#518667
(7) Maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha tríú tír, agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gcomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála lena n-áirítear an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil i Seirbhísí, níor cheart cinntí lena gcinntear go bhfuil córais dlí tríú tír coibhéiseach le córais dlí an Aontais, a ghlacadh ach amháin má fhorálann córas dlí an tríú tír do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do na contrapháirtithe lárnacha sin atá údaraithe faoi chórais dlí eachtracha i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta rialála agus na caighdeáin a leagadh amach ag an G20 i mí Mheán Fómhair 2009 maidir leis an trédhearcacht i margaí na ndíorthach a fheabhsú, an riosca sistéamach a mhaolú, agus cosaint a chur ar fáil ar dhrochúsáid margaidh.
(7) With regard to the recognition of third-country CCPs, and in accordance with the Union’s international obligations under the agreement establishing the World Trade Organisation, including the General Agreement on Trade in Services, decisions determining third-country legal regimes as equivalent to the legal regime of the Union should be adopted only if the legal regime of the third country provides for an effective equivalent system for the recognition of CCPs authorised under foreign legal regimes in accordance with the general regulatory goals and standards set out by the G20 in September 2009 of improving transparency in the derivatives markets, mitigating systemic risk, and protecting against market abuse.