Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

second

council

770 toradh in 441 doiciméad

  1. #332058

    Nuair a ghníomhóidh an Chomhairle, de bhun na gConarthaí, ar thogra ón gCoimisiún, ní fhéadfaidh an Chomhairle an togra sin a leasú ach amháin ag gníomhú d'aon toil di, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 251(10) agus (13), in Airteagail 268 agus 270a, in Airteagal 272 agus sa dara mír d'Airteagal 273.’»

    Where, pursuant to the Treaties, the Council acts on a proposal from the Commission, the Council may amend that proposal only by acting unanimously, except in the cases referred to in paragraphs 10 and 13 of Article 251, in Articles 268, 270a and 272 and in the second paragraph of Article 273.’.»

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  2. #332267

    Sa dara habairt cuirtear ‘agus don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid’ in ionad ‘agus freisin don Chomhairle nó don Bhanc Ceannais Eorpach, má thionscain ceachtar acu an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid’;

    In the second sentence, the words ‘and also to the Council or to the European Central Bank if the act the validity or interpretation of which is in dispute originates from one of them, and to the European Parliament and the Council if the act the validity or interpretation of which is in dispute was adopted jointly by those two institutions’ shall be replaced by ‘and to the institution, body, office or agency of the Union which adopted the act the validity or interpretation of which is in dispute’;

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  3. #332613

    ag tús an dara habairt, cuirtear ‘Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, ...’ in ionad ‘Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 252 agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, ...’.

    at the beginning of the second sentence, the words ‘The Council may, acting in accordance with the procedure referred to in Article 252 and after consulting the ECB’ shall be replaced by: ‘The Council, on a proposal from the Commission and after consulting the European Parliament and the European Central Bank, may’.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  4. #332615

    ag tús na chéad mhíre, sa chéad abairt, cuirtear ‘Gan dochar d'Airteagal 162, saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ...’ in ionad ‘Gan dochar d'Airteagal 162, saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún, tar éis do Pharlaimint na hEorpa aontú...’ agus sa dara habairt cuirtear ‘Saineofar tríd an nós imeachta céanna..’ in ionad ‘Saineoidh an Chomhairle freisin, ag gníomhú di tríd an nós imeachta céanna...’;

    at the beginning of the first paragraph, first sentence, the words ‘Without prejudice to Article 162, the Council, acting unanimously on a proposal from the Commission and after obtaining the assent of the European Parliament’ shall be replaced by ‘Without prejudice to Article 162, the European Parliament and the Council, acting by means of regulations in accordance with the ordinary legislative procedure’. In the second sentence the words ‘The Council, acting by the same procedure, shall also define’ shall be deleted at the beginning and the words ‘shall also be defined by the same procedure’ added at the end;

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  5. #507031

    Má ghlacann an Chomhairle cinneadh lena suitear gur mhainnigh Ballstát gníomhú mar fhreagairt ar an moladh ón gComhairle dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh 1466/97, déanfaidh an Coimisiún moladh don Chomhairle, laistigh de 20 lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle, go ndéanfadh an Chomhairle, le cinneadh dá éis sin, a cheangal ar an mBallstát lena mbaineann taisce úsmhar arb ionann é agus 0,2 % dá OTI sa bhliain roimhe sin a thaisceadh leis an gCoimisiún.

    If the Council adopts a decision establishing that a Member State failed to take action in response to the Council recommendation referred to in the second subparagraph of Article 6(2) of Regulation (EC) No 1466/97, the Commission shall, within 20 days of adoption of the Council’s decision, recommend that the Council, by a further decision, require the Member State in question to lodge with the Commission an interest-bearing deposit amounting to 0,2 % of its GDP in the preceding year.

    Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro

  6. #507401

    I gcás ina mainneoidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh laistigh den teorainn ama atá sonraithe i moladh ón gComhairle faoin dara fomhír, molfaidh an Coimisiún láithreach don Chomhairle cinneadh a ghlacadh, trí thromlach cáilithe. lena suífear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach.

    If the Member State concerned fails to take appropriate action within the deadline specified in a Council recommendation under the second subparagraph, the Commission shall immediately recommend to the Council to adopt, by qualified majority, a decision establishing that no effective action has been taken.

    Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú

  7. #511169

    ciallaíonn "dáileacht faoi bharr" dáileacht talmhaíochta, mar atá sainmhínithe i bpointe (1) den dara mír d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle maidir le tras-chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir leis an tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona [7], a bhfuil ceann de na barra buana dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo curtha inti;

    "parcel planted" means an agricultural parcel, as defined in point (1) of the second paragraph of Article 2 of Commission Regulation (EC) No 1122/2009 of 30 November 2009 laying down detailed rules for the implementation of Council Regulation (EC) No 73/2009 as regards cross-compliance, modulation and the integrated administration and control system, under the direct support schemes for farmers provided for that Regulation, as well as for the implementation of Council Regulation (EC) No 1234/2007 as regards cross-compliance under the support scheme provided for the wine sector [7], planted with one of the permanent crops referred to in Article 1(1) of this Regulation;

    Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar bharra buana agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 ón gComhairle agus Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  8. #521704

    (14) I dteannta na gceanglas um thuairisciú atá ann faoi phointe 49 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais [6], ba cheart don Choimisiún, le tacú BEI, tuarascáil a thabhairt gach sé mhí le linn na treoirthréimhse do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tar éis an comhaontú comhair a bheith sínithe agus tuarascáil eatramhach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara leath de 2013.

    (14) In addition to the reporting requirements under point 49 of the Interinstitutional Agreement of 17 May 2006 between the European Parliament, the Council and the Commission on budgetary discipline and sound financial management [6], the Commission should, with the support of the EIB, report every six months during the pilot phase to the European Parliament and the Council after the signature of the cooperation agreement and submit an interim report to the European Parliament and the Council in the second half of 2013.

    Rialachán (AE) Uimh. 670/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2012 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) agus Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh

  9. #595192

    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(5), an dara fomhír d’Airteagal 17(2), na chéad fhomhíre d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 38 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne.

    A delegated act adopted pursuant to Article 5(5), the second subparagraph of Article 17(2), the first subparagraph of Article 19(1) and Article 38 shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or by the Council within a period of two months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.

    Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  10. #600912

    'Beidh feidhm ag teidlíocht, mar a fhoráiltear sa chéad mhír, sa dara mír agus sa tríú mír, i gcás báis iaroifigigh a bhí i dteideal liúntas a fháil faoi Airteagal 50 de na Rialacháin Foirne, faoi Airteagal 5 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle [], faoi Airteagal 3 de Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 2530/72 ón gComhairle [] nó faoi Airteagal 3 de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 1543/73 ón gComhairle [] agus i gcás báis iaroifigigh a d'fhág an tseirbhís sular shlánaigh sé an aois inphinsin agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin slánaithe.';

    'Entitlement as provided for in the first, second and third paragraphs shall apply in the event of the death of a former official entitled to an allowance under Article 50 of the Staff Regulations, Article 5 of Council Regulation (EEC, Euratom, ECSC) No 259/68 [], Article 3 of Council Regulation (Euratom, ECSC, EEC) No 2530/72 [] or Article 3 of Council Regulation (ECSC, EEC Euratom) No 1543/73 [] and in the event of the death of a former official who left the service before reaching pensionable age and requested that his retirement pension be deferred until the first day of the calendar month following that in which he reached pensionable age.

    Rialachán (AE) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

  11. #603006

    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(8), Airteagal 4(4), Airteagal 5(7), an dara mír d’Airteagal 7, Airteagal 8(3), Airteagal 13(2), nó Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.

    A delegated act adopted pursuant to Articles 3(8), 4(4) and 5(7), the second paragraph of Article 7, Articles 8(3) and 13(2) and Article 15 shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or the Council within a period of two months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.

    Rialachán (AE) Uimh. 1258/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  12. #603198

    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 6(1), an tríú fomhír d’Airteagal 7(1), Airteagal 8(2), an dara fomhír d’Airteagal 9(2), Airteagal 10(5), Airteagal 11(1) agus (3), Airteagal 19 agus Airteagal 30a agus Airteagal 32(2) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne.

    A delegated act adopted pursuant to the third subparagraph of Article 6(1), the third subparagraph of Article 7(1), Article 8(2), the second subparagraph of Article 9(2), Article 10(5), Article 11(1) and (3), Articles 19 and 30a and Article 32(2) shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or the Council within a period of two months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.

    Rialachán (AE) Uimh. 1259/2013 ó Pharlaimint na hEORPA agus ón gCOMHAIRLE an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha

  13. #634448

    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an dara mír d'Airteagal 8 nó d'Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne.

    A delegated act adopted pursuant to the second paragraph of Article 8 or to Article 9 shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or by the Council within a period of two months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.

    Seasamh (AE) Uimh. 3/2014 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal fuaime mhótarfheithiclí agus córais tostaigh athchurtha, ag leasú na Treorach 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE Glactha ag an gComhairle an 20 Feabhra 2014

  14. #635609

    I ndiaidh an vóta sa chruinniú iomlánach, chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta agus é d'aidhm leis an méid sin comhaontú ar an dara léamh a thabhairt i gcrích ar bhonn an tseasaimh ón gComhairle ar an gcead léamh a d'fhéadfadh an Pharlaimint a fhormheas mar sin.

    Following the vote in the plenary, the Parliament and the Council conducted negotiations with the aim of concluding a second-reading agreement on the basis of a Council first-reading position that the Parliament could approve as such.

    Seasamh (AE) Uimh. 3/2014 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal fuaime mhótarfheithiclí agus córais tostaigh athchurtha, ag leasú na Treorach 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE Glactha ag an gComhairle an 20 Feabhra 2014

  15. #643521

    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an dara mír d'Airteagal 8 nó d'Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne.

    A delegated act adopted pursuant to the second paragraph of Article 8 or to Article 9 shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or by the Council within a period of two months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.

    Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  16. #646493

    gnóthais phoiblí de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    public undertakings within the meaning of point (b) of Article 2(1) of Directive 2004/17/EC of the European Parliament and of the Council or bodies governed by public law within the meaning of the second subparagraph of Article 1(9) of Directive 2004/18/EC of the European Parliament and of the Council;

    Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

  17. #646625

    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara mír d'Airteagal 17 Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.

    A delegated act adopted pursuant to the second paragraph of Article 17 shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or the Council within a period of three months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.

    Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

  18. #720195

    Nuair a bheidh sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a bhaint as an gcéad fhomhír nó as an dara fomhír d'Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh.

    When the European Council intends to make use of the first or second subparagraphs of Article 48(7) of the Treaty on European Union, national Parliaments shall be informed of the initiative of the European Council at least six months before any decision is adopted.

    Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (leagan comhdhlúite 2016)

  19. #720608

    Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír sin agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

    Until the entry into force of the decision referred to in the first subparagraph of Article 16(6) of the Treaty on European Union, the Council may meet in the configurations laid down in the second and third subparagraphs of that paragraph and in the other configurations on the list established by a decision of the General Affairs Council, acting by a simple majority.

    Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (leagan comhdhlúite 2016)

  20. #722225

    Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus trí thromlach de na comhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de shé seachtaine óna chomóradh ar bhonn sheasaimh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara léamh.

    The Conciliation Committee, which shall be composed of the members of the Council or their representatives and an equal number of members representing the European Parliament, shall have the task of reaching agreement on a joint text, by a qualified majority of the members of the Council or their representatives and by a majority of the members representing the European Parliament within six weeks of its being convened, on the basis of the positions of the European Parliament and the Council at second reading.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  21. #722550

    Nuair a bheidh sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a bhaint as an gcéad fhomhír nó as an dara fomhír d'Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh.

    When the European Council intends to make use of the first or second subparagraphs of Article 48(7) of the Treaty on European Union, national Parliaments shall be informed of the initiative of the European Council at least six months before any decision is adopted.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  22. #722974

    I gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 283(2) den Chonradh sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Rialaithe, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

    In accordance with the second subparagraph of Article 283(2) of the Treaty on the Functioning of the European Union, the President, the Vice-President and the other members of the Executive Board shall be appointed by the European Council, acting by a qualified majority, from among persons of recognised standing and professional experience in monetary or banking matters, on a recommendation from the Council after it has consulted the European Parliament and the Governing Council.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  23. #723853

    Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír sin agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

    Until the entry into force of the decision referred to in the first subparagraph of Article 16(6) of the Treaty on European Union, the Council may meet in the configurations laid down in the second and third subparagraphs of that paragraph and in the other configurations on the list established by a decision of the General Affairs Council, acting by a simple majority.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  24. #749358

    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.

    A delegated act adopted pursuant to the second subparagraph of Article 16(1) shall enter into force only if no objection has been expressed either by the European Parliament or by the Council within a period of two months of the notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object.

    Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

  25. #810565

    —(1) Más léir don Chomhairle aon uair go bhfuil an cúrsa stuidéir agus na scrúduithe a bheidh le cur de ag duine chun teisteas tástála d'fháil o aon cheann de sna cóluchtaí no de sna coláistí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so gan bheith de shaghas a chuireann in áirithe go mbeidh ag daoine a gheobhaidh an teisteas tástála san an oilteacht agus an t-eolas is gá chun a ngairm do chleachta go héifeachtúil, féadfidh an Chomhairle aithris chúise i scríbhinn fé n-a séala do dhéanamh chun na hArd-Chomhairle á rá san agus cuirfe sí an aithris chúise sin chun an Aire tríd an bpost cláruithe.

    —(1) If at any time it appears to the Council that the course of study and examinations to be gone through to obtain a qualifying diploma from any of the bodies or colleges mentioned in the Second Schedule to this Act are not such as to guarantee the possession by persons obtaining such qualifying diploma of the skill and knowledge requisite for the efficient practice of their profession, the Council may make a representation in writing under its seal to that effect to the Executive Council and shall send by registered post such representation to the Minister.

    Uimhir 25 de 1927: ACHT NA nDOCHTÚIRÍ LEIGHIS, 1927

  26. #821491

    (2) Ní fheidhmeoidh an Chomhairle an chomhacht chun urruithe mar adubhradh ach do réir rúin speisialta sa chéill sin, agus tar éis an rún speisialta san do rith ag cruinniú den Chomhairle foillseofar é aon uair amháin ar a laighead gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i bpáipeur nuachta áitiúil a léightear i mbailecheanntar Bhun Crannaighe agus daingneofar é ag cruinniú eile den Chomhairle a comórfar ceithre lá déag, an tráth is luaithe dhe, tar éis céad-fhoillsiú an rúin sin agus ráithe, an tráth is luaithe dhe, tar éis an chruinnithe ag ar ritheadh an rún.

    (2) The Council shall not exercise the power of guaranteeing as aforesaid save in pursuance of a special resolution to that effect, such special resolution to be passed at one meeting of the Council and published once at least in two successive weeks in a local newspaper circulating in the urban district of Buncrana and confirmed at a second meeting of the Council to be held not less than fourteen days after the first publication of such resolution and not less than three months after the meeting at which the resolution was passed.

    1929-PRA-003

  27. #841311

    —(1) Beidh téarmaí oifige an chéad, an dara, an tríú, an cheathrú agus an chúigiú duine, in ord sinnsearachta, de bhaill ainmnithe na Comhairle caithte le linn na Comhairle do bhunú go buan.

    —(1) The terms of office of the first, second, third, fourth and fifth, in order of seniority of the nominated members of the Council shall expire at the final establishment of the Council.

    Uimhir 36 de 1931: ACHT NA MÁINLIAIGH BEITHÍOCH, 1931

  28. #841313

    (2) Beidh téarmaí oifige uile agus fé seach an tséú, an tseachtú agus an ochtú duine, in ord sinnsearachta, de bhaill ainmnithe na Comhairle caithte fé seach ar chéad, ar dhara agus ar thríú lá cinn bliana buan-bhunú na Comhairle.

    (2) The several terms of office of the sixth, seventh and eighth in order of seniority of the nominated members of the Council shall expire respectively on the first, second, and third anniversaries of the final establishment of the Council.

    Uimhir 36 de 1931: ACHT NA MÁINLIAIGH BEITHÍOCH, 1931

  29. #841345

    (4) Déanfar gach toghachán do bhaill thoghtha den Chomhairle do stiúradh do réir na Rialacha atá curtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir pé rialacha eile (más ann dóibh) ná beidh buiniscionn leo san agus is dóich leis an gComhairle is ceart do dhéanamh.

    (4) Every election of elected members of the Council shall be conducted in accordance with the Rules set forth in the Second Schedule to this Act and such other rules (if any) not inconsistent therewith as the Council shall think proper to make.

    Uimhir 36 de 1931: ACHT NA MÁINLIAIGH BEITHÍOCH, 1931

  30. #841353

    —(1) An ceathrar ball toghtha generálta den Chomhairle toghfar sa chéad thoghachán do bhaill den Chomhairle beid fé seach i seilbh oifige mar bhaill den tsórt san (marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dóibh) ar feadh na dtréimhsí seo leanas ar n-a n-áireamh i ngach cás o bhuan-bhunú na Comhairle, sé sin le rá, beidh an chéad duine do réir sinnsearachta de sna baill sin i seilbh oifige ar feadh cheithre mblian agus beidh an dara duine, an tríú duine agus an ceathrú duine do réir sinnsearachta de sna baill sin i seilbh oifige ar feadh trí mblian, dhá bhlian agus bliana fé seach.

    —(1) The four general elected members of the Council elected at the first election of members of the Council shall (unless they sooner die, resign or become disqualified) respectively hold office as such members for the following periods reckoned in every case from the final establishment of the Council, that is to say, the first in seniority of such members shall hold office for four years, and the second, third and fourth in seniority of such members shall respectively hold office for three years, two years, and one year.

    Uimhir 36 de 1931: ACHT NA MÁINLIAIGH BEITHÍOCH, 1931

  31. #841697

    (3) Déanfaidh an Chomhairle na hainmneacha bheidh sa Chlár de Mháinleagha Beithíoch do chórú i dtrí liostaí mar seo, eadhon, sa chéad liost beidh ainmneacha na ndaoine sin (nách máinleagha beithíoch coigríche) a bheidh cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch chó maith le bheith cláruithe sa chlár, agus sa dara liost beidh ainmneacha na ndaoine sin (nách máinleagha beithíoch coigríche) a bheidh cláruithe sa chlár agus ná beidh cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch, agus sa tríú liost beidh ainmneacha máinleagha beithíoch coigríche, agus féadfaidh an Chomhairle pé méid fo-liostaí is oiriúnach leo do dhéanamh den liost deiridh sin a luaidhtear.

    (3) The Council shall arrange the names contained in the Veterinary Register in three lists, of which the first list shall contain the names of those persons who (not being foreign practitioners) are registered in the general veterinary register as well as in the register, and the second list shall contain the names of those persons who (not being foreign practitioners) are registered in the register and are not registered in the general veterinary register, and the third list shall contain the names of foreign practitioners, and the Council may subdivide the last-mentioned list into such and so many sub-lists as they may think fit.

    Uimhir 36 de 1931: ACHT NA MÁINLIAIGH BEITHÍOCH, 1931

  32. #850113

    (3) Tuigfear an roimh-íoc do bheith íoctha ina dhá leath chothroma leis na Comhairlí Contae fé seach agus déanfar gach ceann den dá leath san den roimh-íoc d'aisíoc agus an t-ús air d'íoc tré sna tráth-choda luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so in aghaidh gach bliana de sna blianta airgeadais a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san d'íoc leis na Coimisinéirí, do réir an ailt seo, an bhliain sin.

    (3) The advance shall be deemed to have been made in equal moieties to the County Councils respectively and each such moiety of the advance shall be repaid and the interest thereon shall be paid by the payment in accordance with this section to the Commissioners in each of the financial years mentioned in the first column of the First Schedule to this Act of the instalments mentioned in the second column of the said Schedule in respect of such year.

    Uimhir 13 de 1932: ACHT BEALAIGH THRAMANNA GAILE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS CHROS BHAILE COIMÍN (TRÉIGEAN), 1932

  33. #854018

    —(1) Déanfaidh an tAire Airgid, sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, deontaisí gurb é a méid iomlán ná suim £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) do dheonadh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do chomhairlí fé seach na gcontacthe agus na mbailecheanntar uile agus ré seach a luaidhtear sa chéad cholún agus sa dara colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so

    —(1) The Minister for Finance shall, in the financial year beginning on the 1st day of April, 1932, make out of moneys provided by the Oireachtas grants amounting in the aggregate to the sum of £250,000 (two hundred and fifty thousand pounds) to the respective councils of the several counties and urban districts specified in the first and second columns respectively of the Schedule to this Act.

    Uimhir 28 de 1932: ACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1932

  34. #869920

    —(1) Déanfaidh an tAire Airgid, sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1933, deontaisí gurb é a méid iomlán ná suim £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) do dheonadh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do chomhairlí fé seach na gcontaethe agus na mbailecheanntar uile agus fé seach a luaidhtear sa chéad cholún agus sa dara colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

    —(1) The Minister for Finance shall, in the financial year beginning on the 1st day of April, 1933, make out of moneys provided by the Oireachtas grants amounting in the aggregate to the sum of £250,000 (two hundred and fifty thousand pounds) to the respective councils of the several counties and urban districts specified in the first and second columns respectively of the Schedule to this Act.

    Uimhir 43 de 1933: ACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1933

  35. #916819

    —Athghairmtear leis seo an méid sin, den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931) , a mhíníonn an abairt “bliain toghacháin” agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le gach comhairle chontae agus le gach coiste talmhaíochta, go mbeidh an bhliain ina mbeidh an lá ceapfar fén Acht so chun toghachán do bhaill den chomhairle sin do chomóradh ina bliain toghacháin chun crícheanna an Sceidil sin agus go mbeidh gach tríú bliain de sna blianta i ndiaidh na bliana san ina bliain toghacháin freisin chun na gcrícheanna san.

    —So much of the Second Schedule to the Agriculture Act, 1931 (No. 8 of 1931), as defines the expression "election year" is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that, in relation to every county council and every committee of agriculture, the year in which the day appointed under this Act for the holding of an election of members of such council occurs shall be an election year for the purposes of the said Schedule and every third successive year after that year shall also be an election year for the said purposes.

    Uimhir 14 de 1937: ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1937

  36. #922032

    (3) Gach rún a rithfidh comhairle chontae no chontae-bhuirge fén alt so, bhéarfar éifeacht dó tré pháipéar ainmniúcháin a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh séaluithe le séala na comhairle sin agus do bhéarfar don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no cuirfear chuige tríd an bpost.

    (3) Every resolution passed under this section by the council of a county or a county borough shall be given effect to by means of a nomination paper in the form set out in the Second Schedule to this Act sealed with the seal of such council and delivered or sent by post to the presidential returning officer.

    Uimhir 32 de 1937: ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937

  37. #947147

    (2) Ní dhéanfaidh an Chomhairle an chomhacht urraíochta d'fheidhmiú mar adubhradh ach de bhun rúin speisialta, sa chéill sin, ar n-a rith ag cruinniú den Chomhairle agus ar n-a fhoillsiú uair amháin ar a laighead gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i bpáipéar nuachta áitiúil a léightear i gContae Chiarraighe agus ar n-a dhaingniú ag cruinniú eile den Chomhairle ar n-a chomóradh ceithre lá déag, ar a luaithe, tar éis an rúin sin d'fhoillsiú den chéad uair agus trí mhí, ar a luaithe, tar éis an chruinnithe ag ar ritheadh an rún.

    (2) The Council shall not exercise the power of guaranteeing as aforesaid save in pursuance of a special resolution to that effect, such special resolution to be passed at one meeting of the Council and published once at least in two successive weeks in a local news paper circulating in the County Kerry and confirmed at a second meeting of the Council to be held not less than fourteen days after the first publication of such resolution and not less than three months after the meeting at which the resolution was passed.

    Uimhir 3 (Príobháideach) de 1940: ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN (Uimh. 2), 1940

  38. #949642

    (2) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfaidh gach comhairle chontae agus gach cólucht toghaidhe comhachta agus feidhmeanna agus dualgaisí na comhairle sin no an chóluchta san (más ann dóibh), maidir le gach ní fé leith dhíobh san uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, d'fheidhmiú agus do chólíonadh iad féin.

    (2) Subject to the provisions of the next preceding sub-section of this section, every council of a county and every elective body shall directly exercise and perform the powers, functions, and duties (if any) of such council or body in relation to each of the several matters mentioned in the Second Schedule to this Act.

    Uimhir 12 de 1940: ACHT UM BAINISTÍ CHONTAE, 1940

  39. #949644

    (3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis, a ordú, le hordú, go ndéanfar comhachta agus feidhmeanna agus dualgaisí gach comhairle contae no aon chomhairle contae áirithe no gach cóluchta thoghaidhe d'aicme áirithe no aon chóluchta thoghaidhe áirithe, i dtaobh éinní luadhfar san ordú san (nach ní a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so), d'fheidhmiú agus do chólíonadh ag an gcomhairle sin féin no ag an gcólucht san féin, do réir mar a bheidh.

    (3) Save as is otherwise provided by this section, the Minister, whenever he so thinks proper, may by order direct that the powers, functions, and duties of every or of any particular council of a county or of every elective body of a specified class or of any particular elective body in relation to any matter specified in such order (not being a matter mentioned in the Second Schedule to this Act) shall be exercised and performed directly by such council or such body, as the case may be.

    Uimhir 12 de 1940: ACHT UM BAINISTÍ CHONTAE, 1940

  40. #950379

    (2) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle do shocrú le móráireamh de vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás có-ionannas vótanna, beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach na Comhairle, no ag cathaoirleach an chruinnithe sin i gcás gan cathaoirleach na Comhairle do bheith i láthair.

    (2) Every question at a meeting of the Council shall be determined by a majority of the votes of the members present and voting on the question, and in the case of an equal division of votes, the chairman of the Council or, if he is not present, the chairman of such meeting shall have a second or casting vote.

    Uimhir 13 de 1940: ACHT UM INSTITIÚID ARD-LÉIGHINN, 1940

  41. #970041

    (2) Is dleathach do na Comhairlí gach duine fé leith de dhílseánaigh na dtailte luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do shaoradh o na rátaí siltin uile bheidh dlite no ag teacht chun bheith dlite do na Comhairlí ón dílseánach san, maidir lena chuid-sean de na tailte sin, ar dháta aistrithe an chéanna chun Comhairle an Chláir.

    (2) It shall be lawful for the Councils to release each of the proprietors of the lands described in the Second Schedule to this Act from all drainage rates due or accruing due to the Councils by such proprietor in respect of his portion of the said lands at the date of the conveyance thereof to the Clare Council.

    Uimhir 13 de 1943: ACHT SILTIN CHEANNTAR NA FORGHASA, 1943

  42. #970043

    (3) Is dleathach do Chomhairle an Chláir gach duine fé leith de shealbhairí na dtailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis seo do shaoradh ón ráta dealbhais uile bheidh dlite no ag teacht chun bheith dlite don Comhairle sin ón sealbhaire sin, maidir lena chuid-sean de na tailte sin, ar dháta aistrithe an chéanna chun na Comhairle sin, agus chun na críche sin is dleathach don Chomhairle sin gach cion-roinnt riachtanach do dhéanamh ar an ráta dealbhais i gcás aon ghabháltais rátuithe áirithe ná beidh ach cuid de isna tailte sin.

    (3) It shall be lawful for the Clare Council to release each of the occupiers of the lands described in the Second Schedule hereto from all poor rate due or accruing due to the said Council by such occupier in respect of his portion of the said lands at the date of the conveyance thereof to the said Council, and for that purpose it shall be lawful for the said Council to make all requisite apportionments of poor rate where portion only of a rated holding is included in the said lands.

    Uimhir 13 de 1943: ACHT SILTIN CHEANNTAR NA FORGHASA, 1943

  43. #970045

    (4) Nuair a bheidh na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so aistrithe chun Comhairle an Chláir, beid ina gcuid d'oibreacha siltin Cheanntar na Forghasa agus féadfaidh na Comhairlí iad d'úsáid mar thaisc-iomar tuile no chun aon chríche eile bhainfidh le hoibriú no cothabháil na n-oibreacha siltin sin.

    (4) The lands described in the Second Schedule to this Act, when conveyed to the Clare Council shall form part of the drainage works of the Fergus District and may be used by the Councils as an overflow reservoir or for any other purpose connected with the working or maintenance of the said drainage works.

    Uimhir 13 de 1943: ACHT SILTIN CHEANNTAR NA FORGHASA, 1943

  44. #970047

    (5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú no arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha, maidir le Comhairle an Chláir do thógaint go héigeanta oiread de na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná tógfar tré chó-aontú agus, chun críche na feidhme sin, is tuigthe gurb iad Comhairle an Chláir bunathóir an ghnóthais.

    (5) Sections 69 to 83 of the Lands Clauses Consolidation Act, 1845, as amended or adapted by or under subsequent enactments shall apply to the compulsory acquisition by the Clare Council of so much of the lands described in the Second Schedule to this Act as is not acquired by agreement and for the purpose of such application the Clare Council shall be deemed to be the promoter of the undertaking.

    Uimhir 13 de 1943: ACHT SILTIN CHEANNTAR NA FORGHASA, 1943

  45. #970051

    —(1) Má dhéanann Comhairle an Chláir na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do thógaint fén Acht so féadfaidh an tAire pé suim, nach mó ná dhá mhíle agus cúig céad punt agus a mheasfaidh is ceart, d'íoc leis an gComhairle sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

    —(1) If the Clare Council acquires under this Act the lands described in the Second Schedule to this Act, the Minister may pay to that Council out of moneys provided by the Oireachtas such sum, not exceeding two thousand five hundred pounds, as he shall think proper.

    Uimhir 13 de 1943: ACHT SILTIN CHEANNTAR NA FORGHASA, 1943

  46. #970053

    (2) An t-airgead uile íocfaidh an tAire le Comhairle an Chláir fén alt so úsáidfidh an Chomhairle sin é mar rann-íoc i leith an phraghais íocfaidh an Chomhairle sin as na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar iad do thógaint fén Acht so.

    (2) All money paid to the Clare Council by the Minister under this section shall be applied by that Council as a contribution towards the price paid by the said Council for the lands described in the Second Schedule to this Act on the acquisition thereof under this Act.

    Uimhir 13 de 1943: ACHT SILTIN CHEANNTAR NA FORGHASA, 1943

  47. #1001265

    (2) Cinnfear gach ceist ag cruinniú den Chomhairle le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist, agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe, ach amháin nuair is é toghadh cathaoirligh na Comhairle a bheas i gceist.

    (2) Every question at a meeting of the Council shall be determined by a majority of the votes of the members present and voting on the question, and, in case of an equal division of votes, the chairman of the meeting shall have a second or casting vote, save where the question is the election of the chairman of the Council.

    Uimhir 25 de 1946: AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946

  48. #1040335

    —(1) Féadfaidh an Chomhairle daoine, nach comhaltaí den Chomhairle, a cheapadh chun cuairteanna a thabhairt ar áiteanna ina dtugtar teagasc do mhic léinn míochaine i ndáil le haon chúrsa staidéir faoi stiúradh aon chomhluchta nó coláiste a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht.

    —(1) The Council may appoint persons, not being members of the Council, to visit places where instruction is given to medical students in connection with any course of study under the direction of any body or college mentioned in the Second Schedule to The Principal Act.

    Uimhir 29 de 1951: ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1951

  49. #1143262

    (3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair is toghadh cathaoirleach na Comhairle a bheidh i gceist.

    (3) Every question at a meeting of the Council shall be determined by a majority of the votes of the members present and voting on the question and, in case of an equal division of votes, the chairman of the meeting shall have a second or casting vote save where the question is the election of the chairman of the Council.

    Uimhir 21 de 1961: AN tACHT UM CHÓNAIDHMEADH AGUS CÓNASCADH OSPIDÉAL, 1961

  50. #1335639

    —Bainfidh ailt 8 (2), 8 (3), 12, 14, 18, 19, 20, 21, 22, 23 agus 24 den Acht seo, agus bainfidh Rialacha 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 18 agus 19 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, leis an mBord agus chun na críche sin forléireofar aon tagairt sna hailt sin agus sna Rialacha sin don Chomhairle mar thagairt don Bhord agus forléireofar aon tagairt iontu d'Uachtarán nó do Leas-Uachtarán na Comhairle mar thagairt do Chathaoirleach nó do Leas-Chathaoirleach an Bhoird, de réir mar a bheidh.

    —Sections 8 (2), 8 (3), 12, 14, 18, 19, 20, 21, 22, 23 and 24 of, and Rules 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 18 and 19 of the Second Schedule to, this Act shall apply to the Board and for this purpose any reference in these sections and Rules to the Council shall be construed as a reference to the Board and any reference therein to the President or Vice-President of the Council shall be construed as a reference to the Chairman or Vice-Chairman of the Board, as the case may be.

    Uimhir 4 de 1978: ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978