Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

aspect

international

119 toradh in 76 doiciméad

  1. #2691359

    Agus leas á bhaint aige as caighdeáin náisiúnta, Aontais agus idirnáisiúnta, as tuarascálacha cásdlí agus as tuarascálacha faireacháin, cuirtear ar an eolas í faoi phríomhghnéithe roghnaithe na ndálaí coinneála, lena n-áirítear spás cillín, dálaí sláintíochta, rochtain ar chúram sláinte agus cosaint ar fhoréigean.

    Drawing on national, Union and international standards, case law and monitoring reports, it informs about selected core aspects of detention conditions, including cell space, sanitary conditions, access to healthcare and protection against violence.

    Moladh (AE) 2023/681 ón gCoimisiún an 8. Nollaig 2022 maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach agus maidir le coinníollacha coinneála ábhartha

  2. #2729999

    Is eagraíocht idirnáisiúnta é GES a bhfuil saineolas leathan aige i réimse an spáis, lena n-áirítear i gcumarsáid satailíte, agus, dá bhrí sin, is comhpháirtí tábhachtach é i gcur chun feidhme na ngnéithe éagsúla de bheartas spáis an Aontais.

    ESA is an international organisation with extensive expertise in the space domain, including in satellite communication, and is therefore an important partner in the implementation of the different aspects of the Union’s space policy.

    Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027

  3. #2801667

    Maidir le gnéithe comhshaoil, d’fhéadfaí na spriocanna a ailíniú le cuspóirí agus spriocanna beartais comhshaoil idirnáisiúnta agus de chuid an Aontais lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cosaint agus athbhunú inbhuanaithe acmhainní uisce agus muirí, an geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú, agus cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras.

    For environmental aspects, the targets could be aligned with international and Union environmental policy objectives and targets, including those related to the sustainable protection and restoration of water and marine resources, circular economy, pollution prevention and control, and the protection and restoration of biodiversity and ecosystems.

    Moladh (AE) 2023/1425 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 maidir le maoiniú a éascú don aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe

  4. #2964704

    Is é an aidhm atá leis na socruithe aghaidh a thabhairt ar ghnéithe teicniúla, riaracháin agus airgeadais ar nós ceanglas dul i gcomhairle le EUSPA maidir le sonraíochtaí mionsonraithe a fhorbairt; an mhaoirseacht a dhéanfaidh EASA ar dhearbhuithe maidir le comhlíontacht dearaidh chóras EGNOS; agus malartú sonraí idir an dá ghníomhaireacht maidir le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (SARPS) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a chomhlíonadh.

    Those arrangements are to address technical, administrative, and financial aspects such as a requirement to consult EUSPA as regards the development of detailed specifications; the oversight by EASA of the declarations of design compliance of the EGNOS system; and the exchange of data between both agencies regarding the relevant International Civil Aviation Organization (ICAO) Standards and Recommended Practices (SARPS) compliance.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniúchán agus dearbhú córas bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta

  5. #2991808

    5 Tugtar aghaidh cheana féin ar ghnéithe agus nochtaí áirithe a bhaineann le roinnt socruithe maidir le lamháltas seirbhíse leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais atá ann cheana (e.g. tá feidhm ag IAS 16 maidir le héadálacha earraí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, tá feidhm ag IFRS 16 maidir le léasanna sócmhainní, agus tá feidhm ag IAS 38 maidir le héadálacha sócmhainní doláimhsithe).

    5 Certain aspects and disclosures relating to some service concession arrangements are already addressed by existing International Financial Reporting Standards (eg IAS 16 applies to acquisitions of items of property, plant and equipment, IFRS 16 applies to leases of assets, and IAS 38 applies to acquisitions of intangible assets).

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #3065805

    Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe de bheartais agus de bhearta comhshaoil a bhaineann leis an trádáil, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear i bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, UNEP, UNEA, MEAnna, ECFE, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear ‘FAO’ anseo feasta) agusEDT.

    The Parties shall work together to strengthen their cooperation on trade-related aspects of environmental policies and measures, bilaterally, regionally and in international fora, as appropriate, including in the United Nations High-Level Political Forum for Sustainable Development, UNEP, UNEA, MEAs, OECD, Food and Agriculture Organization of the United Nations (hereinafter referred to as “FAO”), and the WTO.

    22024A0022

  7. #3065842

    Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe de bhearta agus beartais bithéagsúlachta a bhaineann le trádáil, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht agus in CITES.

    The Parties shall work together to strengthen their cooperation on trade-related aspects of biodiversity policies and measures bilaterally, regionally and in international fora, as appropriate, including in the Convention on Biological Diversity and CITES.

    22024A0022

  8. #3065856

    Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe a bhaineann leis an trádáil i leith bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a íoslaghdú, caomhnú foraoisí, lománaíocht neamhdhleathach, agus ról na bhforaoisí agus táirgí atá bunaithe ar adhmad maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus sna geilleagair chiorclacha agus sna bithgheilleagair, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí.

    The Parties shall work together to strengthen their cooperation on trade-related aspects of sustainable forest management, minimising deforestation and forest degradation, forest conservation, illegal logging, and the role of forests and wood-based products in climate change mitigation and the circular and bioeconomies, bilaterally, regionally and in international fora as appropriate.

    22024A0022

  9. #3065873

    Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe a bhaineann le trádáil i mbeartais agus bearta iascaigh agus dobharshaothraithe, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítearin EDT, san Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta, in ECFE, i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, in ERBI agus ionstraimí iltaobhacha eile sa réimse sin, agus é mar aidhm acu cleachtais inbhuanaithe iascaireachta agus trádáil i dtáirgí éisc a chur chun cinn ó iascaigh a bhainistítear go hinbhuanaithe.

    The Parties shall work together to strengthen their cooperation on trade-related aspects of fishery and aquaculture policies and measures, bilaterally, regionally and in international fora, as appropriate, including in the WTO, FAO, OECD, United Nations General Assembly, RFMOs and other multilateral instruments in this field, with the aim of promoting sustainable fishing practices and trade in fish products from sustainably managed fisheries.

    22024A0022

  10. #3065895

    Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun an comhar eatarthu a neartú maidir le gnéithe trádála de shaincheisteanna a chumhdaítear leis an Airteagal seo go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta agus iltaobhacha de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear trí mhalartú faisnéise, dea-chleachtas agus tionscnamh for-rochtana.

    The Parties shall work together to strengthen their cooperation on trade-related aspects of issues covered by this Article bilaterally, regionally and in international and multilateral fora as appropriate, including through the exchange of information, best practices and outreach initiatives.

    22024A0022

  11. #3065904

    Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun an comhar eatarthu a neartú maidir le gnéithe trádála de shaincheisteanna a chumhdaítear leis an Airteagal seo go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear trí mhalartú faisnéise, dea-chleachtas agus tionscnamh for-rochtana.

    The Parties shall work together to strengthen their cooperation on trade-related aspects of issues covered by this Article bilaterally, regionally and in international fora as appropriate, including through the exchange of information, best practices and outreach initiatives.

    22024A0022

  12. #3084358

    I gcomhréir lena dtiomantas feabhas a chur ar rannchuidiú na hinfheistíochta le sprioc na forbartha inbhuanaithe, lena n-áirítear a ghnéithe saothair, cuirfidh gach Páirtí beartais infheistíochta chun cinn lena gcuirtear cuspóirí an Chláir Oibre um Obair Chuibhiúil chun cinn, i gcomhréir le Dearbhú 2008 EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, agus le Dearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre, a ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv an 21 Meitheamh 2019.

    In accordance with their commitment to enhance the contribution of investment to the goal of sustainable development, including its labour aspects, each Party shall promote investment policies which advance the objectives of the Decent Work Agenda, in accordance with the 2008 ILO Declaration on Social Justice for a Fair Globalisation, and the ILO Centenary Declaration for the Future of Work, adopted at Geneva on 21 June 2019 by the International Labour Conference.

    22024A0083

  13. #3084366

    Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun a gcomhar a neartú maidir le gnéithe de bheartais agus de bhearta comhshaoil a bhaineann le hinfheistíocht, go déthaobhach, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear i bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, UNEP, UNEA, nó san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (dá ngairtear ‘EDT’ anseo feasta)

    The Parties shall work together to strengthen their cooperation on investment-related aspects of environmental policies and measures, bilaterally, regionally and in international fora, as appropriate, including in the United Nations High-level Political Forum for Sustainable Development, UNEP, UNEA, MEAs, or the World Trade Organisation (hereinafter referred to as "WTO").

    22024A0083

  14. #3121396

    Srianta a fhorchur ar chosaint ceart maoine intleachtúla nó ar shaothrú tráchtála na gceart maoine intleachtúla sin, i ndáil le sealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme i ndáil le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil.

    The imposition of restrictions on the protection of intellectual property rights or their commercial exploitation, in relation to rightholders that are nationals of the third country concerned, which may amount, as necessary, to the non-performance of applicable international obligations with respect to trade-related aspects of intellectual property rights.

    Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha

  15. #3235725

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon teacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite a éascú do gach aicme sócmhainní agus gnéithe áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a leasú chun an trédhearcacht ar mhargaí in ionstraimí airgeadais a fheabhsú, agus chun an cothrom iomaíochta idir margaí rialáilte agus inmheánaitheoirí córasacha a fheabhsú tuilleadh, chomh maith le hiomaíochas idirnáisiúnta mhargaí caipitil an Aontais a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Since the objectives of this Regulation, namely to facilitate the emergence of a consolidated tape for each asset class and to amend certain aspects of Regulation (EU) No 600/2014 in order to improve transparency on markets in financial instruments, and to further enhance the level playing field between regulated markets and systematic internalisers, as well as enhance the international competitiveness of the Union’s capital markets, cannot be sufficiently achieved by the Member States but can rather, by reason of its scale and effects, be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union.

    Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe

  16. #608027

    Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 "Buiséad don Eoraip" éilítear clár aonair i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, lena n-áirítear gnéithe idirnáisiúnta an ardoideachais, ina dtabharfar le chéile an clár gníomhaíochta san earnáil um fhoghlaim ar feadh an tsaoil ("Foghlaim le haghaidh an tSaoil") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [4], agus clár um an Aos Óg i mBun Gníomhaíochta ("an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [5], clár gníomhaíochta Erasmus Mundus ("Erasmus Mundus") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [6], an clár ALFA III a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1905/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [7], cláir Tempus agus Edulink chun a áirithiú go mbainfear amach éifeachtúlacht níos mó, fócas straitéiseach níos láidre agus sineirgí a bhainfear leas astu idir na gnéithe éagsúla den chlár aonair.

    The Commission's communication of 29 June 2011 entitled 'A Budget for Europe 2020' calls for a single programme in the field of education, training, youth and sport, including the international aspects of higher education, bringing together the action programme in the field of lifelong learning ('Lifelong Learning') established by Decision No 1720/2006/EC of the European Parliament and of the Council [4], the Youth in Action programme ('Youth in Action') established by Decision No 1719/2006/EC of the European Parliament and of the Council [5], the Erasmus Mundus action programme ('Erasmus Mundus') established by Decision No 1298/2008/EC of the European Parliament and of the Council [6], the ALFA III programme established by Regulation (EC) No 1905/2006 of the European Parliament and of the Council [7], and the Tempus and Edulink programmes, in order to ensure greater efficiency, a stronger strategic focus and synergies to be exploited between the various aspects of the single programme.

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  17. #655533

    Chun freagairt ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach ar bhagairtí suaite sa mhargadh, ar bhagairtí iad arb é arduithe nó laghduithe suntasacha i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó imthosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó lena mbaineann bagairt go suaithfí na margaí, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ar choinníoll go bhfuil an chuma air nach bhfuil aon bhearta eile atá ar fáil faoin Rialachán seo leordhóthanach, lena n-áirítear bearta chun an raon feidhme, ré nó gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, nó foráil d'aisíocaíochtaí onnmhairithe nó dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí nó tréimhsí áirithe, de réir mar is gá.

    In order to react efficiently and effectively against threats of market disturbance caused by significant price rises or falls on internal or external markets, or other events and circumstances significantly disturbing or threatening to disturb the market, where that situation, or its effects on the market, is likely to continue or deteriorate, the power to adopt certain acts should be delegated to the Commission in respect of the measures necessary to address that market situation, while respecting any obligations resulting from international agreements and provided that any other measures available under this Regulation appear to be insufficient, including measures to extend or modify the scope, duration or other aspects of other measures provided for under this Regulation, or provide for export refunds, or suspend import duties, in whole or in part, including for certain quantities or periods, as necessary.

    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle ( IO L 347, 20.12.2013 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Eagrán Speisialta Gaeilge)

  18. #1843601

    Chun freagairt ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach ar bhagairtí suaite sa mhargadh, ar bhagairtí iad arb é arduithe nó laghduithe suntasacha i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó imthosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó lena mbaineann bagairt go suaithfí na margaí, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ar choinníoll go bhfuil an chuma air nach bhfuil aon bhearta eile atá ar fáil faoin Rialachán seo leordhóthanach, lena n-áirítear bearta chun an raon feidhme, ré nó gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, nó foráil d'aisíocaíochtaí onnmhairithe nó dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí nó tréimhsí áirithe, de réir mar is gá.

    In order to react efficiently and effectively against threats of market disturbance caused by significant price rises or falls on internal or external markets, or other events and circumstances significantly disturbing or threatening to disturb the market, where that situation, or its effects on the market, is likely to continue or deteriorate, the power to adopt certain acts should be delegated to the Commission in respect of the measures necessary to address that market situation, while respecting any obligations resulting from international agreements and provided that any other measures available under this Regulation appear to be insufficient, including measures to extend or modify the scope, duration or other aspects of other measures provided for under this Regulation, or provide for export refunds, or suspend import duties, in whole or in part, including for certain quantities or periods, as necessary.

    NoDG-2013-02013R1308_EN-GA-DWN

  19. #2571069

    Chun gnéithe áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus chun measúnú a dhéanamh ar staid chur chun feidhme na bpleananna ullmhachta náisiúnta agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na nithe seo a leanas: na cásanna agus na coinníollacha faoinar féidir rochtain pháirteach a thabhairt do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ar fheidhmiúlachtaí an ardáin dhigitigh um fhaireachas, sonraí, faisnéis agus doiciméid áirithe is féidir a tharchur tríd an ardán agus na coinníollacha faoinar féidir le ECDC a bheith rannpháirteach agus faoinar féidir rochtain a thabhairt dó ar na sonraí sláinte a bhfuarthas rochtain orthu nó a mhalartaítear trí bhonneagar digiteach, na ceanglais mhionsonraithe is gá chun a áirithiú go gcomhlíonann oibriú EWRS agus an phróiseáil sonraí na rialacháin maidir le cosaint sonraí, liosta de chatagóirí sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a mhalartú chun críche rianaithe teagmhálaithe agus na nósanna imeachta, na caighdeáin agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an bpleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta.

    In order to supplement certain aspects of this Regulation and to assess the state of implementation of the national preparedness plans and their coherence with the Union plan, the power to adopt acts in accordance with Article 290 TFEU should be delegated to the Commission in respect of: the cases and the conditions under which third countries and international organisations can be granted partial access to the functionalities of the digital platform for surveillance, certain data, information and documents which can be transmitted using the platform and the conditions under which the ECDC can participate and be granted access to the health data accessed or exchanged through digital infrastructure, the detailed requirements necessary to ensure that the operation of the EWRS and the processing of data complies with the data protection regulations, a list of categories of personal data that might be exchanged for the purpose of contact tracing and the procedures, standards and criteria for the assessment of the prevention, preparedness and response planning at national level.

    Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)