Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

63 toradh in 3 dhoiciméad

  1. #751956

    Cuirfidh an Oifig, arna iarraidh seo, fógra isteach sa Chár gur measadh clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4bis de Phrótacal Mhaidrid a bheith curtha in ionad trádmhairc de chuid AE.

    The Office shall, upon request, enter a notice in the Register that an EU trade mark is deemed to have been replaced by an international registration in accordance with Article 4bis of the Madrid Protocol.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  2. #751961

    I gcás inar dearbhaíodh, trí bhíthin cinneadh deiridh, go bhfuil éifeachtaí cláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamhbhailí, de bhun Airteagal 64 nó Airteagal 128 den Rialachán seo agus an Airteagail seo, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Phrótacal Mhaidrid.

    Where pursuant to Article 64 or Article 128 of this Regulation and this Article, the effects of an international registration designating the Union have been declared invalid by means of a final decision, the Office shall notify the International Bureau in accordance with Article 5(6) of the Madrid Protocol.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  3. #751982

    Cuirfear tús leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear in Airteagal 139(5) den Rialachán seo an lá tar éis an lae dheiridh ar a bhféadfar an athnuachan a chur i gcrích fós de bhun Airteagal 7(4) de Phrótacal Mhaidrid.

    The period of three months provided for in Article 139(5) of this Regulation shall begin to run on the day following the last day on which the renewal may still be effected pursuant to Article 7(4) of the Madrid Protocol.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  4. #751984

    Leis an iarraidh chun clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a thiontú ina ainmniú Ballstáit is páirtí i bPrótacal Mhaidrid, áireofar na tásca agus na gnéithe dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5.

    The request for conversion of an international registration designating the Union into a designation of a Member State party to the Madrid Protocol shall include the indications and elements referred to in paragraphs 4 and 5.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  5. #751986

    Diúltóidh an Oifig don iarraidh ar thiontú freisin i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha chun an Ballstát is páirtí i bPrótacal Mhaidrid nó i gComhaontú Mhaidrid a ainmniú ar an dáta ar ainmníodh an tAontas ná ar an dáta a fuarthas an t-iarratas ar thiontú araon nó, de bhun na habairte deireanaí d'Airteagal 140(1), ar an dáta a mheasfar é a bheith faighte ag an Oifig.

    The Office shall also reject the request for conversion where the conditions to designate the Member State which is a party to the Madrid Protocol or to the Madrid Agreement were fulfilled neither on the date of the designation of the Union nor on the date on which the application for conversion was received or, pursuant to the last sentence of Article 140(1), is deemed to have been received by the Office.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  6. #751996

    Faoi réir mhír 2, beidh feidhm ag na forálacha is infheidhme maidir hiarratais ar thrádmharc de chuid AE mutatis mutandis maidir le hiarratais ar chlárú idirnáisiúnta a thrasfhoirmiú ina iarratas ar thrádmharc de chuid AE de bhfuil Airteagal 9quinquies de Phrótacal Mhaidrid.

    Subject to paragraph 2, the provisions applicable to EU trade mark applications shall apply mutatis mutandis to applications for transformation of an international registration into an EU trade mark application pursuant to Article 9quinquies of the Madrid Protocol.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  7. #751998

    D'fhonn a mheas gur trasfhoirmiú ar chlárú idirnáisiúnta é iarratas ar thrádmharc de chuid AE, ar clárú é a chuir an Biúró Idirnáisiúnta ar ceal arna iarraidh sin don oifig tionscnaimh de bhun Airteagal 9quinquies de Phrótacal Mhaidrid, beidh tásc chuige sin san iarratas sin.

    In order to be considered a transformation of an international registration which has been cancelled at the request of the office of origin by the International Bureau pursuant to Article 9quinquies of the Madrid Protocol, an EU trade mark application shall contain an indication to that effect.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  8. #752158

    Éileofar ar an iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas táille aonair a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

    The applicant for an international registration designating the Union shall be required to pay to the International Bureau an individual fee for the designation of the Union in accordance with Article 8(7) of the Madrid Protocol.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  9. #752159

    Éileofar ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta a chomhdaíonn iarraidh ar shíneadh críche lena n-ainmnítear an tAontas, a cuireadh isteach i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta, táille aonair a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

    The holder of an international registration who files a request for territorial extension designating the Union made subsequent to the international registration shall be required to pay to the International Bureau an individual fee for the designation of the Union in accordance with Article 8(7) of the Madrid Protocol.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  10. #752164

    Éileofar ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas táille aonair, mar chuid de na táillí chun clárú idirnáisiúnta a athnuachan, a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

    The holder of an international registration designating the Union shall be required to pay to the International Bureau, as a part of the fees for a renewal of the international registration, an individual fee for the designation of the Union in accordance with Article 8(7) of the Madrid Protocol.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  11. #1642341

    Tá an Comhchoiste um Fhiontraíocht agus Mionghnóthaí tar éis a bhreithniú a chríochnú ar an togra go gceadóidh Dáil Éireann téarmaí an Phrótacail a bhaineann le Comhaontú Mhaidrid maidir le Clárú Idirnáisiúnta Marcanna, a glacadh i Maidrid an 27 Meitheamh,1989 (ar a dtugtar Prótacal Mhaidrid).

    THE SELECT COMMITTEE ON ENTERPRISE AND SMALL BUSINESS HAS COMPLETED ITS CONSIDERATION OF THE PROPOSAL THAT DÁIL ÉIREANN APPROVE THE TERMS OF THE PROTOCOL RELATING TO THE MADRID AGREEMENT CONCERNING THE INTERNATIONAL REGISTRATION OF MARKS, ADOPTED AT MADRID ON 27TH JUNE 1989 (KNOWN AS THE MADRID PROTOCOL).

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  12. #695382

    D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú a bhaineann leis na hiarratais, iarrataí, deimhnithe, éilimh, rialacháin, fógraí agus aon doiciméad eile faoi na ceanglais nós imeachta ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus i ndáil leis na huasrátaí i leith na gcostas riachtanach a bhaineann leis na himeachtaí agus a tabhaíodh go hiarbhír, mionsonraí a bhaineann le foilseacháin i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh agus in Iris Oifigiúil na hOifige, na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis náisiúnta, socruithe mionsonraithe maidir le haistriúcháin doiciméid tacaíochta in imeachtaí i scríbhinn, cineálacha beachta na gcinntí a bheidh le déanamh ag ball aonair de na rannáin chur i gcoinne nó chealúcháin, mionsonraí na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt de bhun Phrótacal Mhaidrid, agus ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh clárú idirnáisiúnta.

    In order to ensure uniform conditions for the implementation of this Regulation, implementing powers should be conferred on the Commission in respect of specifying the details concerning applications, requests, certificates, claims, regulations, notifications and any other document under the relevant procedural requirements established by this Regulation as well as in respect of maximum rates for costs essential to the proceedings and actually incurred, details concerning publications in the European Union Trade Marks Bulletin and the Official Journal of the Office, the detailed arrangements for exchange of information between the Office and national authorities, detailed arrangements concerning translations of supporting documents in written proceedings, exact types of decisions to be taken by a single member of the opposition or cancellation divisions, details of the notification obligation pursuant to the Madrid Protocol, and detailed requirements regarding the request for territorial extension subsequent to international registration.

    Rialachán (AE) 2015/2424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #750227

    D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú a bhaineann leis na hiarratais, iarrataí, deimhnithe, éilimh, rialacháin, fógraí agus aon doiciméad eile faoi na ceanglais nós imeachta ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus i ndáil leis na huasrátaí i leith na gcostas riachtanach a bhaineann leis na himeachtaí agus a tabhaíodh go hiarbhír, mionsonraí a bhaineann le foilseacháin i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh agus in Iris Oifigiúil na hOifige, na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis náisiúnta, socruithe mionsonraithe maidir le haistriúcháin doiciméid tacaíochta in imeachtaí i scríbhinn, cineálacha beachta na gcinntí a bheidh le déanamh ag ball aonair de na rannáin freasúra nó chealúcháin, mionsonraí na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt de bhun Phrótacal Mhaidrid, agus ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh clárú idirnáisiúnta.

    In order to ensure uniform conditions for the implementation of this Regulation, implementing powers should be conferred on the Commission in respect of specifying the details concerning applications, requests, certificates, claims, regulations, notifications and any other document under the relevant procedural requirements established by this Regulation, as well as in respect of maximum rates for costs essential to the proceedings and actually incurred, details concerning publications in the European Union Trade Marks Bulletin and the Official Journal of the Office, the detailed arrangements for exchange of information between the Office and national authorities, detailed arrangements concerning translations of supporting documents in written proceedings, exact types of decisions to be taken by a single member of the opposition or cancellation divisions, details of the notification obligation pursuant to the Madrid Protocol, and detailed requirements regarding the request for territorial extension subsequent to international registration.

    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )