Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

pop

90 toradh in 32 doiciméad

  1. #2734704

    Maidir le heithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb (makhana) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, níor chuir na Ballstáit ná an tÚdarás aon agóid chuí-réasúnaithe i ndáil le sábháilteacht faoi bhráid an Choimisiúin laistigh den tréimhse 4 mhí a leagtar síos in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2015/2283.

    No duly reasoned safety objections to the placing on the market within the Union of roasted and popped kernels from the seeds of Euryale ferox Salisb. (makhana) were submitted to the Commission by the Member States or the Authority within the four-month period laid down in Article 15(2) of Regulation (EU) 2015/2283.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/652 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena n-údaraítear eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #307895

    3.7.1. Ní fhormheasfar substaint ghníomhach, teorantóir nó sineirgíoch ach amháin i gcás nach meastar gur truailleán orgánach marthanach (POP) é nó í.

    3.7.1. An active substance, safener or synergist shall only be approved where it is not considered to be a persistent organic pollutant (POP).

    Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle

  3. #347377

    Áiritheoidh gach soláthraí baile freisin go seolfar fógra iomchuí chuig teileafón soghluaiste nó gléas eile an chustaiméara fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroichfidh na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe.

    Each home provider shall also ensure that an appropriate notification is sent to the roaming customer’s mobile telephone or other device, for example by an SMS message, an e-mail or a pop-up window on the computer, when the data roaming services have reached 80 % of the agreed financial or volume limit.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  4. #347387

    Déanfar an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin a sheachadadh ar theileafón soghluaiste nó ar ghléas eile an chustaiméara fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos ar an ríomhaire, gach uair a théann custaiméir fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a líonra baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte sa Bhallstát áirithe sin.

    Such basic personalised tariff information shall be delivered to the roaming customer’s mobile telephone or other device, for example by an SMS message, an e-mail or a pop-up window on the computer, every time the roaming customer enters a Member State other than that of his home network and initiates for the first time a regulated data roaming service in that particular Member State.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  5. #515976

    - substaint a chomhlíonann na critéir maidir le bheith ina truailleán orgánach marthanach (POP) faoi Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 nó a chomhlíonann na critéir lena n-aicmeofar iad a bheith marthanach, bithcharnach agus tocsaineach (PBT) nó an-mharthanach agus an-bhithcharnach (vPvB) i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

    - a substance which meets the criteria for being a persistent organic pollutant (POP) under Regulation (EC) No 850/2004, or which meets the criteria for being persistent, bio-accumulative and toxic (PBT) or very persistent and very bio-accumulative (vPvB) in accordance with Annex XIII to Regulation (EC) No 1907/2006;

    Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  6. #518540

    Déanfar an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin a sheachadadh ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí sa Bhallstát áirithe sin.

    Such basic personalised tariff information shall be delivered to the roaming customer’s mobile device, for example by an SMS message, an e-mail or a pop-up window on the mobile device, every time the roaming customer enters a Member State other than that of his domestic provider and initiates for the first time a data roaming service in that particular Member State.

    Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  7. #518550

    Áiritheoidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta freisin go seolfar fógra iomchuí chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroicheann na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe.

    Each roaming provider shall also ensure that an appropriate notification is sent to the roaming customer’s mobile device, for example by an SMS message, an e-mail or a pop-up window on the computer, when the data roaming services have reached 80 % of the agreed financial or volume limit.

    Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  8. #1665405

    Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce tráth a chuireann an custaiméir seirbhísí fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí, ar mhodh iomchuí arna oiriúnú chun go bhfuil sé éasca í a fháil agus a thuiscint.”;

    The information shall be delivered to the roaming customer’s mobile device, for example by an SMS message, an e-mail or a pop-up window on the mobile device, every time the roaming customer enters a Member State other than that of his domestic provider and initiates for the first time a data roaming service in that particular Member State. It shall be provided free of charge at the moment the roaming customer initiates a regulated data roaming service, by an appropriate means adapted to facilitate its receipt and easy comprehension.

    Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  9. #1808428

    Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhleanúnach éifeachtach oibleagáidí an Aontais faoin bPrótacal agus faoin gCoinbhinsiún, is gá creat dlíthiúil comhchoiteann a bhunú faoina nglacfar bearta arna gceapadh, go háirithe, chun deireadh a chur le monarú, cur ar an margadh agus úsáid POPanna a monaraíodh d'aon ghnó.

    In order to ensure coherent and effective implementation of the Union's obligations under the Protocol and the Convention, it is necessary to establish a common legal framework within which to take measures designed, in particular, to eliminate the manufacturing, placing on the market and use of intentionally manufactured POPs.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  10. #1808430

    Thairis sin, de bhrí go bhfuil prionsabal an réamhchúraim mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) é ina bhonn taca ag forálacha an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar chur chuige an réamhchúraim i leith chosaint an chomhshaoil mar a leagtar amach é i bPrionsabal 15 de Dhearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus Forbairt, agus i bhfianaise na haidhme atá ann deireadh a chur, nuair is féidir, le scaoileadh POPanna isteach sa chomhshaol, is iomchuí i gcásanna áirithe foráil a dhéanamh maidir le bearta rialaithe is déine ná iad siúd faoin bPrótacal agus faoin gCoinbhinsiún.

    Moreover, considering that the provisions of this Regulation are underpinned by the precautionary principle as set forth in the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU), and mindful of the precautionary approach to environmental protection as set forth in Principle 15 of the Rio Declaration on Environment and Development, and in view of the aim of the elimination, where feasible, of the release of POPs into the environment, it is appropriate in certain cases to provide for control measures stricter than those under the Protocol and the Convention.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  11. #1808431

    San Aontas, tá deireadh churtha cheana le cur ar an margadh agus úsáid fhormhór na POPanna a liostaítear sa Phrótacal nó sa Choinbhinsiún mar gheall ar na toirmisc a leagtar síos, inter alia, i Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (CE) Uimh. 1107/2009 agus (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    In the Union, the placing on the market and use of most of the POPs listed in the Protocol or the Convention have already been phased out as a result of the prohibitions laid down in, inter alia, Regulations (EC) No 1907/2006, (EC) No 1107/2009 and (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  12. #1808432

    Chun oibleagáidí an Aontais faoin bPrótacal agus faoin gCoinbhinsiún a chomhlíonadh, áfach, agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar scaoileadh POPanna, is gá agus is iomchuí freisin monarú na substaintí sin a thoirmeasc agus díolúintí a shrianadh a mhéid is féidir chun nach mbeidh feidhm ag díolúintí ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm bhunriachtanach ag an tsubstaint in úsáid shonrach.

    However, in order to fulfil the Union's obligations under the Protocol and the Convention, and to minimise the release of POPs, it is necessary and appropriate also to prohibit the manufacturing of those substances and to restrict exemptions to a minimum so that exemptions only apply where a substance fulfils an essential function in a specific application.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  13. #1808440

    I gcomhréir leis an bPrótacal agus leis an gCoinbhinsiún, ba cheart cásanna scaoilte POPanna ar fotháirgí neamhbheartaithe de phróisis thionsclaíocha iad a shainaithint agus a laghdú a luaithe is féidir, agus é ina aidhm dheiridh iad a dhíothú, nuair is féidir.

    In line with the Protocol and the Convention, releases of POPs which are unintentional by-products of industrial processes should be identified and reduced as soon as possible, with the ultimate aim of elimination, where feasible.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  14. #1808458

    Ba cheart é a bheith mar chuid de ról na Gníomhaireachta sainchomhaid theicniúla a ullmhú agus a scrúdú, lena n-áirítear comhairliúcháin le geallsealbhóirí, agus tuairimí a tharraingt suas ar cheart don Choimisiún iad a úsáid agus cinneadh á dhéanamh aige an gcuirfidh sé moladh chun cinn substaint áirithe a liostú mar POP de réir an Choinbhinsiúin nó an Phrótacail.

    The role of the Agency should include the preparation and examination of technical dossiers, including stakeholder consultations, and the drawing up of opinions that should be used by the Commission in considering whether to come forward with a proposal for listing a substance as a POP in the Convention or the Protocol.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  15. #1808467

    Ós rud é gur minic nach mbíonn an pobal feasach ar na guaiseacha a bhaineann le POPanna do shláinte na nglúnta atá ann anois agus na nglúnta atá le teacht, agus don chomhshaol, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, tá gá le faisnéis fhorleathan chun cur leis an leibhéal cúraim agus le tuiscint an phobail ar an réasúnaíocht atá taobh thiar de shrianta agus de thoirmisc.

    Since public awareness of the hazards that POPs pose to the health of present and future generations, as well as to the environment, particularly in developing countries, is often lacking, wide-scale information is needed to increase the level of caution and public understanding of the rationale for restrictions and bans.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  16. #1808473

    Ba cheart a bheith ar áireamh sa chúnamh teicniúil forbairt agus cur chun feidhme táirgí, modhanna agus straitéisí malartacha cuí, de réir an Choinbhinsiúin, chun a áirithiú nach bhféadfar POPanna a úsáid ach amháin nuair nach bhfuil roghanna sábháilte éifeachtacha ar phraghas réasúnta ar fáil go háitiúil don tír atá i gceist.

    Technical assistance should include the development and implementation of suitable alternative products, methods and strategies, under the Convention, to ensure that POPs only continue to be used when locally safe, effective and affordable alternatives are not available to the country in question.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  17. #1808486

    Nuair a dhéantar Iarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun liostú aon POP breise, a tháirgtear d'aon ghnó, a chur chun feidhme sa Phrótacal nó sa Choinbhinsiún, níor cheart an liostú sin a áireamh in Iarscríbhinn II, seachas in Iarscríbhinn I, ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

    When Annexes to this Regulation are amended to implement any listing of an additional, intentionally produced POP in the Protocol or in the Convention, the listing should be included in Annex II, instead of Annex I, only in exceptional cases and when duly justified.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  18. #1808495

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint ar POPanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí trasteorann na dtruailleán sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Since the objective of this Regulation, namely to protect the environment and human health from POPs, cannot be sufficiently achieved by the Member States, owing to the transboundary effects of those pollutants, but can rather be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  19. #1808500

    Agus prionsabal an réamhchúraim, go háirithe, á chur san áireamh, is é is cuspóir don Rialacháin seo sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha trí thoirmeasc, céimniú amach a luaithe is féidir nó srianadh a dhéanamh ar tháirgeadh, ar chur ar an margadh agus ar úsáid substaintí atá faoi réir Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, ‘an Coinbhinsiún’ anseo feasta, nó faoi réir an Phrótacail a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, ‘an Prótacal’ anseo feasta, trí íoslaghdú a dhéanamh ar scaoileadh substaintí den sórt sin, d'fhonn deireadh a chur leis a luaithe is féidir nuair is indéanta sin, agus trí fhorálacha a bhunú maidir le dramhaíl arb éard í aon cheann de na substaintí sin, ina bhfuil aon cheann díobh nó atá éillithe ag aon cheann díobh.

    Taking into account, in particular, the precautionary principle, the objective of this Regulation is to protect human health and the environment from POPs by prohibiting, phasing out as soon as possible, or restricting the manufacturing, placing on the market and use of substances subject to the Stockholm Convention on Persistent Organic Pollutants, hereinafter ‘the Convention’, or the Protocol to the 1979 Convention on Long-Range Transboundary Air Pollution on Persistent Organic Pollutants, hereinafter ‘the Protocol’, by minimising, with a view to eliminating where feasible as soon as possible, releases of such substances, and by establishing provisions regarding waste consisting of, containing or contaminated by any of those substances.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  20. #1808522

    Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún san áireamh, sna scéimeanna measúnuithe agus údaraithe le haghaidh substaintí atá ann cheana nó atá nua, faoin reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, na critéir a leagtar amach i mír 1 d'Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus glacfaidh siad bearta iomchuí chun substaintí atá ann cheana a rialú agus chun táirgeadh, cur ar an margadh agus úsáid a chosc i gcás substaintí nua, ar léir saintréithe POPanna orthu.

    Member States and the Commission shall, within the assessment and authorisation schemes for existing and new substances under the relevant Union legislation, take into consideration the criteria set out in paragraph 1 of Annex D to the Convention and take appropriate measures to control existing substances and prevent the manufacturing, placing on the market and use of new substances, which exhibit characteristics of POPs.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  21. #1808540

    go léireoidh an monaróir d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an monaróir bunaithe go gclaochlófar tríd an bpróiseas monaraíochta an tsubstaint i substaint amháin eile nó níos mó nach léir saintréithe POP uirthi, agus á áirithiú go gcoinnítear go docht faoi iamh í ar mhodhanna teicniúla feadh a saolré ina iomláine;

    the manufacturer demonstrates to the competent authority of the Member State in which the manufacturer is established that the manufacturing process will transform the substance into one or more other substances that do not exhibit the characteristics of a POP, ensuring that it is rigorously contained by technical means during its whole life cycle;

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  22. #1808542

    go gcuirfidh an monaróir in iúl don Bhallstát sonraí i dtaobh mhonarú agus úsáid iomlán, iarbhír nó measta, na substainte lena mbaineann agus cineál an phróisis córais iata atá teoranta de réir suímh, lena sonrófar méid aon rian-éillithe neamhbheartaithe neamhchlaochlaithe sa tsubstaint, meascán nó earra deiridh ag aon ábhar tosaithe ar POP é.

    the manufacturer informs the Member State on the details of actual or estimated total manufacturing and use of the substance concerned and the nature of the closed-system site-limited process, specifying the amount of any non-transformed and unintentional trace contamination by any POP starting material in the final substance, mixture or article.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  23. #1808543

    Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra a chur chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, cuirfidh an Ballstát an fógra in iúl do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht, agus tabharfaidh sé ann sonraí i dtaobh mhonarú agus úsáid iomlán, iarbhír nó measta, na substainte lena mbaineann agus chineál an phróisis córais iata atá teoranta de réir suímh, lena sonrófar méid aon rian-éillithe neamhbheartaithe neamhchlaochlaithe sa tsubstaint, meascán nó earra deiridh ag aon ábhar tosaithe ar POP é.

    Within one month of submission of the notification to the Secretariat of the Convention, the Member State shall communicate the notification to the other Member States, to the Commission and the Agency, and shall give details of actual or estimated total manufacturing and use of the substance concerned and the nature of the closed-system site-limited process, specifying the amount of any non-transformed and unintentional trace contamination by any POP starting material in the final substance, mixture or article.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  24. #1808561

    D'ainneoin Threoir 96/59/CE ón gComhairle, déanfar dramhaíl arb éard í aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, ina bhfuil aon substaint díobh sin nó atá éillithe ag aon substaint díobh sin, déanfar í a dhiúscairt nó a aisghabháil, gan aon mhoill mhíchuí agus i gcomhréir le Cuid 1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo chun go n-áiritheofar go ndéanfar an cion ar POP é a scriosadh nó a chlaochlú ar bhealach do-aisiompaithe sa dóigh nach léir saintréithe POPanna ar an dramhaíl ná ar an scaoileadh a bheidh ann ina dhiaidh sin.

    Notwithstanding Council Directive 96/59/EC, waste consisting of, containing or contaminated by any substance listed in Annex IV to this Regulation shall be disposed of or recovered, without undue delay and in accordance with Part 1 of Annex V to this Regulation, in such a way as to ensure that the POP content is destroyed or irreversibly transformed so that the remaining waste and releases do not exhibit the characteristics of POPs.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  25. #1808567

    gur léirigh an sealbhóir lena mbaineann chun sástacht údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nach mbeadh sé indéanta dí-éilliú a dhéanamh ar an dramhaíl i ndáil le substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus nach é scriosadh ná claochlú do-aisiompaithe an chion di ar POP é, de réir an dea-chleachtais comhshaoil nó na teicníochta is fearr atá ar fáil, an rogha is inmhianaithe ó thaobh an chomhshaoil agus gur údaraigh an t-údarás inniúil an oibríocht mhalartach dá dhroim sin;

    the holder concerned has demonstrated to the satisfaction of the competent authority of the Member State concerned that decontamination of the waste in relation to substances listed in Annex IV was not feasible, and that destruction or irreversible transformation of the POP content, performed in accordance with best environmental practice or best available techniques, does not represent the environmentally preferable option and the competent authority has subsequently authorised the alternative operation;

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  26. #1808595

    Agus a gcuid pleananna náisiúnta cur chun feidhme á n-ullmhú ag na Ballstáit, malartóidh an Coimisiún, le tacaíocht na Gníomhaireachta, agus na Ballstáit faisnéis maidir leis an inneachar, lena n-áirítear faisnéis maidir le bearta arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun láithreáin atá éillithe ag POPanna a shainaithint agus a mheas de réir mar is iomchuí.

    When Member States are preparing and updating their implementation plans, the Commission, supported by the Agency, and the Member States shall exchange information on the content, including information on measures taken at national level to identify and assess sites contaminated by POPs, as appropriate.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  27. #1808605

    Éascóidh agus déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit malartú, laistigh den Aontas agus le tríú tíortha, ar an bhfaisnéis is ábhartha maidir le monarú, úsáid agus scaoileadh POPanna a laghdú, a íoslaghdú nó a dhíothú agus maidir le roghanna malartacha ar na substaintí sin, lena sonrófar na rioscaí agus na costais eacnamaíocha agus shóisialta a bhaineann leis na roghanna malartacha sin.

    The Commission, the Agency and the Member States shall facilitate and undertake the exchange within the Union and with third countries of information relevant to the reduction, minimisation or elimination, where feasible, of the manufacturing, use and release of POPs and to alternatives to those substances, specifying the risks and the economic and social costs related to such alternatives.

    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  28. #1813447

    Ceadófar srathú na faisnéise a éilítear faoi mhír 3 i gcás ina soláthrófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i bhformáid leictreonach, lenar féidir codanna mionsonraithe den fhaisnéis a chur i láthair trí mhíreanna aníos nó trí naisc chuig sraitheanna a ghabhann léi.

    Layering of the information required under paragraph 3 shall be permitted where the PEPP KID is provided in an electronic format, whereby detailed parts of the information can be presented through pop-ups or through links to accompanying layers.

    Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #1849851

    déanfar tithe éanlaithe clóis a thógáil ar bhealach a thugann rochtain éasca do na héin go léir ar limistéar taobh amuigh, i.e. ní bheidh fad níos mó ná 15m idir an pointe is faide laistigh den teach agus an poll amach is giorra don phointe sin.

    poultry houses shall be constructed in a manner allowing all birds easy access to open air area, i.e. the maximum distance from any point within the house to the nearest external pop-hole shall not be more than 15 m;

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] agus lena n_x001e_aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle

  30. #1849877

    Beidh síneadh suas le 350m ón bpoll amach is giorra don teach éanlaithe clóis ceadaithe áfach, ar an gcoinníoll go bhfuil líon leordhóthanach foscadán agus trachanna ólacháin scaipthe go cothrom sa limistéar taobh amuigh ina iomláine agus ceithre fhoscadán ar a laghad in aghaidh an heicteáir;

    However an extension of up to 350 m from the nearest pop-hole of the poultry house is permissible provided that a sufficient number of shelters and drinking troughs are evenly distributed throughout the whole open-air area with at least four shelters per hectare;

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] agus lena n_x001e_aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle

  31. #1934078

    Ba cheart freisin na substaintí seo a leanas a áireamh i liosta na gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha – substaintí a bhfuil imní mhór ann fúthu de dheasca airíonna réabtha iontálaigh a bheith acu i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó substaintí a shainaithnítear mar réabthóirí iontálaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó substaintí a shainaithnítear mar thruailleáin orgánacha mharthanacha (“POP”) faoi Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    The list of unacceptable co-formulants should also include substances of very high concern due to endocrine disrupting properties in accordance with point (f) of Article 57 of Regulation (EC) No 1907/2006 or substances identified as endocrine disruptors under Regulation (EC) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council or substances identified as persistent organic pollutants (‘POP’) under Regulation (EU) 2019/1021 of the European Parliament and of the Council.

    Rialachán (AE) 2021/383 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach bhfuil inghlactha mar chomhábhair i dtáirgí cosanta plandaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  32. #1934083

    De na comhfhoirmligh sin, ba cheart iad seo a leanas a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 – substaintí atá aicmithe, de réir córais chomhchuibhithe, mar charcanaiginí, de chatagóir 1A nó 1B, mar shó-ghinigh, de chatagóir 1A nó 1B, nó mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1A nó 1B, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí PBT nó vPvB de réir phointí (d) agus (e) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí a bhfuil imní mhór ann fúthu de dheasca airíonna réabtha iontálaigh a bheith acu i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus substaintí a shainaithnítear mar POP faoi Rialachán (AE) 2019/1021.

    Amongst those co-formulants, those with a harmonised classification as carcinogens, category 1A or 1B, as mutagens, category 1A or 1B, or as toxic to reproduction, category 1A or 1B, in accordance with Annex VI to Regulation (EC) No 1272/2008, those identified as PBT or vPvB according to points (d) and (e) of Article 57 of Regulation (EC) No 1907/2006, those identified as substances of very high concern due to endocrine disrupting properties in accordance with point (f) of Article 57 of Regulation (EC) No 1907/2006, and those identified as POP under Regulation (EU) 2019/1021 should be listed in Annex III to Regulation (EC) No 1107/2009.

    Rialachán (AE) 2021/383 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach bhfuil inghlactha mar chomhábhair i dtáirgí cosanta plandaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  33. #2006748

    Maidir le haon chomhpháirt feithicle a bhféadfadh athrú teacht ar a cruth nó ar a suíomh, amhail ceannlampaí ‘aníos’, ach amháin gairis chun coisithe a chosaint, déanfar iad a shocrú sa chruth nó sa suíomh is iomchuí le haghaidh na dtástálacha seo, dar leis na seirbhísí teicniúla.

    Any vehicle component that could change shape or position, such as 'pop-up' headlamps, other than devices to protect pedestrians and other vulnerable road users, shall be set to a shape or position that the technical services consider to be most appropriate for these tests.

    Rialachán cur chun feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  34. #2052520

    Maidir leis na gníomhaíochtaí speisialta faoin gClár amhail gníomhaíocht an Aontais i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh, arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Lipéad Oidhreachta Eorpach”), Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, na nduaiseanna Eorpacha i réimse an cheoil chomhaimseartha, an rac-cheoil agus phopcheoil, i réimse na litríochta, i réimse na hoidhreachta agus i réimse na hailtireachta, agus Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, chuaigh siad i bhfeidhm ar na milliúin saoránach Eorpach, léirigh siad go bhfuil tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le beartais chultúrtha Eorpacha agus gur cheart, dá bhrí sin, leanúint leo agus iad a leathnú nuair is féidir.

    The special actions under the Programme such as the Union action for the European Heritage Label established by Decision No 1194/2011/EU of the European Parliament and of the Council (the ‘European Heritage Label’), the European Heritage Days, European prizes in the areas of contemporary, rock and pop music, literature, heritage and architecture and the European Capitals of Culture have directly reached millions of European citizens, have demonstrated the social and economic benefits of European cultural policies, and should therefore be continued and whenever possible expanded.

    Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  35. #2351533

    Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh go díreach ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost, le teachtaireacht téacs nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte sa Bhallstát áirithe sin.

    The information shall be delivered directly to the roaming customer’s mobile device, for example by an SMS message, an email, means of a text message or a pop-up window on the mobile device, every time the roaming customer enters a Member State other than that of his domestic provider and initiates for the first time a data roaming service in that particular Member State.

    Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  36. #2351546

    Áiritheoidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta freisin go gcuirfear fógra iomchuí go díreach chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla trí bhíthin teachtaireacht SMS, ríomhphoist, teachtaireacht téacs nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroicheann na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe.

    Each roaming provider shall also ensure that an appropriate notification is sent directly to the roaming customer’s mobile device, for example by an SMS message, an email, means of a text message or a pop-up window on the computer, when the data roaming services have reached 80 % of the agreed financial or volume limit.

    Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  37. #2375954

    Treochlár a tharraingt suas le haghaidh daingniú agus cur chun feidhme comhaontuithe comhshaoil, lena n-áirítear, as measc eile, Coinbhinsiún UNECE maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta, na Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Truailliú Aeir Trasteorann Fadraoin (An Prótacal i dtaca le hAigéadú, Eotrófú, agus Ózón ar leibhéal na Talún, an Prótacal i dtaca le Truailleáin Orgánacha Dianseasmhacha (POPs) agus an Prótacal i dtaca le Trom-Mhiotail), agus Coinbhinsiún UNECE maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha.

    Draw up a roadmap for the ratification and implementation of multilateral environmental agreements, including among others the UNECE Convention on the Protection and Use of Transboundary Watercourses and International Lakes, the Protocols to the Convention on Long-range Transboundary Air Pollution (Protocol to Abate Acidification, Eutrophication and Ground-level Ozone, Protocol on Persistent Organic Pollutants (POPs) and Protocol on Heavy Metals), and the UNECE Convention on the Transboundary Effects of Industrial Accidents.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  38. #2512294

    le haghaidh substaintí gníomhacha ceimiceacha: cinneadh a dhéanamh an gá nó nach gá an tsubstaint ghníomhach a mheas mar thruailleán orgánach marthanach (POP), mar shubstaint mharthanach, bhithbhailitheach agus thocsaineach (PBT) nó mar shubstaint an-mharthanach agus an-bhithbhailitheach (vPvB) i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

    for chemical active substances: decide whether or not the active substance has to be considered as persistent organic pollutant (POP), persistent, bio accumulative and toxic (PBT) or very persistent and very bio accumulative (vPvB) in accordance with the criteria laid down in Annex II to Regulation (EC) No 1107/2009;

    Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le substaintí gníomhacha agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le miocrorgánaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  39. #2709931

    A mhéid a bhaineann le DDT, is truailleán orgánach marthanach (POP) í an tsubstaint ghníomhach sin, agus dá réir sin cuireadh toirmeasc ar tháirgí cosanta plandaí ina bhfuil sí a chur ar an margadh nó a úsáid le Treoir 83/131/CEE ón gCoimisiún.

    As regards DDT, this active substance is a persistent organic pollutant (POP), and as such the placing on the market and use of plant protection products containing it was prohibited by Commission Directive 83/131/EEC.

    Rialachán (AE) 2023/163 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh DDT agus ocsaitiaipiopróiline i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  40. #2721899

    Is iad na cuspóirí atá le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (“Coinbhinsiún Stócólm”) agus Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha marthanacha (POPanna) lena n-áirítear dé-ocsainí.

    The objectives of the Stockholm Convention on Persistent Organic Pollutants (‘Stockholm Convention’) and Regulation (EU) 2019/1021 of the European Parliament and of the Council are to protect human health and the environment from persistent organic pollutants (POPs), which include dioxins.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2023 lena ndeonaítear údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)