#706881
I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtúla chun leas an phobail aige nó aici agus atá gníomhach sa réimse maidir le sonraí pearsanta a chosaint, gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta ar a shon nó ar a son, agus ba cheart an ceart a bheith aige nó aici an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú ar son ábhar sonraí nó an ceart chun cúiteamh a fháil ar son ábhar sonraí, má dhéantar foráil don chás deireanach sin i ndlí Ballstáit.
Where a data subject considers that his or her rights under this Regulation are infringed, he or she should have the right to mandate a not-for-profit body, organisation or association which is constituted in accordance with the law of a Member State, has statutory objectives which are in the public interest and is active in the field of the protection of personal data to lodge a complaint on his or her behalf with a supervisory authority, exercise the right to a judicial remedy on behalf of data subjects or, if provided for in Member State law, exercise the right to receive compensation on behalf of data subjects.