Is é is éifeacht don Ordú seo na tíortha uile sin a bhí go dtí seo ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí (dá ngairtear U.P.O.V.) a ainmniú mar thíortha coinbhinsiúin chun críocha an Achta um Chineálacha Nua Plandaí (Cearta Dílseánaigh), 1980.
The effect of this Order is to designate as Convention Countries for the purposes of the Plant Varieties (Proprietary Rights) Act, 1980 all those countries so far party to the International Convention for the Protection of New Varieties of Plants (known as U.P.O.V.).
#177312
(5) Sa Rialachán seo, ciallaíonn "na treoirlínte" na treoirlínte lenar ghlac an tAontas Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí (dá ngairtear "UPOV" i Rialachán II de na Rialacháin seo agus i gcolún (1) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin seo) agus atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin seo.
(5) In this Regulation "the guidelines" means the guidelines adopted by the International Union for the Protection of New Varieties of Plants (which union is in Regulation II of, and column (1) of the Fourth Schedule to these Regulations referred to as "UPOV") and set out in the First Schedule to these Regulations.
#640401
I gcás úsáideoirí a fhaigheann Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (PGRFA) i dtír atá ina Páirtí i bPrótacal Nagoya, ar tír í a chinn i dtaca le PGRFA atá faoina bainistíocht agus faoina rialú féin agus atá san fhearann poiblí, agus nach ann dó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA), go mbeidh sé faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe chaighdeánaigh um aistriú ábhar, freisin, chun na gcríoch atá leagtha amach faoi ITPGRFA, measfar go ndearna na húsáideoirí sin oibleagáidí an díchill chuí a fheidhmiú i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Users acquiring Plant Genetic Resources for Food and Agriculture (PGRFA) in a country that is a Party to the Nagoya Protocol which has determined that PGRFA under its management and control and in the public domain, not contained in Annex I to the International Treaty on Plant Genetic Resources for Food and Agriculture (ITPGRFA), will also be subject to the terms and conditions of the standard material transfer agreement for the purposes set out under the ITPGRFA, shall be considered to have exercised due diligence in accordance with paragraph 3 of this Article.
#640546
Cinneadh 2004/869/CE ón gComhairle an 24 Feabhra 2004 i ndáil leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 378, 23.12.2004, lch. 1).
Council Decision 2004/869/EC of 24 February 2004 concerning the conclusion, on behalf of the European Community, of the International Treaty on Plant Genetic Resources for Food and Agriculture (OJ L 378, 23.12.2004, p. 1).
#695419
trádmharcanna ina bhfuil, nó a atáirgteann ina ngnéithe bunriachtanacha, ainmníocht chineáil phlanda a bhí ann cheana agus a cláraíodh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta, nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena bhforáiltear do chosaint ceart maidir le cineálacha plandaí, agus a bhaineann le cineálacha plandaí den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar.”.
trade marks which consist of, or reproduce in their essential elements, an earlier plant variety denomination registered in accordance with Union legislation or national law, or international agreements to which the Union or the Member State concerned is a party, providing for protection of plant variety rights, and which are in respect of plant varieties of the same or closely related species.’.
#730688
Maidir le trádáil idirnáisiúnta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile nach bhfuil ach taithí theoranta fíteashláintíochta ann ina leith, d'fhéadfadh rioscaí do-ghlactha a bheith i gceist léi ó thaobh lotnaidí coraintín a shuí nach bhfuil liostaithe go fóill mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus nach bhfuil aon bhearta glactha ina leith de bhun an Rialacháin seo.
The international trade of plants, plant products and other objects with which there is limited phytosanitary experience can potentially involve unacceptable risks of the establishment of quarantine pests which are not yet listed as Union quarantine pests and for which no measures have been adopted pursuant to this Regulation.
#730743
D'fhonn cuntas a dhéanamh d'fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha a bhaineann le fianuithe do phlandaí, do tháirgí plandaí agus do réada eile, seachas ábhar pacáistíochta adhmaid, a n-éileofaí fianú sonrach ar chomhlíonadh a chur i bhfeidhm ina leith de réir rialacha an Rialacháin seo.
In order to take into account the development of international standards, the power to adopt acts in accordance with Article 290 TFEU should be delegated to the Commission in respect of rules concerning attestations for plants, plant products and other objects, other than wood packaging material, which would require the application of a specific attestation of compliance with the rules of this Regulation.
#730767
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh i ndáil le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, a chomhlíonadh agus, dá réir sin, de bhun a éifeachtachta, castacht, agus a charachtar thrasteorann agus idirnáisiúnta, go bhféadfaí é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh.
Since the objective of this Regulation, namely to ensure a harmonised approach with regard to protective measures against pests of plants, cannot be sufficiently achieved by the Member States but can rather, by reason of its effect, complexity, and trans-border and international character, be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union.
#731298
Soláthróidh Ballstáit, calafoirt agus aerfoirt, agus oibreoirí idirnáisiúnta iompair faisnéis do phaisinéirí maidir leis na toirmisc, dá dtagraítear in Airteagal 40(2), leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 41(2) agus Airteagal 42(3), agus an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 75(2), maidir le plandaí, le táirgí plandaí agus le réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.
Member States, seaports, airports and international transport operators shall make information available to passengers concerning prohibitions referred to in Article 40(2), requirements referred to in Articles 41(2) and 42(3) and the exemption referred to in Article 75(2) as regards the introduction of plants, plant products and other objects into the Union territory.
#731823
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na nithe a bheidh i bhfianuithe oifigiúla a leagan amach, ar fianuithe sonracha iad le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réada eile, seachas ábhar pacáistíochta adhmaid, atá riachtanach de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme mar chruthúnas ar chur chun feidhme na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 28(1) nó (2), Airteagal 30(1) nó (3), Airteagal 41(2) nó (3), Airteagal 44, nó Airteagal 54(2) nó (3).
The Commission is empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 105 supplementing this Regulation by setting out the elements to be contained in official attestations specific for plants, plant products or other objects, other than wood packaging material, which are required by the applicable international standards as form of proof of the implementation of measures adopted pursuant to Article 28(1) or (2), Article 30(1) or (3), Article 41(2) or (3), Article 44, or Article 54(2) or (3).
#731839
Gan dochar do na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi IPPC, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, eiseofar an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú ar an gcoinníoll go mbeidh ar chumas an údaráis inniúil, leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil, a dheimhniú go gcomhlíonann an planda, an táirge planda nó an réad eile lena mbaineann ceanglais fíteashláintíochta na tríú tíre maidir le honnmhairiú.
Without prejudice to obligations under the IPPC, and taking into account the relevant international standards, the phytosanitary certificate for export shall be issued where the information available allows the competent authority to certify compliance of the plant, plant product or other object concerned with the phytosanitary import requirements of the third country concerned.
#738423
Chun go bhféadfar na rialuithe oifigiúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo a eagrú go héifeachtúil, ba cheart rogha a thabhairt do na Ballstáit an fhoireann is oiriúnaí a shainaithint chun rialuithe den sórt sin a dhéanamh, ar an gcoinníoll go n-áirithítear ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus do shláinte plandaí, agus do leas ainmhithe síos tríd an slabhra agraibhia agus go gcomhlíontar na caighdeáin agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta.
To enable the efficient organisation of the official controls covered by this Regulation, Member States should have the discretion to identify the most appropriate staff to perform such controls provided that a high level of protection of human, animal and plant health and animal welfare is ensured throughout the agri-food chain and that international standards and obligations are met.
#738433
Ba cheart rialacha soiléire a bhunú maidir le rogha an mhodha a bheidh le húsáid i gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ó fhoinsí éagsúla, amhail ISO, an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (EPPO), an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cosaint Plandaí (IPPC), an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe(OIC), an tAontas Eorpach agus saotharlanna tagartha náisiúnta, nó dlí náisiúnta.
Clear rules should be established for the choice of the method to be used where more than one is available from different sources, such as ISO, the European and Mediterranean Plant Protection Organization (EPPO), the InternationalPlant Protection Convention (IPPC), the World Organization for Animal Health (OIE), European Union and national reference laboratories, or national law.
#750280
trádmharcanna ina bhfuil, nó a atáirgteann ina ngnéithe bunriachtanacha, ainmníocht chineáil phlanda a bhí ann cheana agus a cláraíodh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta, nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena bhforáiltear do chosaint ceart maidir le cineálacha plandaí, agus a bhaineann le cineálacha plandaí den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar.
trade marks which consist of, or reproduce in their essential elements, an earlier plant variety denomination registered in accordance with Union legislation or national law, or international agreements to which the Union or the Member State concerned is a party, providing for protection of plant variety rights, and which are in respect of plant varieties of the same or closely related species.
#1366163
ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí a rinneadh i bPáras an 2ú lá de Nollaig, 1961, mar a athchóiríodh é sa Ghinéiv an 10ú lá de Shamhain, 1972, agus an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978, faoi seach;
"the Convention" means the International Convention for the Protection of New Varieties of Plants done at Paris on the 2nd day of December, 1961, as revised at Geneva on the 10th day of November, 1972, and the 23rd day of October, 1978, respectively;
#1366199
—(1) Chun go bhféadfar éifeacht a thabhairt d'aon choinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta do chosaint cineálacha plandaí agus cearta póraitheoirí plandaí ar páirtí ann an Stát, féadfaidh an Rialtas le hordú a dhearbhú gur tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo tír choigríche nó tíortha coigríche, arb amhlaidh don tír choigríche sin, nó do gach ceann de na tíortha coigríche sin, gur tír í ar páirtí sa choinbhinsiún nó sa chomhaontú a rialtas nó aon cheann dá ranna stáit, agus fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm is tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo aon tír choigríche ar tír í a bheidh sonraithe sa dearbhú a bheidh tugtha san ordú sin.
—(1) For the purposes of enabling any international convention or agreement for the protection of plant varieties and plant breeders' rights to which the State is a party to be carried into effect, the Government may by order declare one or more foreign countries, which foreign country, or each of which foreign countries, shall be one whose government or any of whose departments of state is a party to the convention or agreement, to be a convention country for the purposes of this Act, and for so long as the order remains in force any foreign country which is one specified in the declaration contained therein shall be a convention country for the purposes of this Act.
#1561126
ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí a rinneadh an 2 Nollaig, 1961, mar a athchóiríodh é sa Ghinéiv an 10 Samhain, 1972, an 23 Deireadh Fómhair, 1978, agus an 19 Márta, 1991;
"the Convention" means the International Convention for the Protection of New Varieties of Plants of December 2, 1961, as revised at Geneva on November 10, 1972, on October 23, 1978, and on March 19, 1991;
#1561194
(i) trí “do chosaint maoine intleachtúla nó d’aon chomhoibriú nó comhaontú idirnáisiúnta iomchuí eile do chosaint maoine intleachtúla” a chur in ionad “do chosaint cineálacha plandaí agus cearta póraitheoirí plandaí”, agus
(i) of "for the protection of intellectual property or any other relevant international co-operation or agreement for the protection of intellectual property" for "for the protection of plant varieties and plant breeders' rights", and
#1561244
(e) trí “agus ciallaíonn comhalta den Aontas stát is páirtí sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí de 1961, 1972 nó 1978 nó Páirtí Conarthach” a chur isteach i mír (c) i ndiaidh “lena mbaineann alt 2 den Acht seo”, agus
(e) the insertion in paragraph (c) after "section 2 of this Act applies" of "and a member of the Union means a state party to the International Convention for the Protection of New Varieties of Plants of 1961, 1972 or 1978 or a Contracting Party", and
#1604058
Dáil Éireann. An Roghchoiste um Thalmhaíocht agus Bia. Tuarascáil ar Thairiscint maidir le: Go gceadaíonn Dáil Éireann, de réir Airteagal 29.5.1 de Bhunreacht na hÉireann, daingniú an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí le haghaidh Bia agus Talmhaíochta. Samhain, 2003.
DÁIL ÉIREANN. SELECT COMMITTEE ON AGRICULTURE AND FOOD. REPORT ON MOTION RE: THAT DÁIL ÉIREANN APPROVE IN ACCORDANCE WITH ARTICLE 29.5.1 OF BUNREACHT NA HÉIREANN, THE RATIFACTION OF THE INTERNATIONAL TREATY ON PLANT GENETIC RESOURCES FOR FOOD AND AGRICULTURE. NOVEMBER, 2003.
#1608499
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh cinnidh ón gComhairle ag ceadú aontachas an Chomhphobail Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chosaint Plandaí arna athbhreithniú agus arna cheadú le Rún 12/97 den Naoú Seisiún is Fiche de Chomhdháil FAO i mí na Samhna 1997 (COM(2003) 470 - C5-0392/2003 - 2003/0178(CNS)).
EUROPEAN PARLIAMENT LEGISLATIVE RESOLUTION ON THE PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION APPROVING THE ACCESSION OF THE EUROPEAN COMMUNITY TO THE INTERNATIONALPLANT PROTECTION CONVENTION, AS REVISED AND APPROVED BY RESOLUTION 12/97 OF THE TWENTY-NINTH SESSION OF THE FAO CONFERENCE IN NOVEMBER 1997 (COM(2003) 470 - C5-0392/2003 - 2003/0178(CNS)).
#1608520
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa ar an togra le haghaidh cinnidh ón gComhairle a bhaineann leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí le haghaidh Bia agus Talmhaíochta a chríochnú thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (COM (2003) 602 - C5-0499/2003 - 2003/0231 (CNS)).
EUROPEAN PARLIAMENT LEGISLATIVE RESOLUTION ON THE PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION CONCERNING THE CONCLUSION, ON BEHALF OF THE EUROPEAN COMMUNITY, OF THE INTERNATIONAL TREATY ON PLANT GENETIC RESOURCES FOR FOOD AND AGRICULTURE (COM (2003) 602 - C5-0499/2003 - 2003/0231 (CNS)).
#1626440
Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle ag ceadú aontachas an Chomhphobail Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí, mar a athchóiríodh é sa Ghinéiv an 19 Márta, 1991, mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. COM (2004) 798.
PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION APPROVING THE ACCESSION OF THE EUROPEAN COMMUNITY TO THE INTERNATIONAL CONVENTION FOR THE PROTECTION OF NEW VARIETIES OF PLANTS, AS REVISED AT GENEVA ON 19 MARCH, 1991 TOGETHER WITH EXPLANATORY INFORMATION NOTE. COM (2004) 798.
#1818738
tá an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta ag teacht salach ar ainm cineáil planda nó ainm póir ainmhí agus is dóigh don chlárú sin an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le tionscnamh ceart an táirge;
the geographical indication registered in the International Register conflicts with a name of a plant variety or an animal breed and is likely to mislead the consumer as to the true origin of the product;
#1909111
I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta san eolas eolaíoch, rinneadh athbhreithniú ar na hainmneacha luibheolaíocha atá ar feisciú crua agus broimfhéar, chomh maith leis na hainmneacha luibheolaíocha atá ar chruithneacht, cruithneacht chrua, speilt, sorgam agus sorgam Súdánach, i gcomhréir le rialacha an Chóid Idirnáisiúnta um Ainmníocht le haghaidh algaí, fungas agus plandaí.
In the light of the development of scientific knowledge, the botanical names of hard fescue and of couch grass, as well as the botanical names of wheat, durum wheat, spelt wheat, sorghum and Sudan grass have been revised in accordance with the rules of the International Code of Nomenclature for algae, fungi, and plants.
#1909118
Mar iarmhairt ar speilt a bheith ina fospeiceas den chruithneacht, rinneadh an grúpa plandaí darbh ainm Triticum aestivum L a athainmniú i gcomhréir le rialacha an Chóid Idirnáisiúnta um Ainmníocht le haghaidh algaí, fungas agus plandaí agus is é Triticum aestivum L. subsp. Aestivum an t-ainm nua atá aige.
As a consequence of spelt wheat becoming a subspecies of wheat, the plant grouping previously named Triticum aestivum L. has been renamed Triticum aestivum L. subsp. aestivum in accordance with the rules of the International Code of Nomenclature for algae, fungi, and plants.
#1909119
Níor foilsíodh go bailí an t-ainm luibheolaíoch a bhí ar shorgam Súdánach, Sorghum sudanense (Piper) Stapf„ agus is é Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse atá leagtha síos anois mar an t-ainm luibheolaíoch bailí ar an ngrúpa plandaí sin i gcomhréir le rialacha an Chóid Idirnáisiúnta um Ainmníocht le haghaidh algaí, fungas agus plandaí.
The previous botanical name of Sudan grass, Sorghum sudanense (Piper) Stapf, was not published validly and Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse has been established as the valid botanical name of this plant grouping in accordance with the rules of the International Code of Nomenclature for algae, fungi, and plants.
#1909120
Mar iarmhairt ar leibhéal tacsanomaíoch fospeicis sorgaim a bheith ag sorgam Súdánach, rinneadh athbhreithniú ar an ainm luibheolaíoch a bhí ar shorgam, Sorghum bicolor (L.) Moench, i gcomhréir le rialacha an Chóid Idirnáisiúnta um Ainmníocht le haghaidh algaí, fungas agus plandaí, agus is é Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. Bicolor.. an t-ainm luibheolaíoch atá air anois.
As a consequence of Sudan grass having the taxonomic rank of a subspecies of sorghum, the botanical name of sorghum, Sorghum bicolor (L.) Moench, has been revised in accordance with the rules of the International Code of Nomenclature for algae, fungi, and plants and now is Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor.
#1918950
Ba cheart Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus leas á bhaint as an saineolas teicniúil is fearr atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar chineál agus ar shonraíochtaí teicneolaíocha na suiteálacha atá le díchoimisiúnú, chun sábháilteacht agus an éifeachtúlacht is fearr is féidir a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, na cleachtais idirnáisiúnta is fearr a chur san áireamh.
The decommissioning of the Ignalina Nuclear Power Plant should be carried out with recourse to the best available technical expertise, and with due regard to the nature and technological specifications of the installations to be decommissioned, in order to ensure safety and the highest possible efficiency, thus taking into account international best practices.
#1934475
ainmníocht chineáil faoina ndearnadh ábhar de chineál eile a mhargú i mBallstát nó i gcríoch páirtí chonarthaigh den Aontas Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (“UPOV”);
a variety denomination under which material of another variety has been marketed in a Member State or in the territory of a contracting party of the International Union for the Protection of New Varieties of Plants (‘UPOV’);
#1958827
úsáid CITES a chur chun cinn mar ionstraim le haghaidh chaomhnú agus bhainistiú inbhuanaithe na bithéagsúlachta; lena n-áirítear trí speicis ainmhithe agus plandaí a áireamh sna Foscríbhinní a ghabhann le CITES i gcás ina meastar go bhfuil stádas caomhnaithe an speicis sin i mbaol de dheasca trádála idirnáisiúnta;
promote the use of CITES as an instrument for conservation and sustainable management of biodiversity, including through the inclusion of animal and plant species in the Appendices to CITES where the conservation status of that species is considered at risk because of international trade;
#1978525
D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na roghanna sin measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht maidir leis an méid a leanas: critéir, nósanna imeachta agus cinnteoireacht san Aontas a chomhchuibhiú; cláir thaighde, nuálaíochta agus scaipthe eolais de chuid an Aontais agus comhar treisithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha chun dlús a chur le rochtain margaidh agus le hinrochtaineacht BCAnna a mhéadú; agus chun tacú le hinfheistíocht, le nuálaíocht agus le húsáid shábháilte BCAnna le haghaidh rialú lotnaidí plandaí, mar chéad chéim i dtreo sainmhíniú comhchuibhithe ar choincheap níos leithne bithrialúcháin,
Such options may include assessing the potential for harmonisation of criteria, procedures and decision-making in the Union; for Union research, innovation and knowledge dissemination programmes and for reinforced cooperation with relevant international organisations in order to speed up market access and increase the accessibility of BCAs; and for supporting investment, innovation and the safe use of BCAs in plant pest control, as a first step towards a harmonised definition of a broader concept of biocontrol,
#2090005
Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, chinn an Coimisiún go gcomhlíonann na leasuithe ar IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh, IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, IAS 41 Talmhaíocht, IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, IFRS 3 Comhcheangail Ghnó, agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais na critéir maidir leis an nglacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.
Following the consultation with the European Financial Reporting Advisory Group, the Commission concludes that the amendments to IAS 16 Property, Plant and Equipment, IAS 37 Provisions, Contingent Liabilities and Contingent Assets, IAS 41 Agriculture, IFRS 1 First-time Adoption of International Financial Reporting Standards, IFRS 3 Business Combinations, and IFRS 9 Financial Instruments meet the criteria for adoption set out in Article 3(2) of Regulation (EC) No 1606/2002.
#2104852
Ba cheart na rialuithe ar shainaitheantas, íonacht anailíseach, ráta péactha agus sláinte plandaí agus a gcomhlíontacht le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéanamh i gcomhréir le prótacail tástála oifigiúla a dhéantar i saotharlanna atá ainmnithe ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.
The controls of identity, analytical purity, germination rate, and plant health and their compliance with Regulation (EU) 2016/2031 should be conducted in accordance with official testing protocols carried out in laboratories, designated by the competent authorities, in accordance with the relevant international standards.
#2190302
táirgeadh na plandaí i limistéir a shuigh an t-údarás inniúil go bhfuil sé saor ó Pseudomonas syringae pv. actinidiae i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta; nó
the plants have been produced in areas established by the competent authority as being free from Pseudomonas syringae pv. actinidiae in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures; or
#2190320
‘fásadh na plandaí feadh a saolré iomlán i limistéar a shuigh an comhlacht freagrach oifigiúil go bhfuil sé saor ó Rhynchophorus ferrugineus (Olivier) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta; nó
the plants have been grown for their entire life in an area which has been established as free from Rhynchophorus ferrugineus (Olivier) by the responsible official body in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures; or
#2190373
táirgeadh na plandaí i limistéir a shuigh an t-údarás inniúil go bhfuil sé saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta; nó
propagating material and fruit plants have been produced in areas established by the competent authority, as being free from Pseudomonas syringae pv. actinidiae in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures; or
#2190400
is de thionscnamh tír iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sí saor ó Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta,
originate in a country established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures,
#2190401
is de thionscnamh limistéar a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta, iad.
originate in an area established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.
#2190411
is de thionscnamh ionad táirgthe a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta, iad,
originate in a place of production, established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures,
#2190416
is de thionscnamh limistéar a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Popillia japonica Newman i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta, iad.
originate in an area established by the national plant protection organisation of the country of origin as being free from Popillia japonica Newman in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.
#2190417
fásadh iad in ionad táirgthe a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Popillia japonica Newman i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta:
have been grown in a place of production established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Popillia japonica Newman in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures:
#2190431
is de thionscnamh ionad táirgthe iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Liriomyza sativae (Blanchard) agus Nemorimyza maculosa (Malloch) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta, agus luaitear sin ar an deimhniú fíteashláintíochta faoin rúibric ‘Deimhniú breise’, agus dearbhaíodh iad a bheith saor ó Liriomyza sativae (Blanchard) agus Nemorimyza maculosa (Malloch) ar chigireachtaí oifigiúla a rinneadh go míosúil ar a laghad le linn na 3 mhí roimh a n-onnmhairiú,
originate in a place of production, established by the national plant protection organisation of the country of origin as being free from Liriomyza sativae (Blanchard) and Nemorimyza maculosa (Malloch) in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures, and which is mentioned on the phytosanitary certificate under the rubric ‘Additional declaration’, and declared free from Liriomyza sativae (Blanchard) and Nemorimyza maculosa (Malloch) on official inspections carried out at least monthly during the three months prior to export,
#2190438
is de thionscnamh limistéar iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Meloidogyne chitwoodi Golden et al., Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback agus Meloidogyne fallax Karssen i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta.
originate in an area established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Meloidogyne chitwoodi Golden et al., Meloidogyne enterolobii Yang & Eisenback and Meloidogyne fallax Karssen in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.
#2190444
is de thionscnamh limistéar iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Ceratothripoides claratris (Shumsher) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta.
originate in an area established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Ceratothripoides claratris (Shumsher) in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.
#2190449
is de thionscnamh limistéar iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Prodiplosis longifila Gagné i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta.
originate in an area established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Prodiplosis longifila Gagné, in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.
#2190454
is de thionscnamh limistéar iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Eotetranychus lewisi (McGregor) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta.
originate in an area established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Eotetranychus lewisi (McGregor) in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.
#2190455
is de thionscnamh ionad táirgthe iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír sin go bhfuil sé saor ó Eotetranychus lewisi (McGregor) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta.’;
originate in a place of production, established in the country of origin by the national plant protection organisation in that country, as being free from Eotetranychus lewisi (McGregor), in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.’;
#2190473
is de thionscnamh limistéar iad a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Aleurocanthus spiniferus (Quaintance) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta.
originate in an area established by the national plant protection organisation of the country of origin as being free from Aleurocanthus spiniferus (Quaintance) in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures.
#2190474
fásadh iad in ionad táirgthe a shuigh an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sa tír thionscnaimh go bhfuil sé saor ó Aleurocanthus spiniferus (Quaintance) i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta:
have been grown in a place of production established by the national plant protection organisation in the country of origin as being free from Aleurocanthus spiniferus (Quaintance) in accordance with the relevant International Standards for Phytosanitary Measures: