#1892625
Liostaíodh Haroun Gaye an 17 Nollaig 2015 de bhun mhíreanna 11 agus 12(b) agus (f) de rún 2196 (2015) as “páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nó tacú le gníomhaíochtaí lena raibh an bonn á bhaint de shíocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir”; “a bheith páirteach i bpleanáil, i stiúradh, nó i ndéanamh gníomhartha lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó ar mí-úsáid nó sáruithe iad ar chearta an duine i bPoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear gníomhartha lena ngabhann foréigean gnéasach, díriú ar shibhialtaigh, ionsaithe ar bhonn eitneach nó reiligiúnach, ionsaithe ar scoileanna agus ar ospidéil, agus fuadach agus easáitiú éigeantach”; agus “a bheith rannpháirteach i bpleanáil, i stiúradh, in urraíocht nó i ndéanamh ionsaithe ar mhisin NA nó ar láithreachtaí slándála idirnáisiúnta, lena n‐áirítear Minusca, misin an Aontais Eorpaigh agus oibríochtaí na Fraince a thacaíonn leo”.
Haroun Gaye was listed on 17 December 2015 pursuant to paragraphs 11 and 12(b) and (f) of Resolution 2196 (2015) as ‘engaging in or providing support for acts that undermine the peace, stability or security of the CAR’; ‘involved in planning, directing, or committing acts that violate international human rights law or international humanitarian law, as applicable, or that constitute human rights abuses or violations, in the CAR, including acts involving sexual violence, targeting of civilians, ethnic- or religious-based attacks, attacks on schools and hospitals, and abduction and forced displacement’; and ‘involved in planning, directing, sponsoring, or conducting attacks against UN missions or international security presences, including Minusca, the European Union missions and French operations which support them’.