhonn a áirithiú go bhfreagraíonn fíorastaíochtaí do na hastaíochtaí a thomhaistear agus an cineálcheadú á dhéanamh.

    Revisions may be necessary to ensure that real world emissions correspond to those measured at type approval.

    Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

  5. #280585

    De bharr a thábhachtaí is atá sé fíorastaíochtaí a shrianadh, ba chóir don Choimisiún na ceanglais do na córais sin agus na tairseacha lamháltais maidir le monatóireacht ar lochtanna a choimeád faoi bhreithniú.

    Due to the importance of controlling real world emissions, the Commission should keep under review the requirements for such systems and the tolerance thresholds for monitoring faults.

    Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

  6. #347937

    De bharr na tábhachta a bhaineann le rialú a dhéanamh ar fhíorastaíochtaí, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis na córais sin agus ar na tairseacha lamháltais maidir le faireachán ar fhabhtanna.

    Due to the importance of controlling real-world emissions, the Commission should keep under review the requirements for such systems and the tolerance thresholds for monitoring faults.

    Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE

  7. #280766

    Má shuíonn an t-athbhreithniú nach leor iad sin a thuilleadh nó nach bhfreagraíonn siad d'fhíorastaíochtaí, cuirfear in oiriúint iad ionas go léireoidh siad go leormhaith na hastaíochtaí a ghineann an fhíorthiomáint ar an mbóthar.

    If the review finds that these are no longer adequate or no longer reflect real world emissions, they shall be adapted so as to adequately reflect the emissions generated by real driving on the road.

    Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

  8. #620080

    D’fhonn a áirithiú go léirítear fíor-astaíochtaí ar bhealach leordhóthanach agus go bhfuil luachanna CO2a thomhaistear inchomparáide go cruinn, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go sainmhínítear go dian na heilimintí sin sa nós imeachta tástála a bhfuil tionchar suntasach acu ar astaíochtaí tomhaiste CO2sa chaoi nach n-úsáidfeadh monaróirí an tsolúbthacht sa timthriall tástála.

    With a view to ensuring that real world emissions are adequately reflected, and measured CO2values are strictly comparable, the Commission should ensure that those elements in the testing procedure that have a significant influence on measured CO2emissions are strictly defined in order to prevent the utilisation of test cycle flexibilities by manufacturers.

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 333/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 maidir le rialacha mionsonraithe a shainiú chun sprioc 2020 a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí a laghdú

  9. #668894

    D’fhonn a áirithiú go léireofar fíorastaíochtaí go leordhóthanach agus gurb inchomparáide go hiomlán na luachanna tomhaiste CO2, ba cheart don Choimisiún a áirithiú, ionas nach mbeidh na monaróirí in ann leas a bhaint as solúbthacht i dtimthriall na tástála, go ndéanfar sainmhíniú beacht ar na gnéithe sin den nós imeachta tástála a mbíonn tionchar sonrach acu ar astaíochtaí CO2 tomhaiste.

    With a view to ensuring that real world emissions are adequately reflected, and measured CO2 values are strictly comparable, the Commission should ensure that those elements in the testing procedure that have a significant influence on measured CO2 emissions are strictly defined in order to prevent the utilisation of test cycle flexibilities by manufacturers.

    Rialachán (AE) Uimh. 253/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 maidir leis na rialacha mionsonraithe a shainiú chun an sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí CO 2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a laghdú Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  10. #1787812

    Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, thairis sin, ar an gcaoi a bhféadfadh sonraí faoi ídiú breosla agus fuinnimh a bheith ina gcuidiú lena áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO2 feithiclí arna gcinneadh i gcomhréir le WLTP ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do na monaróirí ar fad agus, go sonrach, ar an gcaoi ar féidir na sonraí sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna idir astaíochtaí CO2 arna dtomhas i saotharlann agus fíorastaíochtaí CO2 agus, i gcás inar gá, cosc a chur ar mhéadú na bearna sin.

    The Commission should, moreover, assess how fuel and energy consumption data may help to ensure that the vehicle CO2 emissions determined in accordance with the WLTP remain representative of real-world emissions over time for all manufacturers and, more precisely, how such data can be used to monitor the gap between laboratory and real-world CO2 emissions and, where necessary, to prevent this gap from increasing.

    Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  11. #1934678

    Ba cheart na fíorshonraí sin a bhailiú a luaithe a bheidh siad ar fáil, óir tá sé bunriachtanach go sainaithneofaí, a luaithe is féidir, conas a thagann forás ar an difríocht idir na fíorastaíochtaí agus ídiú breosla nó fuinnimh agus na luachanna cineálcheadaithe comhfhreagracha le himeacht ama, chun faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá caighdeáin astaíochtaí CO2 i ndáil le hastaíochtaí CO2 feithiclí a laghdú, agus chun an pobal a chur ar an eolas.

    Such real-world data should be collected as soon as it becomes available, as it is essential to identify, as early as possible, how the difference between the real-world emissions and fuel or energy consumption and the corresponding type-approval values evolves over time, both for monitoring the effectiveness of the CO2 emission standards in reducing vehicle CO2 emissions, and for informing the public.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010, (AE) Uimh. 293/2012, (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)