#562618
Féadfar IMI a úsáid chun sonraí a bhaineann le cionta, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a phróiseáil, faoi réir coimircí dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le smachtbhannaí araíonachta, riaracháin nó coiriúla nó faisnéis eile is gá le dea-cháil duine aonair nó duine dhlítheanaigh a shuíomh, i gcás ina ndéantar foráil maidir le próiseáil na sonraí sin i ngníomh de chuid an Aontais arb é an bonn atá faoin bpróiseáil, nó le toiliú sainráite an ábhair sonraí, faoi réir coimircí sonracha iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Threoir 95/46/CE.
IMI may be used for the processing of data relating to offences, criminal convictions or security measures referred to in Article 8(5) of Directive 95/46/EC and Article 10(5) of Regulation (EC) No 45/2001, subject to safeguards provided for in those Articles, including information on disciplinary, administrative or criminal sanctions or other information necessary to establish the good repute of an individual or a legal person, where the processing of such data is provided for in a Union act constituting the basis for the processing or with the explicit consent of the data subject, subject to specific safeguards referred to in Article 8(5) of Directive 95/46/EC.